Ag Feidhmiú mar Ghníomhaire nó Idirghabhálaí

Baineann ionramháil CBL le haghaidh gníomhairí agus idirghabhálaithe ar chineál na seirbhísí a sholáthraíonn siad dá bpríomhaithe, agus i go leor cásanna, ar chineál na soláthairtí a dhéanann na príomhaithe sin. Leagtar na cásanna éagsúla amach thíos ina bhfuil na gníomhairí agus idirghabhálaithe freagrach as CBL, lena n-áirítear an reachtaíocht bhainteach agus na sainmhínithe a úsáideadh chun an reachtaíocht seo a léamh. Is réimse an-teicniúil dlí CBL é seo, agus mura bhfuil tú cinnte faoin ionramháil, ba chóir duit dul i dteagmháil le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim i do cheantarsa.

Reachtaíocht

Seo a leanas an reachtaíocht a rialaíonn ionramháil CBL le haghaidh gníomhairí agus idirghabhálaithe:

  • Alt 3(1)(aa), 3(4), 5(4); 5(6)(a), 5(6)(e), 5(6)(f)(iii), 5(6)(g)(i)(II), 5(6)(ii) agus
  • Alt (ix), (xi) agus (xviiib) an 1d Sceideal;
  • Alt (vi) an 2a Sceideal;
  • Alt (vii) an 4ú Sceideal;
  • Alt (xxvi) an 6ú Sceideal

den Acht Cánach Breisluacha, 1972;

Agus Airteagal 44 de Treoir an AE 2006/112/EC maidir le Cáin Bhreisluacha.

Sainmhínithe

Is idirghabhálaí é gníomhairí chun críche CBL a fheidhmíonn in ainm agus thar ceann duine eile chun earraí nó seirbhísí a eagrú.

Is idirghabhálaí é aon duine a fheidhmíonn chun aon idirbheart nó aon idirghníomhaíocht a éascú idir dhá pháirtí. Chun críche ionramhála CBL le haghaidh gníomhaireachta, baineann tagairtí d'idirghabhálaí le haon idirghabhálaí atá ag feidhmiú in ainm agus thar ceann aon cheann de na páirtithe eile.

Feidhmíonn an gníomhairí nó an t-idirghabhálaí in ainm agus thar ceann an phríomhaí.

Tá ar an bpríomhaí Coimisiún a íoc don ghníomhairí nó don idirghabhálaí as seirbhísí a dhéantar in ainm agus thar ceann an phríomhaí. Ach, úsáidtear an téarma seo go forleathan maidir le haon íocaíocht a dhéantar d'idirghabhálaí as aon seirbhís, agus níor chóir a thuiscint gur cur síos cinnte é ar chaidreamh gníomhaireachta.

Anailís

Tá an reachtaíocht a bhaineann le CBL leagtha amach (oiread agus is féidir) d'fhonn nach bhfuil an príomhaí níos measa as de bharr go bhfuil sé ag feidhmiú trí ghníomhaireacht. Baineann sé seo leis an ualach riaracháin atá i gceist le CBL a éileamh ar ais chomh maith, go háirithe ar mhaithe le príomhaithe atá bunaithe lasmuigh den Stát. Chun na críche sin, rinneadh foráil sa reachtaíocht chun an ráta nialasach a chur i bhfeidhm ar chuid mhaith de na seirbhísí a sholáthraíonn gníomhaireachtaí in Éirinn do phríomhaithe bunaithe lasmuigh den Stát (féach tábla thíos).

Ní féidir comhaontú gníomhaireachta a bheith ann chun críche CBL mura bhfuil trí pháirtí páirteach ann – an príomhaí, an gníomhaire nó an t-idirghabhálaí, agus tríú páirtí. Chomh maith leis sin, ní mór don ghníomhaire nó don idirghabhálaí déileáil leis an tríú páirtí in ainm agus thar ceann an phríomhaí. Nuair a dhéantar plé ar ghníomhairí nó idirghabhálaithe san Acht Cánach Breisluacha, tá comhaontú gníomhaireachta den sórt seo i gceist leis.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mbaintear úsáid fhorleathan as na téarmaí 'gníomhaire', 'príomhaí' agus 'coimisiún' san earnáil tráchtála, agus d'fhéadfadh go bhfuil níos mó i gceist leo i gcomparáid leis an sainmhíniú atá orthu sa reachtaíocht a bhaineann le CBL. Tá sé riachtanach socruithe conarthacha agus gníomhaíochtaí an idirghabhálaí/an ghníomhaire a chur faoi chaibidil i ngach aon chás. i

Sa chás go soláthraíonn duine, ar a dtugtar gníomhaí nó idirghabhálaí, seirbhísí do phríomhaí, ach i rith sholáthar na seirbhísí seo:

  • dhéanann sé soláthar earraí nó seirbhísí idir an tríú páirtí agus an príomhaí a eagrú; agus/nó
  • fheidhmíonn sé in ainm agus thar ceann an phríomhaí agus é ag déileáil le tríú páirtí d'fhonn earraí nó seirbhísí a eagrú;

ní dhéantar plé ar an tseirbhís seo faoi na forálacha speisialta san Acht Cánach Breisluacha a bhaineann le gníomhaireachtaí nó idirghabhálaithe. Sa chás seo, gearrfar cáin ar na seirbhísí seo de réir na ngnáthrialacha a bhaineann le soláthraithe seirbhísí (i.e. áit an tsoláthair ar chuir an soláthraí a g(h)nólacht ar bun). Mar shampla, nuair a dhéanann gníomhaire in Éirinn custaiméirí a fhoinsiú, nó nuair a sholáthraíonn sé seirbhísí margaíochta/fógraíochta do phríomhaí lasmuigh den Stát, ach ní théann an gníomhaire sin i dteagmháil leis na custaiméirí sin agus déanann an príomhaí gach teagmháil tráchtála leo.

Chomh maith leis sin, nuair a fheidhmíonn duine, ar a dtugtar gníomhaire nó idirghabhálaí, thar ceann príomhaí ach ina ainm féin chun earraí nó seirbhísí a sholáthar do thríú páirtí, caithfear leis an ngníomhaire nó idirghabhálaí féin mar phríomhaí chun críche CBL, agus ní mór dó/di CBL a chur san áireamh ar a c(h)uid soláthairtí mar is iomchuí. Uaireanta, tugtar 'gníomhairí neamhluaite' ar ghníomhairí a fheidhmíonn ar an mbonn seo.

Forálacha Dlíthiúla

  1. De réir Alt 5(5) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 (arna leasú), is é áit an tsoláthair an áit ar chuir an duine a sholáthraíonn na seirbhísí a ghnólacht ar bun. Tá sé seo ar aon dul le hAirteagal 43 de Threoir 2006/112/EC maidir le Cáin Bhreisluacha [in ionad Airteagal 9(1) de 6ú Treoir an AE maidir le Cáin Bhreisluacha].
  2. De réir Alt 5(6)(f)(iii) den Acht, is é áit an tsoláthair ballstát eile an Aontais Eorpaigh sa chás go soláthraíonn idirghabhálaí, ag feidhmiú in ainm agus thar ceann duine eile, seirbhísí d'fhonn seirbhísía eagrú [1], do dhuine cláraithe le haghaidh CBL; .i. tá feidhm ag an ráta nialasach CBL sa chás go ndéanann an t-idirghabhálaí soláthar don phríomhaí.
    Ina theannta sin, baineann sé le seirbhísí idirghabhálaí a ghlacann páirt in earraí a iompar idir ballstáit an AE nó gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhaineann leis an iompar seo, agus nach bhfuil curtha san áireamh de réir Alt 5(6)(gg) – féach 4 thíos.
  3. De réir Alt (vii) de 4ú Sceideal an Achta, is é áit an tsoláthair an áit a bhfaightear an tseirbhís sa chás go bhfeidhmíonn idirghabhálaí in ainm agus thar ceann príomhaí chun aon seirbhísí luaite sa 4ú Sceideal a sholáthar, de réir gnáthrialacha an 4ú Sceideal; .i. tá feidhm ag an ráta nialasach CBL sa chás go ndéanann idirghabhálaí soláthar do phríomhaí atá cláraithe le haghaidh CBL i mballstát eile an Aontais Eorpaigh.
  4. De réir Alt 5(6)(gg) den Acht, meastar gur é áit an tsoláthair an áit a dtarlaíonn an t-idirbheart bunúsach sa chás go soláthraíonn idirghabhálaí, atá ag feidhmiú in ainm agus thar ceann duine eile, seirbhísí do phríomhaí i dtaca le socrú chun earraí a sholáthar [2], cé acu an bhfuil an príomhaí sin cláraithe le haghaidh CBL nó nach bhfuil. Mar gheall air seo, dá soláthrófaí na hearraí in Éirinn, bheadh ar an idirghabhálaí CBL Éireannach a ghearradh.
  5. De réir Alt 5(6)(g)(i)(II) den Acht, is é áit an tsoláthair an áit as a n-imíonn na hearraí sa chás go soláthraíonn idirghabhálaí, atá ag feidhmiú in ainm agus thar ceann duine eile, seirbhísí do dhuine nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL a bhaineann le hiompar earraí a eagrú idir ballstáit an AE.
  6. De réir Alt 5(6)(g)(ii) den Acht, is é áit an tsoláthair an áit a ndéantar seirbhísí an idirghabhálaí a sholáthar sa chás go soláthraíonn idirghabhálaí, atá ag feidhmiú in ainm agus thar ceann duine eile, seirbhísí do dhuine nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL a bhaineann le seirbhísí [3] a eagrú.
  7. De réir Alt 3(4) agus Alt 3(1)(aa), is soláthar chun críche CBL é nuair atá earraí ceannaithe agus díolta ag ceantálaí nó gníomhaire. i.e. caitear leis an gceantálaí nó gníomhaire mar phríomhaí i leith dhíolachán na n-earraí.

Áit an tSoláthair agus Ráta CBL

Tugann an tábla thíos breac-chuntas ar shonraí maidir le háit an tsoláthair i dtaca le seirbhísí idirghabhálaí nó gníomhaire, agus an ráta CBL a bhaineann le gach seirbhís.

Tábla 1

Rátaí CBL curtha i bhfeidhm ar sheirbhísí a sholáthraíonn gníomhairí nó idirghabhálaithe atá ag feidhmiú in ainm agus thar ceann príomhaithe:

Rátaí CBL curtha i bhfeidhm ar sheirbhísí a sholáthraíonn gníomhairí nó idirghabhálaithe atá ag feidhmiú in ainm agus thar ceann príomhaithe:
Cineál Seirbhíse Díolmhaithe 4.8% 0% 13.5% 21%
Gníomhaire eastáit[1] X
Gníomhaire taistil X
Gníomhaire i leith seirbhísí díolmhaithe airgeadais [2] X
Gníomhaire árachais X
Gníomhaire i leith ór infheistíochta a sholáthar[3] X
Gníomhaire i leith talamh thalmhaíochta a dhíol X
Gníomhaire i leith beostoc a dhíol X
Gníomhaire i leith saothair ealaíne a dhíol X
Gníomhaire Imréitigh Chustaim i leith earraí a iompórtáil / easpórtáil X
Gníomhairí easpórtála X
Gníomhaire i leith torthaí talmhaíochta [4] X X X X X

1 Inchánach sa chás go bhfuil an réadmhaoin suite. Ní gá CBL Éireannach a íoc nuair atá an réadmhaoin suite taobh amuigh den Stát.

2 Seirbhísí áirithe bainistíochta agus cosanta eisiata – féach Alt (ix) an 1d Sceideal.

3 Is féidir leis an ngníomhaire an díolúine a tharscaoileadh, agus bheadh feidhm ag an ngnáthráta sa chás sin.

4 Measta chun earraí a cheannach agus a dhíol – baineann ráta na n-earraí le seirbhísí an ghníomhaire cheannaigh chomh maith.

Tábla 2

Áit an tSoláthair seirbhísí a sholáthraíonn gníomhaire nó idirghabhálaí atá ag feidhmiú in ainm nó thar ceann príomhaí.

Seirbhísí curtha ar fáil ag Idirghabhálaí/Gníomhaire (Bunaithe in Éirinn) Príomhaí Éireannach atá Cláraithe le haghaidh CBL Príomhaí Éireannach nach bhfuil Cláraithe le haghaidh CBL A.E. Príomhaí atá Cláraithe le haghaidh CBL i mBallstát eile A.E. Príomhaí nach bhfuil Cláraithe le haghaidh CBL Príomhaí nach de chuid an A.E. é/í
Eagrú Seirbhísí Éire Éire An Ballstát eile Éire Éire
Soláthar Earraí in Éirinn a Eagrú Éire Éire Éire * Éire * Éire *
Iompar earraí idir ballstáit an A.E. agus/nó gníomhaíochtaí coimhdeacha a eagrú (agus páirt a ghlacadh ann san áireamh) Éire Áit imeachta na n-earraí An Ballstát eile Áit imeachta na n-earraí Áit imeachta na n-earraí
Seirbhísí Coimhdeacha Iompair a eagrú i dtaca le hiompar earraí idir ballstáit an A.E. Éire Áit a gcomhlíontar seirbhísí iompair An Ballstát eile Áit a gcomhlíontar seirbhísí iompair Áit a gcomhlíontar seirbhísí iompair
Easpórtáil earraí a eagrú Éire, ach tá feidhm ag an ráta nialasach Éire, ach tá feidhm ag an ráta nialasach Éire, ach tá feidhm ag an ráta nialasach Éire, ach tá feidhm ag an ráta nialasach Éire, ach tá feidhm ag an ráta nialasach
Seirbhísí an 4ú sceideal a Sholáthar Éire Éire An ballstát eile (Rialacha an 4ú Sceideal) Áit chónaithe má bhaineann sé le gnólacht, Éire i ngach cás eile (Rialacha an 4ú Sceideal Áit bhunaíochta, nó chónaithe má bhaineann sé le gnólacht, Éire i ngach cás eile (Rialacha an 4ú Sceideal
Seirbhísí a bhfuil baint acu le réadmhaoin Áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe Áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe Áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe Áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe Áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe
Earraí Díolta ag Ceantálaí/Gníomhaire Measta mar phríomhshuim. Tá feidhm ag na gnáthrialacha maidir le soláthar earraí Measta mar phríomhshuim. Tá feidhm ag na gnáthrialacha maidir le soláthar earraí Measta mar phríomhshuim. Tá feidhm ag na gnáthrialacha maidir le soláthar earraí Measta mar phríomhshuim. Tá feidhm ag na gnáthrialacha maidir le soláthar earraí Measta mar phríomhshuim. Tá feidhm ag na gnáthrialacha maidir le soláthar earraí

D'fhéadfadh go mbeadh ar an bpríomhaí clárú le haghaidh CBL in Éirinn dá mbeadh úsáid bainte as na hearraí a fuair sé/sí chun críche gnó.

[1] Seachas seirbhísí a sholáthraíonn idirghabhálaí i rith aon seirbhís an 4ú Sceideal a sholáthar (féach 3 thuas)

[2] Seachas nuair a ghlacann idirghabhálaí páirt in earraí a iompar idir ballstáit an A.E. nó i ngníomhaíochtaí coimhdeacha i dtaca leis an iompar seo. Baineann seirbhísí den chineál seo do príomhaí atá cláraithe le haghaidh CBL le hAlt 5(6)(f)(iii) (féach 2 thuas) agus is é áit an tsoláthair an áit a bhfuil an príomhaí cláraithe. Féach 5 thuas le haghaidh tuilleadh eolais maidir le seirbhísí a sholáthar do dhuine nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL).

[3] Seachas seirbhísí idirghabhálaí i leith iompar earraí idir ballstáit an A.E. a eagrú (féach 5 thuas); nó i leith aon seirbhís an 4ú Sceideal a sholáthar (féach 3 thuas).


Leagan furasta le priontáil