Caife, súnna, sneaiceanna, srl. a dhíol le hithe san áitreabh nó ar do chois

Tá ráta nialasach CBL i gceist le soláthar earraí áirithe bia agus dí le n-ithe ar do chois. Bia fuar, cosúil le ceapairí agus iógairt, agus bainne agus deochanna eile bunaithe ar bhainne san áireamh. Nuair a dhíoltar na hearraí bia nó dí seo le n-ithe in áitreabh siopa caife nó scroidchuntair, caithfear CBL ar an ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm orthu. Ní mór CBL ar an ráta laghdaithe a ghearradh ar bhia te chomh maith, mar shampla, ar tae, caife, agus táirgí bácúis, cosúil le cácaí agus brioscaí nach bhfuil seacláid orthu, cé acu an raibh siad díolta le n-ithe san áitreabh nó ar do chois. De ghnáth, cuirtear an gnáthráta CBL i bhfeidhm ar dheochanna, mhilseogra agus bhlastóga eile.


Leagan furasta le priontáil