Do Ghnólacht a Dhíol

De ghnáth, ní gá CBL a íoc ar dhíolachán gnólachta. Tá sé seo beartaithe chun go mbeidh sé níos éasca do dhuine gnólacht a tháthcheangal agus ionas nach mbeidh ar an gceannaitheoir suim mhór CBL a íoc ar shócmhainní an ghnólachta. Cé go mbeadh an ceannaitheoir in ann an CBL seo a éileamh ar ais, tá sé níos fearr nuair nach gcaithfear í a íoc ar an gcéad dul síos! De réir an dlí, ní soláthairtí iad na rudaí seo a leanas chun críche CBL:

  • úinéireacht earraí a aistriú;
  • i gcúrsa gnólacht nó cuid de ghnólacht a aistriú;
  • Ó dhuine amháin atá cláraithe le haghaidh CBL do dhuine eile atá cláraithe le haghaidh CBL chomh maith.

Tá forálacha cosúla i bhfeidhm maidir le cáilmheas nó sócmhainní doláimhsithe eile a aistriú nó a dhíol.

Tá sé tábhachtach d'aon duine atá ag ceannach gnólachta nó coda de shócmhainní gnólachta a chinntiú nach ngearrtar aon CBL. Má tá CBL luaite ar shonrasc an díoltóra, ba chóir don cheannaitheoir dul i dteagmháil le hOifig Áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim chun a chinntiú go bhfuil sé seo ceart sa chás sin. Má íocann ceannaitheoir CBL do dhíoltóir go mícheart, ní bheidh sé in ann an tsuim sin a éileamh ar ais tríd an tuairisceán CBL, de bharr go mbeadh sé measta nár titeadh aon soláthar amach.

Féach ar threoir chuimsitheach maidir leis na ceisteanna CBL a bhaineann le gnólacht a aistriú nó a dhíol.

Seo a leanas roinnt ceisteanna coitianta, agus freagraí gairide orthu ( D'fhéadfadh aon díolachán nó idirbheart cosúil eile a bheith i gceist le 'haistriú'):

An bhfuil díolachán gnólachta faoi chuimsiú an ráta nialasaigh ach amháin sa chás go bhfuil sé á dhíol mar ghnóthas leantach?

Níl sé riachtanach go n-aistrítear an gnólacht mar ghnóthas leantach. D'fhéadfadh nach mbeadh an gnólacht ag trádáil a thuilleadh sula n-aistreofaí é, nó d'fhéadfadh an ceannaitheoir na sócmhainní a úsáid chun tús a chur le cineál gnó eile tar éis an aistrithe. Caithfidh an ceannaitheoir úsáid a bhaint as na hearraí nó seirbhísí soláthartha chun críche gnólacht inchánach, áfach, agus ní féidir leis iad a athdhíol go díreach.

An gcaithfear an gnólacht ina iomlán nó sócmhainní an ghnólachta ar fad a aistriú ag an am céanna?

Ní gá na sócmhainní ar fad a aistriú ag an am céanna. Ach, caithfear na hearraí agus seirbhísí atá aistrithe a bheith ina meascán sócmhainní a bheidh ar a chumas a bheith fóinteach don cheannaitheoir chun críche a ghnólachta, agus caithfidh go mbeidh sé beartaithe go n-úsáidfear chun críche an ghnólachta iad. Chomh maith leis sin, caithfidh an meascán sócmhainní a bheith mar ghnóthas nó mar chuid de ghnóthas a fhéadfaidh a fheidhmiú ar bhonn neamhspleách. Nuair a aistrítear aon sócmhainn amháin, cosúil le gléasra nó innealra, tuigtear gur díolachán simplí atá ann agus beidh sé faoi réir CBL.

An bhfuil feidhm ag an díolúine ó CBL sa chás go bhfuil gnólacht nó cuid de ghnólacht duine Éireannaigh inchánaigh á aistriú chuig duine inchánach i mballstát eile an Aontais Eorpaigh?

Níl, níl feidhm ag an díolúine ach amháin ar chuntar go bhfuil an díoltóir agus an ceannaitheoir cláraithe le haghaidh CBL in Éirinn. Bheadh gach aon chuid den soláthar seo faoi dhliteanas CBL ar bhonn leithleach. Mar shampla, is soláthar earraí idir ballstáit an A.E. é stoc nó trealaimh a sholáthar do chuideachta eile atá cláraithe le haghaidh VAT i mballstát eile, is seirbhís an 4ú Sceideal é soláthar na gceart chun ainm cuideachta a úsáid, agus araile.

Más láithreán nó foirgneamh é an t-aon sócmhainn atá ag cuideachta, an mbeadh feidhm ag an díolúine ó CBL ar aistriú an láithreáin nó an fhoirgnimh sin?

Ní bhaineann an faoiseamh ó CBL ach le soláthairtí a dhéantar le linn gnólacht nó cuid de ghnólacht, a d'fhéadfadh a fheidhmiú ar bhonn neamhspleách, a aistriú. Ní soláthar den chineál seo é láithreáin nó foirgnimh fholmha a dhíol, agus beidh siad faoi dhliteanas CBL faoi réir na ngnáthrialacha réadmhaoine.

Sa chás go n-aistríonn comhpháirtí i gcomhpháirtíocht a scair na comhpháirtíochta chuig tríú páirtí, a bheidh ina gcomhpháirtí in éineacht leis an gcomhpháirtí eile dá bharr, an mbeidh aistriú na scaire seo faoi chuimsiú an ráta nialasaigh CBL?

Is aistriú gnólachta é sa chás go n-éiríonn comhpháirtí amháin as an gcomhpháirtíocht agus díolann sé a scair chuig comhpháirtí nua, agus ní bheidh an t-aistriú seo faoi dhliteanas CBL. Sa chás go bhfuil réadmhaoin ar seilbh ag beirt, tuigtear gur aistriú gnólachta é chomh maith nuair a dhíolann úinéir amháin a scair sa réadmhaoin agus níl an t-aistriú faoi dhliteanas CBL.

An dtuigtear gur aistriú gnólachta atá i gceist le haistriú ceadúnais amháin do theach tábhairne (.i. níl aon sócmhainn eile á haistriú in éineacht leis), agus an gá CBL a íoc air?

Go teicniúil, ní cháileodh na cineálacha aistrithe seo de bharr nach gnóthas nó cuid de ghnóthas é an ceadúnas a d'fhéadfadh a fheidhmiú ar bhonn neamhspleách; ní hé an ceadúnas ach cead chun teach tábhairne ceadúnaithe a reáchtáil. Mar sin féin, tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta déileáil le díolachán nó aistriú ceadúnais do theach tábhairne ó dhuine inchánach do dhuine inchánach eile mar aistriú gnólachta, agus ní bheidh sé faoi dhliteanas CBL dá bharr.


Leagan furasta le priontáil