Ceisteanna Coitianta

N.B Cuirfidh na ceisteanna coitianta seo in iúl cleachtais na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le hábhair ar leith. De bharr an líon rudaí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar chúrsaí cánacha, áfach, ba cheart teagmháil a dhéanamh le d’oifig cánach áitiúil roimh aon chinneadh a dhéanamh ar féidir leis tionchar a imirt ar do stádas cánach.

Tá teach nua tógtha agam sa ghairdín. An gá dom CBL a ghearradh nuair atá an teach á dhíol agam?

Is gá ... má thógann tú teach i do ghairdín le rún é a dhíol, is gá duit CBL ag ráta 13.5% a ghearradh ar an díolachán. Ba cheart clárú don CBL roimh thosnú ar an tionscadal chun go mbeidh tú i dteideal an CBL a tabhaíodh ar na costais tógála a fháil ar ais. Más rud é gur tógadh an teach le rún é a ligean ar cíos ní bheidh tú i dteideal an CBL a tabhaíodh ar na costais tógála a fháil ar ais, agus ní ghearrfear CBL ar bith ar an gcíos (féach thíos). É sin ráite, fiú amháin más rud é go raibh sé ar intinn agat ó thús an teach a ligean ar cíos, má dhíolann tú an teach taobh istigh de thréimhse cúig bliana ónar críochnaíodh an obair tógála air, tá sé d’oibleagáid ort CBL a ghearradh ar an díolachán. Sa chás seo, beidh tú i dteideal choigeartaithe in-asbhainteachta a fháil a chlúdóidh méid áirithe den CBL a tabhaíodh ar na costais tógála ag am an díolacháin.

Roimh Aibreán 2007, dá dtógfá teach le rún é a ligean ar cíos, bhí an rogha agat clárú le haghaidh CBL, éileamh d’aisíoc na CBL ar na costais tógála a dhéanamh, agus CBL a ghearradh ar an gcíos. Níl an rogha seo ar fáil a thuilleadh de bharr athraithe sa reachtaíocht.

Le do thoil, bíodh a fhios agat chomh má dhíolann tú fiú píosa de do ghairdín do thógálaí le go dtógfaidh sé nó sí foirgneamh san áit, ní ghearrfar CBL ar bith ar dhíolachán an tsuímh.

Chláraigh mé le haghaidh CBL chun teach/árasán a bhí á ligean amach ar cíos agam do thionóntaí a cheannach nó a thógáil. Mura bhfuil tionónta ar bith agam an gá dom an clárúchán le haghaidh CBL a chealú agus an CBL a aisíoc do na Coimisinéirí Ioncaim?

Roimh Aibreán 2007, an té a bhí ar intinn aige maoin chónaithe a ligean ar cíos bhí sé i dteideal clárú le haghaidh CBL agus éileamh d’aisíoc na CBL ar an bhfoirgneamh nó ar cheannach na maoine a dhéanamh. Sa chás seo, ní mór CBL a ghearradh ar an gcíos, agus ar aon díolachán den mhaoin a tharlaíonn ina dhiaidh sin. Más rud é go raibh maoin den chineál seo á ligean amach ar cíos agat, agus tarlaíonn go bhfuil deacrachtaí agat anois tionóntaí a mhealladh, fan cláraithe le haghaidh CBL i gcónaí, agus lean ort ag cur isteach tuairisceáin CBL, d’ainneoin gur tuairisceáin neamhní iad. Ba cheart na rudaí seo a leanas a thabhairt faoi deara:

  • Má ligean tú an mhaoin do dheartháir, dheirfiúr, pháiste, chlann clainne, thuismitheoir nó sheantuismitheoir (nó do "dhaoine bainteacha" áirithe eile) beidh d’oibleagáid ort an cíos a shocrú ag leibhéal a chinnteoidh go n-aisíocfar an glanmhéid CBL taobh istigh de 12 bhliain ónar cheannaigh tú an mhaoin. Mura ndéantar é seo, cuirfear an díolúine ar CBL a tharscaoileadh ar ceal láithreach agus beidh an glanmhéid CBL a bhaintear le haisíoc.
  • Má dhíolann tú an mhaoin, ní mór duit cuntas a thabhairt don CBL gnóthaithe ón díolachán. Má theastaíonn uait tú féin a ‘dí-chlárú’ le haghaidh CBL roimh an díolacháin chun é seo a sheachaint, ceanglófar ort glanmhéid an CBL a athgnóthaíodh roimhe sin a aisíoc.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil