Aisíocaíochtaí do Dhaoine Neamhchláraithe
- Réamheolas agus fiosrúcháin
- Cuideachtaí eachtracha a íocann CBL na hÉireann
- Rátáil nialasach seirbhísí arna soláthar do thrádálaithe eachtracha (CBL 60A Nós imeachta)
- Foirgnimh agus struchtúir feirme, siltean talún agus míntíriú talún
- Soithí agus trealamh iascaireachta mara
- Díosal muirí
- CBL arna mhuirearú ag custam ar an láthair allmhairithe
- Soithí, trealamh, srl. le haghaidh tarrthála ar muir
- Daoine faoi Mhíchumas
- Daoine faoi mhíchumas - Áiseanna agus Fearais
- Radiónna do na daill
- Carbháin chónaithe agus tithe soghluaiste
- Cuideachtaí Éireannacha a chuireann seirbhísí áirithe ar fáil lasmuigh den Stát
- Cóistí Turasóireachta
- Trealamh deonta leighis
- Trealamh Deonta Taighde
- Earraí daonnúla
- Ór infheistíochta
- Breis eolais
Réamheolas agus fiosrúcháin
Leagan an bhileog eolais seo amach na scéimeanna éagsúla atá ann chun CBL a aisíoc do dhaoine nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL sa Stát.
Ach amháin sa chás ina sonraítear a mhalairt sna míreanna seo a leanas, ba chóir gach éileamh agus aon fhiosrú maidir le haisíocaíochtaí do dhaoine neamhchláraithe a dhéanamh le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Aisíocaíochtaí Neamhchláraithe CBL, 3ú hÚrláir, Teach na hAbhann, Duga Ché Charlotte, Luimneach. (Íosghlao 1890 252449 nó 00353 61 212799, Facsáil 00353 61 402125, r-phost unregvat@revenue.ie). Ar an dóigh chéanna, mura sonraítear a mhalairt, is féidir na foirmeacha éilimh ar fad a luaitear sa bhileog seo a fháil ón Oifig, arna n-iarraidh, nó iad a íoslódáil ón roghchlár Foirmeacha CBL ar an suíomh Gréasáin.
Cuideachtaí eachtracha a íocann CBL na hÉireann
Is é an seasamh ginearálta, de réir téarmaí na Treorach um CBL ón AE 2008/9/CEE nó an Triú Treoir Déag ón gComhairle, ná gur féidir le duine atá i mbun gnó lasmuigh den Stát, agus nach bhfuil i mbun gnó laistigh den Stát, aisíocaíocht ar CBL na hÉireann a éileamh ar an chuid is mó de na ceannacháin ghnó a dhéanann sé nó sí in Éirinn.
Gnóthaí bunaithe i mBallstáit eile den AE
Athraíodh an córas i gcomhair Trádálaithe cláraithe san AE le héifeacht ón dáta 01/01/2010 ar aghaidh
Tháinig reachtaíocht shuntasach ón AE (Treoir 2008/9/CEE ón gComhairle) in éifeacht an 1 Eanáir 2010. Ar an dáta seo, tugadh isteach nós imeachta aisíocaíochta leictreonaice CBL nua ar fud an AE le haghaidh gach éilimh a dhéanann trádálaithe atá bunaithe laistigh den AE. Feidhmíonn seo faoi réir Treorach 2006/112/AE ón gComhairle. Ní ghlacfaidh Údaráis Ioncaim agus Chánach de chuid Bhallstát eile an AE le hiarratais pháipéir i ndiaidh 1ú Eanáir 2010. Tá an nós imeachta leasaithe mar seo a leanas:
Má tá do ghnó bunaithe i mBallstát eile den AE.,
- Ón dáta 01/01/2010 ar aghaidh, ní ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le hiarratais pháipéir ar aisíocaíocht CBL.
- Caithfidh tú iarratas leictreonach ar aisíocaíocht CBL a chur isteach chuig Údarás Cánach an Bhallstáit sin seachas go díreach chuig na Coimisinéirí Ioncaim mar a dhéantar faoi láthair.
- Ní mór do na hearraí/seirbhísí is cúis leis an éileamh bheith ina n-earraí/seirbhísí óna mbainfí CBL dá mba rud é go rachadh an t-éilitheoir i mbun gnó in Éirinn, agus níor chóir earraí atá le soláthar laistigh den Stát a chur san áireamh.
Ceisteanna Coitianta ginearálta
De réir Rialacha Nua CBL laistigh den Chomhphobal maidir leis an Áit a Sholáthraítear Seirbhísí a tugadh isteach an 1 Eanáir 2010, gearrtar cáin ar formhór na soláthairtí seirbhísí Gnó go dtí Gnó nuair is féidir an faighteoir a shuíomh (aisiompú muirir). Le haghaidh eisceachtaí agus tuilleadh eolais féach Bileog Eolais na gCoimisinéirí Ioncaim: Rialacha Nua CBL laistigh den Chomhphobal maidir leis an Áit a Sholáthraítear Seirbhísí
Gnóthaí bunaithe lasmuigh den AE
Leanfar ar aghaidh ag déileáil le héilimh a bhaineann leis an Triú Treoir Déag (éilimh ó dhaoine inchánacha bunaithe lasmuigh den AE) ar an gcuma chéanna.
Na príomh-choinníollacha a rialaíonn aisíocaíocht:
- Sa chás go mbíonn an t-éilitheoir i mbun gnó lasmuigh den Aontas Eorpach, ní mór dó/di cruthúnas ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a chur ar fáil i scríbhinn arna eisiúint ag an údarás inniúil ina Stát féin;
- Ní mór do na hearraí/seirbhísí is cúis leis an éileamh bheith ina n-earraí/seirbhísí i leith go mbainfí cáin dá mba rud é go rachadh an t-éilitheoir i mbun gnó in Éirinn, agus níor chóir earraí atá le soláthar laistigh den Stát nó mótarfheithiclí le fruiliú nó le húsáid laistigh den Stát a chur san áireamh.
- Ní mór don ghnó ar ar ceannaíodh na hearraí/seirbhísí ar a shon bheith ina ghnó a bheadh inchánaithe dá sheolfaí in Éirinn é;
- Déantar iarratas ar aisíocaíocht ar
Fhoirm CBL 60OEC
(PDF, 71KB)- Iarratas ar aisíocaíocht Cháin Bhreisluach (CBL) ó dhuine inchánach nach
bhfuil bunaithe in Éirinn (13ú Treoir);
Ní mór éilimh ar aisíocaíocht a thaisceadh faoi cheann sé mhí ó dheireadh na bliana ina mbíonn an cáin íoctha inmhuirir.
Rátáil nialasach seirbhísí arna soláthar do thrádálaithe eachtracha (CBL 60A Nós imeachta)
Ó 1 Eanáir 2010, de réir rialacha nua maidir leis an áit a sholáthraítear seirbhísí, is féidir cáin a ghearradh ar an gcuid is mó de na seirbhísí a chuireann soláthraithe Éireannacha ar fáil do thrádálaithe eachtracha inchánaithe laistigh den AE ar bhonn mhuirir aisiompaithe, agus dá bhrí sin níl na seirbhísí seo faoi réir CBL na hÉireann. De réir na rialacha nua, níl soláthar seirbhísí ó chustaiméirí Gnó go dtí Gnó lasmuigh den AE faoi dhliteanas CBL na hÉireann. Chun tuilleadh eolais a fháil féach Bileog Eolais na gCoimisinéirí Ioncaim: Rialacha Nua CBL laistigh den Chomhphobal maidir leis an Áit a Sholáthraítear Seirbhísí.
Is féidir le trádálaithe eachtracha a bhaineann leas as seirbhísí inchánacha ó thrádálaithe Éireannacha ar bhonn rialta agus leanúnach iarratas a dhéanamh faoiseamh a fháil ó CBL ar na seirbhísí sin. Ar an dóigh seo, seachnaítear an riachtanas iarratas a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le haisíocaíochta CBL.
Déantar iarratas le haghaidh faoisimh ar
Fhoirm
CBL 60A (PDF, 144KB) - Iarratas ó Thrádálaí Eachtrach nach
bhfuil bunaithe in Éirinn le haghaidh faoisimh ó Cháin Bhreisluacha (CBL)
ar mhuirir do Sheirbhísí arna soláthar ag Soláthraí/Soláthraithe Éireannach(a).
Ní mór do Thrádálaithe atá bunaithe i mBallstát den AE teastas stádais
inchánaithe a chur isteach lena n-iarratais ag daingniú go bhfuil siad
cláraithe le haghaidh CBL i mBallstát eile den AE. Ní mór do Thrádálaithe
atá bunaithe lasmuigh den AE cruthúnas de ghníomhaíocht gheilleagrach a
thabhairt eisithe ag an údarás inniúil ina Stát féin.
Tá an faoiseamh seo faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúil. Go ginearálta, cuirtear ar fáil é agus bíonn sé bailí ar feadh tréimhse dhá bhliain, ach is féidir athnuachan a dhéanamh air ar iarratas. Níl feidhm aige i dtaca le soláthairtí earraí inchánaithe.
Foirgnimh agus struchtúir feirme, siltean talún agus míntíriú talún
Féadfaidh feirmeoirí nach bhfuil cláraithe i gcomhair CBL éileamh a dhéanamh
ar an CBL a d'íoc siad i ndáil le tógáil, síneadh, athrú nó atógáil foirgneamh
agus struchtúr feirme nó i ndáil le siltean talún agus míntíriú talún. Ba chóir
éilimh ar aisíochtaí den sórt sin a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 58 (PDF, 170KB) - Éileamh ó Fheirmeoir Neamhchláraithe le haghaidh
Aisíocaíochta Cháin Bhreisluacha (CBL) de réir an Ordaithe Cánach Breisluacha
1993 (Aisíoc Cánach) (Uimh. 25).
Tá feirmeoirí cláraithe le haghaidh CBL maidir lena gcuid fála laistigh den Chomhphobal nó seirbhísí áirithe a fuarthas ón gcoigrích i dteideal aisíocaíochta ar an gcuma chéanna ach ní mór dóibh an aisíocaíocht seo a éileamh mar asbhaint nó mar shochar ionchurtha ina dtuairisceáin CBL.
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Soithí agus trealamh iascaireachta mara
Dlitear CBL ar cheannach, fáil laistigh den Chomhphobal, allmhairiú, fruiliú, cothabháil agus deisiú soithí iascaireachta farraige nach mó ná 15 tonna a olltonnáiste. Is féidir le hiascaire neamhchláraithe aisíoc CBL den sórt sin a éileamh ar choinníoll go bhfuair an soitheach i gceist deontas nó iasacht ón mBord Iascaigh Mhara.
Chomh maith leis sin, is féidir le hiascaire neamhchláraithe aisíoc CBL a éileamh ar cheannach, fáil laistigh den Chomhphobal, allmhairiú, fhruiliú, chothabháil agus ar dheisiú trealaimh iascaireachta sonraithe. Mura mbíonn an soitheach a bhfuil an trealaimh beartaithe dó níos mó ná 15 tonna (olltonnáiste), leagtar síos an coinníoll go bhfuair an soitheach i gceist deontas nó iasacht ón mBord Iascaigh Mhara. Is féidir aisíoc i leith trealaimh do shoitheach níos mó ná 15 tonna (olltonnáiste) a éileamh cibé an bhfuair nó nach bhfuair an soitheach i gceist deontas nó iasacht.
Is trealamh iascaireachta sonraithe na nithe seo a leanas:
- Ancairí, uathphíolótaí, pumpaí ruma agus deice, baoithe agus bullaí, compáis, craenacha, graif mhacalla, sondálaithe fuaime, gléasanna giniúna leictreacha, boscaí éisc, iasc-aimsitheoirí, ciseáin éisc, báid agus raftaí tarrthála, soilse muirí, innill mhuirí, drumaí eangaí, tarlóirí eangaí, sondálaithe eangaí, gairis radair, gairis chúnta radloingseoireachta, radaiteileafóin, gléasra cuisniúcháin, doirse tráil, crocha tráil agus crangaidí.
Ba chóir iarratas ar aisíoc a dhéanamh ar Fhoirm CBL 58A ar fáil ón bPríomh-Oifig Aisíocaíochta, M: Foirgneamh TEK II, Bóthar Ard Mhacha, Muineachán (Teileafón. 00353 47 62100) agus ba chóir an t-iarratas a sheoladh ar ais chuig an seoladh céanna. Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Ní dhéantar foráil ar bith d'fhaoisimh ar threalamh eile nó ar ábhair a ceannaíodh chun deisiú nó obair chothabhála a dhéanann iascaire neamhchláraithe é féin nó aon duine neamhchláraithe eile a chur i gcrích.
Díosal muirí
Is féidir le hiascaire aisíoc CBL a éileamh ar cheannach, fáil laistigh den Chomhphobal nó allmhairiú díosail mhuirí dó. Chomh maith leis sin, is féidir le hiascairí cláraithe le haghaidh CBL agus le hiascairí neamhchláraithe araon cáin ola mianra ar dhíosail muirí den sórt sin a fháil ar ais. Ba chóir éilimh ar aisíocaíocht CBL agus cháin ola mianra a dhéanamh ar Fhoirm éilimh C & E No. 1131/VAT 5813, ar féidir a fháil ón Oifig Cheantair Ioncaim áitiúil nó ón bPríomh-Oifig Aisíocaíochta. Ba chóir éilimh ar aisíochaíocht a chur isteach chuig an bPríomh-Oifig Aisíocaíochta, M: Foirgneamh TEK II, Bóthar Ard Mhacha, Muineachán (Teileafón. +353 47 62100).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach má bhaineann an t-éileamh. Ní mór éilimh aisíocaíochta ar cháin ola mianra a dhéanamh maidir le hola mianra faoi cheann thréimhse nach lú ná mí amháin agus nach mó ná sé mhí fhéilire í. Is í an teorainn ama le héilimh ar cháin ola mianra ceithre mhí i ndiaidh deireadh na tréimhse éilithe. Ach amháin i gcásanna eisceachtúla, ní íocfar aon éileamh a dhéantar lasmuigh den teorainn ama sonraithe.
CBL arna mhuirearú ag custam ar an láthair allmhairithe
Is féidir leis an bPríomh-Oifig Aisíocaíochta, M: aisíoc CBL arna mhuirearú ag allmhairiú a dhéanamh áit nach bhfuil an CBL dlite go dlíthiúil, m.sh. CBL a ró-íocadh de bharr mí-áirimh. Foirgneamh TEK II, Bóthar Ard Mhacha, Muineachán (Teileafón. 00353 47 62100).
Ní mór an t-iarratas a chur isteach ar dtús chuig an gCeantar Ioncaim áitiúil áit ar muirearú an CBL.
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Soithí, trealamh, srl. le haghaidh tarrthála ar muir
Is féidir le grúpaí cáilitheacha CBL tábhaithe a fháil ar ais ar eisíocaíochtaí
a rinneadh ar soithí tarrthála muirí beaga (15 tonna olltonnáiste nó níos lú),
trealamh coimhdeach agus foirgnimh bháid speisialta a úsáidtear go heisiatach
i ndáil le tarrthála nó le cúnaimh mhuirí nó le traenáil a thugtar do dhaoine
chun críocha cosúla. Ba chóir éileamh ar aisíocaíocht a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 70 (PDF, 84KB) - Éileamh ar aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha
(CBL) ar Bhád Tarrthála Muirí nó ar Bhád/Trealamh/Teach Bád de réir an Ordaithe
Cánach Breisluacha 1985 (Aisíoc Cánach) (Uimh. 18).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Daoine faoi Mhíchumas
Is féidir aisíocaíocht ar CBL íoctha a éileamh i leith feithiclí a úsáidfidh (a) daoine faoi mhíchumas trom agus buan ar tiománaithe nó paisinéirí iad, nó (b) eagraíochtaí a dhéanann daoine faoi mhíchumas trom agus buan a iompar. Chomh maith leis sin, foráiltear le haghaidh aisíocaíochta, agus is gcásanna áirithe, loghadh Cánach Cláraithe Feithiclí maidir le feithiclí den sórt sin.
Is féidir foirmeacha iarratais agus fógraí poiblí maidir leis an bhfaoiseamh seo a fháil ónbPríomh-Oifig Aisíocaíochtaí , M: Foirgneamh TEK II, Bóthar Ard Mhacha, Muineachán (Teileafón. 00353 47 62100).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Daoine faoi mhíchumas - Áiseanna agus Fearais
Is féidir le daoine faoi mhíchumas CBL a fháil ar ais ar áiseanna agus fearais
áirithe. I gcúinsí áirithe, tá an faoiseamh ar fáil freisin do dhaoine nach
daoine faoi mhíchumas iad féin ach a cheannaíonn earraí dá leithéid lena dtabhairt
do dhuine ar leith atá faoi mhíchumas. Ba chóir iarratais ar aisíocaíocht a
dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 61A (PDF, 127KB) - Éileamh ar aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha
(CBL) inmhuirearaithe ar áiseanna agus fearais chun úsáide Daoine Faoi Mhíchumas
de réir an Ordaithe Cánach Breisluacha 1981 (Aisíoc Cánach) (Uimh. 15).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Radiónna do na daill
Is féidir le hinstitiúid nó cumann atá mar chuspóir príomhúil aige feabhas
a chur ar chaighdeán maireachtála na ndall aisíocaíocht na CBL íoctha a éileamh
ar cheannach nó ar allmhairiú gléasanna raidió atá beartaithe le haghaidh úsáide
na ndall. Ba chóir iarratais ar aisíocaíocht a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 59 (PDF, 119KB) - Éileamh ó Institiúid/Cumann arAisíocaíocht
Cháin Bhreisluacha (CBL) íoctha i leith gairis glactha craolachán radió beartaithe
le haghaidh úsáide na ndall de réir míre 20(2) den Acht um Cháin Bhreisluacha
1972.
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Carbháin chónaithe agus tithe soghluaiste
Is féidir CBL a fháil ar ais a sháraíonn an ráta
caighdeánach a íocadh ar sholáthar nó ar allmhairiú carbháin, tí soghluaiste,
nó foirgnimh chosúil, ceannaithe ag duine mar áit chónaithe nó, i gcás údaráis
áitiúil, a ligeadh mar áit chónaithe. Ba chóir iarratais ar aisíocaíocht
a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 62 (PDF, 70KB).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Cuideachtaí Éireannacha a chuireann seirbhísí áirithe ar fáil lasmuigh den Stát
I gcúinsí áirithe, is féidir le duine a dhéanann gnó laistigh den Stát, ach
nach soláthraíonn earraí nó seirbhísí sa Stát, aisíocaíocht CBL in-asbhainteach
a éileamh d’eisíocaíocht ar earraí nó seirbhísí. Mar shampla, d’fhéadfadh banc
nó cuideachta árachais Éireannach a sholáthraíonn seirbhísí lasmuigh den AE
- seirbhísí atá neamh-inchánach sa tír seo - bheith i dteideal faoisimh a éileamh
mar ghnó ‘eachtrach’. Ba chóir iarratais ar aisíocaíocht a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 60E (PDF, 138KB) - Éileamh ar aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha
(CBL) ó Dhuine Neamhchláraithe atá bunaithe sa Stát i leith eisíocaíochta ar "Ghníomhaíochtaí
Cáilitheacha".
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Cóistí Turasóireachta
Faoi réir choinníollacha áirithe, is féidir le daoine atá i mbun gnó iompair
thurasóirí de bhóthar ar luaíocht, de réir chonarthaí iompair ghrúpaí, CBL
tabhaithe a fháil ar ais ar cheannach, fáil laistigh den Chomhphobal, léas
nó fruiliú cóistí turasóireachta. Ba chóir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh
ar
Fhoirm
CBL 71 (PDF, 67KB) - Éileamh ar aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha
(CBL) ar Chóistí Turasóireachta áirithe de réir an Ordaithe Cánach Breisluacha
1996 (Aisíoc Cánach) (Uimh. 28) (arna leasú).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Trealamh deonta leighis
Is féidir le hospidéil nó le deontóirí, nuair is cuí sin, agus faoi réir choinníollacha áirithe, CBL tabhaithe a éileamh ar cheannach nó ar allmhairiú uirlisí agus fearais leighis (gan chóir iompair a chur san áireamh), a cheannaítear de thairbhe tabhartais shaorálacha. Is gá do na huirlisí agus don fhearais na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- Luach de €25,390 nó níos mó (ar leith ó cháin) a bheith acu,
- a bheith deartha agus monaraithe le haghaidh úsáide i dtaighde leighis nó i ndiagnóis, i ngalarchosc nó i gcóireáil in aghaidh galair amháin,
- nach soláthraíonn an Stát, comhlach Stáit nó aon údarás poiblí nó áitiúil, go díreach nó go hindíreach aon pháirt de na cistí a úsáidtear chun na hearraí a cheannach, agus
- faoi réir mholadh ón Aire Sláinte agus Leanaí, agus ag féachaint do riachtanais sheirbhísí sláinte an Stáit, má mheastar go mbeadh aisíocaíocht chánach iomchuí.
Ba chóir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 72 (PDF, 527KB) - Éileamh ar Aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha
(CBL) ar Uirlisí agus Fearais Leighis áirithe de réir an Ordaithe Cánach
Breisluacha 1992 (Aisíoc Cánach) (Uimh. 23).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Trealamh Deonta Taighde
Is féidir le hinstitiúid taighde nó ollscoil, scoil nó aon chomhlacht oideachais chosúil atá gafa le taighde leighis i saotharlann, aisíocaíocht CBL tabhaithe a éileamh i leith cheannaigh nó allmhairithe aon uirlis nó fearas nua (gan chóir iompair a chur san áireamh), a cheannaítear de thairbhe tabhartais shaorálacha, Is gá do na huirlisí agus don fhearais na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- Luach de €25,390 nó níos mó (ar leith ó cháin) a bheith acu,
- a bheith deartha agus monaraithe le haghaidh úsáide i dtaighde leighis,
- nach soláthraíonn an Stát, comhlach Stáit nó aon údarás poiblí nó áitiúil, go díreach nó go hindíreach aon pháirt de na cistí a úsáidtear chun na hearraí a cheannach, agus
- faoi réir mholadh ón mBord Taighde Sláinte, agus ag féachaint do riachtanais taighde sláinte sa Stát, má mheastar go mbeadh aisíocaíocht chánach iomchuí.
Ba chóir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 72A (PDF, 115KB) - Éileamh ar Aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha
(CBL) ar Fhearas Taighde Leighis áirithe de réir Ordaithe Cánach Breisluacha
1995 (Aisíoc Cánach) (Uimh. 27).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Earraí daonnúla
Is féidir le heagraíochtaí daonchairdiúla CBL íoctha a fháil ar ais ar sholáthar nó allmhairiú isteach sa Stát d’earraí a onnmhairítear nó a ath-onnmhairítear le haghaidh úsáide i ngníomhaíochtaí daonnúla, carthanachta nó teagaisc na n-eagraíochtaí sin thar lear.
Ba chóir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 73 (PDF, 128KB) - Éileamh ar Aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha
(CBL) ar Earraí Daonnúla le haghaidh onnmhairithe de réir an Ordaithe Cánach
Breisluacha 1987 (Aisíoc Cánach) (Uimh. 21).
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Ór infheistíochta
Áit a ndéantar soláthairtí díolmhaithe d’ór infheistíochta, is féidir CBL tabhaithe a fháil ar ais, i gcúinsí áirithe, ar sholáthar, phróiseáil, chlaochlú agus ar na hearraí agus seirbhísí atá bainteach le táirgeadh an óir nó lena chlaochlú go hór infheistíochta.
Ba chóir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 6A (PDF, 157KB) - Éileamh ar Aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha
(CBL) tabhaithe ar ór de réir Ailt 6A, an tAcht um Cháin Bhreisluacha 1972.
Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach faoi cheann cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach dá mbaineann an t-éileamh.
Breis eolais
Ba cheart fiosrúcháin i leith aon ábhair sa Bhileog Eolais seo a dhíriú chuig an gCeantar Ioncaim atá freagrach as gnóthaí an cháiníocóra. Tá sonraí teagmhála na gCeantar Ioncaim ar fad le fáil ar an Leathanach Sonraí Teagmhála.
An Brainse Léirmhínithe CBL,
An Rannán Cánach Indírí,
An Foirgneamh Stampála
Caisleán Bhaile Átha Cliath.
June 2010
