Ceisteanna Coitianta ar Cháin Chláraithe Feithiclí (CCF)
- Cad is CCF ann?
- Cathain nach mór dom clárú?
- Cén áit a chláróidh mé?
- Cad a tharlaíonn mura féidir liom m’fheithicil a chlárú?
- Cad a tharlaíonn má dhéanaim dearmad clárú laistigh den teorainn 30-lá?
- Cad é an córas aicmithe feithiclí leasaithe chun cuspóirí CCF ón 1 Eanáir 2011?
- Cheap mé go raibh CCF mídhleathach de réir dhlí an AE.
- Conas a dhéantar CCF a ríomh?
- Cén chaoi a bhfaighidh mé amach cé mhéad CCF a bheidh le híoc agam mura bhfuil m’fheithicil ar an Áireamhán CCF?
- Cad is CO2 ann?
- Cén tionchar a bheidh ag an gcóras CCF, atá bunaithe ar CO2, ormsa má theastaíonn uaim carr athláimhe a cheannach?
- Má tá an fhaisnéis astúcháin CO2 ag na Coimisinéirí Ioncaim ar a láithreán gréasáin cén fáth gur gá dom í a chur ar fáil?
- Cad a tharlóidh má tá an fhaisnéis astúcháin CO2 ar mo dhoiciméadúchán éagsúil ón méid atá ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim?
- Cad a tharlaíonn má cheannaím allmhaire Sheapánach athláimhe? An ngearrfar cáin orm bunaithe ar CO2?
- Conas is féidir liom rátáil CO2 ar allmhaire Sheapánach a fháil?
- Cad a tharlaíonn sa chás gur cláraíodh an carr arna allmhairiú ón tSeapáin roimh 2003?
- Cad a tharlaíonn sa chás go dteastaíonn uaim carr athláimhe Seapánach a allmhairiú ar bhonn príobháideach gan gníomhaire nó ceannaitheoirí a úsáid?
- Cad a tharlaíonn sa chás go dteastaíonn uaim carr athláimhe a allmhairiú ó thíortha eile nach bhfuil san AE?
- Cad a tharlaíonn sa chás go dteastaíonn uaim carr athláimhe arna dhéanamh roimh 1997 a allmhairiú agus níl sonraí ar leibhéal na n-astúchán CO2 sa doiciméadúchán?
- An mbeidh tionchar ag astúcháin CO2 ó mo charr ar mo mhótarcháin?
- Cá bhfaighidh mé doiciméadú tacaíochta a dhearbhaíonn astúcháin CO2 ó charr athláimhe a cheannaítear sa RA?
- Cén ráta CCF a íocfaidh mé?
- Céard a tharlóidh más mian liom gluaisteán atá níos sine ná 30 bliain d’aois, ar a dtugtar feithicil "seanré" de ghnáth, a chlárú?
- Mura féidir liom doicimeádú ar leibhéil CO2 maidir le mo charr a fháil, cén fáth a ngearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim CCF 36% orm?
- An bhfuil íosmhéid CCF inmhuirir?
- Conas a íocaim?
- An féidir liom luacháil fheithicil a achomharc chuig na Coimisinéirí Ioncaim?
- Measaim go bhfuil m’fheithicil díolmhaithe ó CCF - cad a dhéanfaidh mé?
- Cheap mé go raibh orm clárú in Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim - cén fáth go gcaithfidh mé é a dhéanamh i lárionad den STNG?
- Cén cineál scrúdaithe a dhéantar i lárionad STNG? Cén doiciméadú a theastaíonn uaim maidir leis an bhfeithicil?
- Cén doiciméadú a theastaíonn uaim agus mé ag clárú?
- Cathain a bhfaighidh mé mo Dheimhniú Cláraithe?
- Cad is Formheas Cineáil ann?
- Cad é Deimhniú Comhréireachta agus cathain a bhíonn sé ag teastáil?
- Conas a bheidh a fhios agam cé mhéad CO2 a astaíonn mo charr?
- Is féidir liom scagaire a chur ar mo charr chun na hastúcháin CO2 a laghdú. An féidir an CCF a laghdú dá bharr seo?
- Cén fáth go dteastaíonn sonrasc ceannaigh uaim agus carr á chlárú agam?
- Ceannach príobháideach a bhí ann agus níl sonrasc agam.
- Ní féidir liom an dáta ar thug mé an carr isteach sa tír a chruthú. Cad a tharlaíonn ansin?
- An gá dom aitheantas pearsanta a chur ar fáil sa lárionad STNG chun feithicil a chlárú?
- Cén fáth go bhfuil aitheantas ag teastáil uaim?
- Mura bhféadaim mo charr a thabhairt go dtí an lárionad STNG, an féidir liom iarraidh ar dhuine eile é a thabhairt ann i m’ionad?
- Cad a tharlaíonn má theipeann ar an gcarr sa tástáil?
- Cathain an bhféadaim uimhirphlátaí a fháil?
- Cad é an leagan séanta le haghaidh uimhirphlátaí?
- Feicim daoine a bhfuil cineálacha/stíleanna difriúla uimhirphlátaí acu. An bhféadfaidh mé a leithéid sin a chur in áit gnáthphlátaí?
- Ba mhaith liom uimhir a chur in áirithe don bhliain seo chugainn. Conas is féidir liom é a dhéanamh?
- An féidir liom uimhir fhéinoiriúnaithe a úsáid mar a dhéantar sa RA?
- Tá mé i ndiaidh carr athláimhe seanré a cheannach sa RA. An féidir liom an seanuimhir a choinneáil?
- Cheannaigh mé carr sa RA agus d’íoc mé CBL ansin. Anois táthar ag iarraidh orm CBL a íoc in Éirinn. Cén fath?
- Cén tionchar atá ag riocht an chairr ar CCF?
- Cén fáth go bhfuil an míleáiste ag teastáil?
- An bhfuil aon chúinsí ann nuair nach gá dom (mar chónaitheoir sa stát) m’fheithicil a chlárú?
- Cad é ‘díolúine shealadach’?
- Tá mé díreach tagtha ar ais go hÉirinn i ndiaidh bliain thar lear. An bhfuil mo charr díolmhaithe ó CCF?
- Oibrím go rialta i mBéal Feirste. An gá dom mo charr a chlárú anseo?
- Conas a bheidh a fhios agam más ‘gnáthchónaitheoir’ in Éirinn mé
- Thug aintín liom a fuair bás i Sasana a carr dom. An gá dom CCF a íoc?
- Nuair a cheannaím carr nua ó dhíoltóir carranna, ní iarrtar orm CCF a íoc. Cén fáth? Nach bhfuil aon CCF ar charranna nua?
- Cheannaigh mé cuadrothar feirme le déanaí. An féidir liom é a chlárú?
- Cén fáth go bhfuil líon mór daoine ag tiomáint i gcarranna a cláraíodh thar lear?
- Táim ag dul ag cónaí sa RA agus ag tabhairt mo charr liom. An bhféadfaidh mé CCF a éileamh ar ais?
- Cheannaigh mé carr le déanaí agus dhíscríobh mé é i dtimpiste bóthair. An bhféadfaidh mé CCF a éileamh ar ais?
- Cathain atá CBL dlite ar fheithicil?
- Cad é feithicil sa Chatagóir A?
- Cad é feithicil sa Chatagóir B?
- Cad é feithicil sa Chatagóir C?
- Cad é feithicil sa Chatagóir D?
- Cad é feithicil sa Chatagóir M?
- Cad is feithicil i gCatagóir M1 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir M2 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir M3 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir N1 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir N2 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir N3 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir L1e ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir L2e ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir L3e ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir L4e ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir L5e ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir L6e ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir L7e ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir T1 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir T2 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir T3 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir T4 ann?
- Cad is feithicil i gCatagóir T5 ann?
- Cad is Mótarcharbháin/Mótarbhailte?
- Cad is feithicil leictreach ann?
- Cloisim go bhfuil faoiseamh CCF le fáil ar fheithicil leictreach. An bhfuil sé sin fíor?
- An bhfuil aon díolúintí eile ann d’fheithiclí leictreacha?
- Cad é feithicil leictreach hibrideach?
- Cad é feithicil breosla solúbtha?
- Cad é feithicil leictreach hibrideach plugála?
Cad is CCF ann?
Tá Cáin Chláraithe Feithiclí inmhuirir ar chlárú mótarfheithiclí sa Stát. Caithfear gach mótarfheithicil sa Stát, seachas cinn atá tugtha anseo go sealadach ag cuairteoirí, a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Caithfidh feithicil a bheith cláraithe sula ndéanfar í a cheadúnú le haghaidh cáin bóthair, agus níl cead ag cónaitheoir Stáit, ach amháin in imthosca eisceachtúla, feithicil neamhchláraithe a thiomáint.
Cathain nach mór dom clárú?
Chun feithicil neamhchláraithe (nó feithicil a cláraíodh roimhe seo lasmuigh den Stát) a chlárú, ní mór duit coinne a dhéanamh leis an STNG taobh istigh de 7 lá ó tugadh isteach sa Stát í le go ndéanfar tástáil reamhchlárúcháin uirthi. Ní mór duit an próiseas cláraithe a chomhlánú agus CCF a íoc ag an lárionad STNG laistigh de 30 lá ó tháinig an fheithicil isteach sa Stát. Tá tuilleadh eolais faoi conas an tástáil a chur in áirithe ar fáil ar láithreán gréasáin na STNG ar www.ncts.ie/vrt.html
.
Muirear Breise arna Ghearradh ag na Coimisinéirí Ioncaim sa chás nach gCláraítear Feithicil taobh istigh de 30 lá.
Cuirtear ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim le hAlt 62 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 muirear breise a ghearradh ar chlárú i gcás ina bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim den tuairim nár cláraíodh an fheithicil laistigh den teorainn shonraithe 30 lá. Is iondúil go dtagann sé seo chun cinn sa chás nach gcuirtear fianaise dhoiciméadach shásúil ar fáil nuair atá an fheithicil á clárú.
Ba chóir ceisteanna ar bith a bhaineann le muirear breise a ghearrtar le linn cláraithe a sheoladh chuig an rannóg um Cháin Chláraithe Feithiclí laistigh de do cheantar áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tabhair faoi deara nach láimhseálfar ceisteanna a bhaineann le muirear breise mura gcuirtear fianaise dhoiciméadach ar fáil a chruthaíonn an dáta a tháinig an fheithicil isteach sa Stát. Ba chóir an doiciméadú seo a bheith curtha ar fáil don NCTS nuair a tugadh an fheithicil isteach lena clárú.
Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhféadfadh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó An Garda Síochána feithicil neamhchláraithe a choinneáil i gcoimeád i gcás nár cláraíodh an fheithicil laistigh den teorainn shonraithe 30 lá
Cén áit a chláróidh mé?
Is féidir leat feithicil a chlárú in aon lárionad STNG atá údaraithe le haghaidh cláraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Is iad seo a leanas na Lárionaid STNG atá údaraithe faoi láthair le haghaidh cláraithe:
- An tInbhear Mór
- Béal Átha na Slua
- An Bhlarna
- Ceatharlach
- Cora Droma Rúisc
- Baile Dhún na nGall
- Dún Dealgan
- Inis
- Inis Córthaidh
- Gaillimh
- Na Glaschnoic
- Ceanannas
- Cill Chainnigh
- Leitir Ceanainn
- Luimneach
- Muineachán
- An Nás
- An tAonach
- An Pointe Thuaidh
- An Sciobairín
- Sligeach
- Trá Lí
- An Tulach Mhór
- Port Láirge
- Cathair na Mart
Tá tuilleadh eolais faoi na lárionaid seo ar fáil ar láithreán gréasáin na STNG ar www.ncts.ie/vrt.html
Cad a tharlaíonn mura ndéanaim m’fheithicil a chlárú?
Is cion é feithicil neamhchláraithe a thiomáint sa Stát. Mar sin d’fhéadfadh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó An Garda Síochána feithicil neamhchláraithe a choinneáil i gcoimeád. Ina theannta sin d’fhéadfadh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim feithicil a urghabháil agus gan í a thabhairt ar ais ach nuair a íoctar pionós.
Cad a tharlaíonn má dhéanaim dearmad clárú laistigh den teorainn 30 lá?
Faoin reachtaíocht reatha, ní mór duit d’fheithicil a chlárú laistigh den teorainn 30 lá. Mura gcláraíonn tú d’fheithicil laistigh de 30 lá tar éis di teacht isteach sa Stát, tá an seans ann go ndéanfar d’fheithicil a choinneáil i gcoimeád. D’ainneoin sin, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim muirear breise CCF i bhfeidhm tráth an chlárúcháin i leith na tréimhse a raibh d’fheithicil neamhchláraithe sa Stát.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh sé nach mbeifí in ann an próiseas clárúcháin a chur i gcrích i gcónaí ar do chéad chuairt chuig an Lárionad STNG. Dá bhrí sin, d'fhonn muirear CCF breise a sheachaint, ba cheart duit coinne STNG a shocrú chomh luath agus is féidir tar éis don fheithicil teacht isteach sa Stát. Díreach mar gheall go ndearnadh coinne leis an STNG taobh istigh den teorainn 30 lá ní chiallaíonn sé sin go bhfaighfear síneadh ar an teorainn ama 30 lá inar féidir an clárúchán a dhéanamh.
Cad é an córas aicmithe feithiclí leasaithe chun cuspóirí CCF ón 1 Eanáir 2011?
Aicmiú Athbhreithnithe Feithiclí chun críche CCF
Achtaíodh córas aicmithe athbhreithnithe feithiclí chun críche cáin chláraithe feithiclí ó 1 Eanáir 2011. Léiríonn an córas athbhreithnithe na catagóirí aicmithe a úsáidtear ar an leibhéal Eorpach i gcomhair feithiclí faoi mar atá leagtha amach i roinnt treoracha an CE (Féach Aguisín I).
Lena chois sin rinneadh athaicmiú ar fheithiclí áirithe, m.sh busanna, otharcharranna srl. ar tugadh sainmhíniú sonrach orthu sa reachtaíocht CCF chun go dtiocfaidís le sainmhínithe cuí an CE maidir le feithiclí.
Tá sé éigeantach Aicmiú Feithiclí an AE a úsáid anois nuair atá feithicil nua á clárú sa Stát. Ar an gcaoi chéanna, sa chás go bhfuil feithicil athláimhe á clárú, tá sé éigeantach Aicmiú Feithiclí an AE a úsáid. Bíonn Aicmiú Feithiclí an AE le fáil ar an doiciméad Cláraithe arna eisiúint ag an Údarás Cláraithe roimhe seo de ghnáth. Má tharlaíonn sé ar chúis ar bith nach féidir an t-aicmiú feithicle a dhearbhú chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim ag am an chláraithe measfar gur feithicil i gcatagóir M1 í chun críche CCF, .i. feithicil do phaisinéirí.
Is ionann Aicmiú an AE den chuid is mó ó thaobh cánach de agus na catagóirí CCF a bhíodh ag na Coimisinéirí Ioncaim. Is é sin le rá gurb ionann Aicme M1 an AE agus Catagóir A na gCoimisinéirí Ioncaim de ghnáth i gcás feithiclí paisinéirí agus ar an ábhar sin ní cóir go mbeadh aon athrú ar an dliteanas CCF.
Léiríonn an tábla seo a leanas scéim aicmithe an AE agus scéim na gCoimisinéirí Ioncaim.
| Aicmiú AE na Feithicle | Catagóir Chomhionann na gCoimisinéirí Ioncaim |
|---|---|
| M1 - Feithiclí Paisinéirí | Catagóir A - Feithiclí Paisinéirí m.sh. salún, carr cúlhaiste srl. |
| M2 - Feithiclí Paisinéirí | Catagóir C - Feithiclí paisinéirí ar a laghad 10 suíochán, suíochán an tiománaí san áireamh agus faoi bhun 5 tona meáchain, .i. Mionbhus |
| M3 - Feithiclí Paisinéirí | Catagóir C - Feithiclí Paisinéirí Feithicil Paisinéirí ar a laghad 10 suíochán, suíochán an tiománaí san áireamh agus os cionn 5 tona meáchain, .i. Bus mór |
| M1, M2, M3 - Motarcharbháin | As 01/01/2011 íocfar na feithicilí seo an ráta 13.3% CCF den Praghas Díola Margaidh Oscailte |
| N1 - Feithiclí Tráchtála, atá deartha chun earraí a iompar | Catagóir B - Feithicil Tráchtála faoi bhun nó cothrom le 3.5 tona meáchain |
| Catagóir N1 - feithicil a rangaítear mar feithicil chatagóir N1 ina bhfuil níos lú ná 4 shuíochán ag gach céim den mhonarú, agus a bhfuil meáchan ceadaithe teicniúil aici atá níos mó ná 130 fán gcéad de mhais na feithicle agus í i mbun seirbhíse agus an cabhalra go léir ag obair. | Catagóir C - Feithiclí Tráchtála eile (i gcomhair iompar earraí) |
| Catagóir M1 - Feithiclí a athraíodh nó a athchóiríodh go N1 ar éis a monaraithe. | Catagóir B - Feithicil Tráchtála faoi bhun nó cothrom le 3.5 tona meáchain |
| N2 - Feithiclí Tráchtála, a dearadh chun earraí a iompar | Catagóir C - Feithiclí Tráchtála (i gcomhair iompar earraí) os cionn 3.5 tona agus faoi bhun 12 tona meáchain |
| N3 - Feithiclí Tráchtála, .i. a dearadh chun earraí a iompar | Catagóir C Feithiclí os cionn 12 tona meáchain |
| L1 go L7 - Gluaisrothair agus feithiclí áirithe trí-rothacha | Catagóir M |
| T1 go T5 - Tarracóirí Talmhaíochta | Catagóir C |
Nuair a dhéantar Aicme Feithicle an AE a chinneadh, ní mór go mbeadh Cabhalra an AE ag gabháil le hAicme an AE. Tá cód Cabhalra an AE ag brath ar Aicmiú Feithicle an AE. Ionas go mbeidh leanúnachas idir córas catagóirí reatha na gCoimisinéirí Ioncaim agus córas an AE, rinneadh cineálacha Cabhlacha reatha na gCoimisinéirí Ioncaim a mhapáil ar chód Cabhalra an AE. (Tá an mhapáil seo ar fáil in Aguisín II).
Cheap mé go raibh CCF mídhleathach de réir dhlí an AE
Níl sé sin fíor.
Tá Ballstáit i dteideal cánacha náisiúnta a ghearradh ar an gcoinníoll nach ndéantar aon idirdhealú i gcoinne earraí iompórtáilte i bhfabhar earraí dúchasacha.
Cáin náisiúnta in Éirinn is ea CCF agus ní sháraíonn sí dlí an AE sa mhéid is gurb ionann an CCF iníoctha ar chlárú feithicle iompórtáilte agus méid na CCF iarmharaí i bhfeithicil den chineál céanna sa Stát cheana.
Conas a dhéantar CCF a ríomh?
I gcás carranna agus veaineanna beaga, is ionann an cháin agus céatadán den phraghas miondíola ionchais, lena n-áirítear gach cáin sa Stát. Tugtar an Praghas Díola Margaidh Oscailte nó PDMO air sin. Tá an PDMO a bhaineann le feithicil áirithe agus an dliteanas CCF comhfhreagrach ar líne ar: Córas Fiosrúcháin do Chlárú Feithicle ar líne.
Tá an ráta CCF atá inmhuirir ar charranna paisinéirí bunaithe ar leibhéal astúcháin CO2 na feithicle.
Cén chaoi a bhfaighidh mé amach cé mhéad CCF a bheidh le híoc agam mura bhfuil m’fheithicil ar an Áireamhán CCF?
Cé go bhfuil bunachar sonraí le os cionn 25,000 luacháil ar an Áireamhán CCF, is minic a mbíonn feithiclí le clárú nach bhfuil luacháil ag na Coimisinéirí Ioncaim dóibh. Sna cásanna sin, úsáideann oifigigh luachála na gCoimisinéirí Ioncaim modhanna éagsúla chun praghas díola margaidh oscailte (PDMO) na ndéantús, múnlaí agus leaganacha éagsúla feithiclí a bhíonn le clárú a dheimhniú chun cuspóirí CCF. Déantar cur síos mionsonraithe ar na modhanna sin sa lámhleabhar luachála,
Valuation System for New and Used Vehicles (PDF, 211KB).
Ceann de na modhanna is iontaofa agus is furasta le húsáid chun luacháil a dhéanamh ná comparáid a dhéanamh idir feithicil ar leith agus sraith feithiclí cosúla atá ar díol i margadh an Ríocht Aontaithe agus sa Stát, meán-chóimheas miondíola a ríomh idir na feithiclí sin, agus an cóimheas sin a chur i bhfeidhm ar mhúnla ar leith. Is féidir na céimeanna seo a leanas a leanúint chun PDMO neasach a chinneadh chun cuspóirí CCF:-
- Roghnaigh 4 mhúnla atá ar díol sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn atá cosúil leis an múnla is mian leat a luacháil chun cuspóirí CCF.
- Faigh amach an praghas díola do na múnlaí seo ó Glass’s Guide an Ríocht Aontaithe agus ón Irish Car Sales Guide (nó mura bhfuil fáil orthu, faigh amach an PDMO ar Áireamhán CCF na gCoimisinéirí Ioncaim ).
- Ríomh an cóimheas idir praghas díola an Ríocht Aontaithe agus an praghas miondíola san Irish Car Sales Guide do gach ceann de na múnlaí sin.
- Ríomh an meán-chóimheas don cheithre mhúnla.
- Cuir an cóimheas seo i bhfeidhm ar phraghas díola an Ríocht Aontaithe don fheithicil ar mian leat luacháil a fháil air chun cuspóirí CCF.
Murar féidir rochtain a fháil ar Glass’s Guide an Ríocht Aontaithe - is féidir neasluach a fháil ó fhoinsí eile cosúil le suíomhanna Gréasáin, irisí trádála srl. Tá cruinneas an modha ag brath, áfach, ar phraghas an Ríocht Aontaithe a bheith ag cuimsiú CBL agus a bheith ina "praghas díola".
Tá
foirm Meastacháin CCF (PDF, 582KB), ar fáil chun cabhrú leat sa phróiseas ar leith seo.
Cad is CO2 ann?
Dé-ocsaíd Charbóin atá i gceist le CO2. Gás is ea í a dhéantar nuair a dhóitear breoslaí iontaise mar ghual, peitreal agus díosal. Nuair a dhóitear líotar peitril gintear thart ar 234 gram CO2, agus nuair a dhóitear líotar díosail gintear 270 gram. Tá innill díosail níos éifeachtaí, áfach, agus mar sin gnóthaíonn siad níos lú CO2 ar an meán in aghaidh gach cilimeádair ná innill pheitril.
Cén tionchar a bheidh ag an gcóras CCF, atá bunaithe ar CO2, ormsa má theastaíonn uaim carr athláimhe a cheannach?
Má theastaíonn uait carr athláimhe a cheannach, a cláraíodh in Éirinn roimhe seo, ní bheidh tionchar díreach ag an gcóras cánachais nua ort. Ós rud é go ngearrtar CCF ar chlárúchán, agus gur cláraíodh an carr cheana, ní ghearrfar CCF in athuair.
Má tá an fhaisnéis astúcháin CO2 ag na Coimisinéirí Ioncaim ar a láithreán gréasáin cén fáth gur gá dom í a chur ar fáil?
Sonraítear sa reachtaíocht gur gá don duine a chláraíonn an fheithicil leibhéal na n-astúchán CO2 a fhógairt mar chuid den phróiseas clárúcháin.
Cad a tharlóidh má tá an fhaisnéis astúcháin CO2 ar mo dhoiciméadúchán éagsúil ón méid atá ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim?
Tá gach réamhchúram glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis i gceart. Beidh éagsúlachtaí ann de thairbhe líon mór na múnlaí atá ar fáil agus na héagsúlachtaí atá ann idir roinnt múnlaí atá ar díol sa Ríocht Aontaithe agus atá ar díol in Éirinn. Má dhearbhaítear i do dhoiciméadúchán go bhfuil an leibhéal astúcháin CO2 éagsúil ón méid atá ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis ar an gcoinníoll go bhfuil sé liostaithe i measc an doiciméadúcháin tacaíochta atá inghlactha do na Coimisinéirí Ioncaim. I dtaca leis sin, luann na Coimisinéirí Ioncaim roinnt láithreán gréasáin ar a bhfuil faisnéis CO2 maidir le carranna éagsúla ar fáil. I measc na láithreán gréasáin sin tá
- Driver and Vehicle Licensing Agency UK (DVLA)

- Vehicle Certification Agency (VCA)

- Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)

Má léiríonn do dhoiciméadúchán nach bhfuil na sonraí ar ár láithreán gréasáin i gceart, gearrfar an méid cuí cánach ort ar chlárú duit ag an Ionad NCTS (An tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna) agus nuashonróidh na Coimisinéirí Ioncaim a dtaifead féin.
Cad a tharlaíonn má cheannaím allmhaire Sheapánach athláimhe? An ngearrfar cáin orm bunaithe ar CO2?
Gearrfar, bainfear úsáid as an mbunús CO2 nua maidir le gach carr arna chlárú den chéad uair in Éirinn ón 1 Iúil 2008 ar aghaidh.
Conas is féidir liom rátáil CO2 ar allmhaire Sheapánach a fháil?
Nuair a onnmhairítear carr ón tSeapáin eisítear deimhniú onnmhairithe nó deimhniú díchlárúcháin nó an dá rud ina leith. Léireofar uimhir mhúnla an chairr ar an deimhniú. Ansin is féidir leat rochtain a fháil ar láithreán gréasáin Aireacht Talún, Bonneagair agus Iompair na Seapáine
Ina mhalairt de chás d’fhéadfá an t-idirlíon a chuardach le haghaidh an doiciméid jidosha/nenpi/nenpilist agus nuair a osclóidh tú an nasc roghnaigh doiciméad H19.03. Léirítear an CO2 maidir le gach feithicil atá ar díol sa tSeapáin ó 2004 ar aghaidh sa doiciméad sin. Is féidir leat uimhir an mhúnla ón deimhniú onnmhairithe a mheaitseáil i gcoinne an doiciméid sin agus CO2 do chairr a aimsiú. Cuir cóip phriontáilte den doiciméad sin mar aon leis an deimhniú onnmhairithe/díchlárúcháin agus aistriúchán chuig an Ionad NCTS agus clárófar an carr i gceart agus gearrfar an cháin cheart ina leith.
Cad a tharlaíonn sa chás gur cláraíodh an carr arna allmhairiú ón tSeapáin roimh 2003?
Sa chás sin bíonn dhá dhoiciméad/ráiteas fianaise mhalartacha de dhíth mar aon le deimhniú allmhairithe nó deimhniú díchlárúcháin nó an dá rud.
Doiciméid a bhaineann le hallmhairiú ón tSeapáin
Bíonn líon beag céimeanna simplí de dhíth chun an doiciméadúchán riachtanach a fháil. Is ceannaitheoirí nó gníomhairí speisialaithe a allmhairíonn an chuid is mó de na carranna athláimhe Seapánacha. Bhuail na Coimisinéirí Ioncaim le roinnt allmhaireoirí agus le daoine nach iad a bhfuil baint acu leis an trádáil sin agus chuir siad iad ar an eolas faoin doiciméadúchán atá de dhíth. Beidh eolas ag na ceannaitheoirí agus ag na gníomhairí sin cheana féin ar riachtanais na gCoimisinéirí Ioncaim agus is dóigh go mbeidh an fhaisnéis réidh acu má cheannaíonn tú allmhaire Sheapánach.
Cuireadh doiciméadúchán maidir le roinnt de na hallmhairí is coitianta isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim cheana agus tá an fhaisnéis sin ar fáil ar an láithreán gréasáin dóibh siúd go léir atá ag smaoineamh faoi allmhairí Seapánacha a cheannach. Dar ndóigh, glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le doiciméadúchán atá priontáilte óna láithreán gréasáin féin maidir le hallmhairí Seapánacha.
Cad a tharlaíonn sa chás go dteastaíonn uaim carr athláimhe Seapánach a allmhairiú ar bhonn príobháideach gan gníomhaire nó ceannaitheoirí a úsáid?
Ba cheart duit eolas a fháil ar riachtanais na gCoimisinéirí Ioncaim agus ar an doiciméadúchán atá ar fáil maidir leis an gcarr. Cuimhnigh gur fútsa é an doiciméadúchán ceart a chur ar fáil. Murar féidir leat é a aimsiú ba cheart duit smaoineamh ar charr eile a cheannach nó bheith sásta CCF 36% a íoc.
Cad a tharlaíonn sa chás go dteastaíonn uaim carr athláimhe a allmhairiú ó thíortha eile nach bhfuil san AE?
Más i dtír nach bhfuil san AE atá bunús an chairr athláimhe beidh an fhianaise dhoiciméadach seo a leanas lena ndearbhófar an leibhéal astúcháin CO2 inghlactha do na Coimisinéirí Ioncaim.
- Fianaise arna soláthar maidir le doiciméid chlárúcháin roimhe seo .i. doiciméid chlárúcháin ó Shingeapór,
- Doiciméad ón déantúsóir ina ndearbhófar leibhéal astúcháin CO2 tráth a rinneadh í,
- Deimhniú Comhréireachta.
Ba cheart do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar fheithicil a cheannach ó thíortha eile nach bhfuil san AE an méid is mó doiciméadúcháin agus is féidir a bhailiú agus dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh an gceannachán nó dul sa tseans go ngearrfar CCF 36% ina leith.
Cad a tharlaíonn sa chás go dteastaíonn uaim carr athláimhe arna dhéanamh roimh 1997 a allmhairiú agus níl sonraí ar leibhéal na n-astúchán CO2 sa doiciméadúchán?
I gcásanna dá leithéid, má tá sonraí ar thomhaltas breosla na feithicle ar fáil, [na figiúirí comhcheangailte – arna ndíorthú ó mheánmhéid na bhfigiúirí uirbeacha agus seach-uirbeacha] d’fhéadfaí leibhéal CO2 na feithicle a ríomh trí úsáid na foirmle thíos.
Ríomhanna Méadracha:
- sa chás go léirítear tomhaltas breosla mar lítir in aghaidh 100km:
CO2 = tomhaltas breosla x 23.20
m.sh. Má léirítear tomhaltas breosla mar 5.8 l/100km ansin
5.8 x 23.20 = 134.56 nó 135 in astúcháin CO2 - sa chás go léirítear tomhaltas breosla mar lítir in aghaidh km:
astúcháin CO2 = tomhaltas breosla X 2320
Má léirítear tomhaltas breosla mar 0.058 l/km ansin
0.058 X 2320 = 134.56 nó 135 in astúcháin CO2 - sa chás go léirítear tomhaltas breosla mar km in aghaidh an lítir:
astúcháin CO2 = 2320/tomhaltas breosla
Sa chás go léirítear tomhaltas breosla mar 17.2km in aghaidh an lítir ansin 2320/17.2 = 134.88 nó 135 in astúcháin CO2 - Ríomhanna Impiriúla
nuair a léirítear tomhaltas breosla mar mhílte in aghaidh an ghalúin ní mór na figiúirí a choinbhéartú go km in aghaidh an lítir mar seo a leanas:
mpg/2.82485 = km in aghaidh an lítir.
Ríomhtar astúcháin CO2 ansin trí úsáid na foirmle in c thuas.
m.sh. Má léirítear tomhaltas breosla mar 48.7 mpg ansin
48.7/2.82485 = 17.2 km in aghaidh an lítir agus
2320/17.2 = 134.88 nó 135 in astúcháin CO2
Nóta: I gcás na n-inneall díosail athraítear an t-iolraitheoir ó 2320 (nó 23.20) go 2630 nó (26.30), de réir mar is cuí.
An mbeidh tionchar ag astúcháin CO2 ó mo charr ar mo mhótarcháin?
Beidh, bíonn tionchar ar mhótarcháin fosta. Ní bhaineann na hathruithe mótarchánach bunaithe ar CO2 ach le carranna lena mbaineann cláruimhir 08 nó blianta ina dhiaidh sin. Tá na táillí mótarchánach le fáil ar láithreán Gréasáin na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
. Cinntear na rátaí mótarchánach de réir leibhéil CO2 na feithicle arna bhfógairt agus arna nglacadh ag na Coimisinéirí Ioncaim ar chlárú dó.
Cá bhfaighidh mé doiciméadú tacaíochta a dhearbhaíonn astúcháin CO2 ó charr athláimhe a cheannaítear sa RA?
Nuair a cheannaíonn tú carr sa RA ba cheart go bhfaighfeá an V5, arb é an doiciméad cláraithe a eisítear sa RA. Taispeánann an doiciméad seo an CO2 i gcás gach feithicle a cláraíodh sa RA ó 2001 i leith. Má tharlaíonn sé ar chúis éigin nach bhfuil an doiciméad cláraithe ar fáil, féadfaidh tú doiciméid éagsúla a aimsiú a shásóidh na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis na leibhéil CO2 (ar chuntar go léiríonn siad na leibhéil CO2). Áirítear leo sin:
- An Deimhniú Comhréireachta (más ann dó)
- Leibhéal an CO2 a cuireadh in iúl ar Thástáil Náisiúnta Gluaisteán a rinneadh roimhe sin in áit eile san AE
- Cóip phriontáilte don fheithicil ón Driver and Vehicle Licensing Agency UK (DVLA)
- Cóip phriontáilte ón Vehicle Certification Agency (VCA)
- Cóip phriontáilte ó Údarás Fuinneamh Inmharthana na hÉireann (SEAI)

- Deimhniú ón déantúsóir nó dáileoir ag cur leibhéil na n-astúchán CO2 in iúl.
Taispeánfaidh cuid de na carranna níos sine leibhéil na n-astúchán CO2 i lámhleabhar an úinéara agus d’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim glacadh leis sin.
Ina theannta sin, tá taighde déanta ag oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar leibhéil na n-astúchán CO2 sna carranna a iompórtáiltear go minic, agus tá sonraí CO2 maidir le 12,000 múnla ar fáil ar chóras fiosrúcháin ROS . Glactar freisin le cóip phriontáilte ó láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim a thaispeánann leibhéil na n-astúchán CO2.
Cén ráta CCF a íocfaidh mé?
I gcás feithiclí paisinéirí gearrtar CCF de réir leibhéil na n-astúchán CO2 ón gcarr. Tá seacht ráta i gceist, mar a léirítear sa tábla thíos:
| Astúcháin CO2 (CO2 g/km) | Rátaí CCF |
|---|---|
| 0 - 80g | 14% den PDMO |
| Níos mó ná 80g/km suas go dtí 100g/km agus an méid sin san áireamh | 15% den PDMO |
| Níos mó ná 100g/km suas go dtí 110g/km agus an méid sin san áireamh | 16% den PDMO |
| Níos mó ná 110g/km suas go dtí 120g/km agus an méid sin san áireamh | 17% den PDMO |
| Níos mó ná 120g/km suas go dtí 130g/km agus an méid sin san áireamh | 18% den PDMO |
| Níos mó ná 130g/km suas go dtí 140g/km agus an méid sin san áireamh | 19% den PDMO |
| Níos mó ná 140g/km suas go dtí 155g/km agus an méid sin san áireamh | 23% den PDMO |
| Níos mó ná 155g/km suas go dtí 170g/km agus an méid sin san áireamh | 27% den PDMO |
| Níos mó ná 170g/km suas go dtí 190g/km agus an méid sin san áireamh | 30% den PDMO |
| Níos mó ná 190g/km suas go dtí 225g/km agus an méid sin san áireamh | 34% den PDMO |
| Níos mó ná 225g/km | 36% den PDMO |
I gcás feithiclí éadroime tráchtála, ríomhtar CCF de réir 13.3% de luach na feithicle.
Céard a tharlóidh más mian liom gluaisteán atá níos sine ná 30 bliain d’aois, ar a dtugtar feithicil "seanré" de ghnáth, a chlárú?
Ní mór an fheithicil a thabhairt go lárionad STNG in éineacht leis na doiciméid riachtanacha le haghaidh iniúchta agus clárúcháin. Gearrfar muirear €200 maidir le Cáin Chláraithe Feithiclí. Féach an Treoir maidir le Cáin Chláraithe Feithiclí.
Mura féidir liom doicimeádú ar leibhéil CO2 maidir le mo charr a fháil, cén fáth a ngearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim CCF 36% orm?
Murab ann do dhoiciméadú sásúil, tá ceangal dlí ar na Coimisinéirí Ioncaim an ráta seo a ghearradh. Más féidir leat, áfach, laistigh de 60 lá i ndiaidh an carr a chlárú, fianaise shásúil a aimsiú, is féidir leat an cinneadh a achomharc agus má éiríonn leat, gearrfar an ráta athbhreithnithe. Ní mór an CCF a ghearrtar a íoc sula nglacfar le hachomharc.
An bhfuil íosmhéid CCF inmhuirir?
Tá. Tá íosmhéid CCF ann a ghearrfar agus teorainn éagsúil ann le haghaidh gach banda CO2. Tá na teorainneacha de réir an tábla seo a leanas:
| Ráta CCF | Íosmhéid CCF |
|---|---|
| 14% | €280 |
| 15% | €300 |
| 16% | €320 |
| 17% | €340 |
| 18% | €360 |
| 19% | €380 |
| 23% | €460 |
| 27% | €540 |
| 30% | €600 |
| 34% | €680 |
| 36% | €720 |
Le haghaidh gach ráta léirítear carr a bhfuil luach thart ar €2,000 air.
Conas a íocaim CCF?
Féadann tú íoc leis na modhanna seo a leanas:
- Airgead tirim - uasmhéid €200
- Cárta dochair Laser faoi réir theorainn €1,500
- Dréacht bainc (atá iníoctha leis an "Applus Car Testing Service Ltd")
- Cárta Creidmheasa (gearrann an Lárionad STNG formhuirear 1.5% ar an modh íocaíochta seo)
An féidir liom luacháil fheithicil a achomharc chuig na Coimisinéirí Ioncaim?
Is féidir. Féadann tú achomharc a dhéanamh faoin nós imeachta foirmiúil achomhairc um mál. Tá sonraí leagtha amach i mbileog eolais ar leith - Nósanna Imeachta Achomhairc. Sula bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh ní mór an CCF a íoc.
Féadann tú an muirear a achomharc in aon oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Measaim go bhfuil m'fheithicil díolmhaithe ó CCF - cad a dhéanfaidh mé?
Má cheapann tú go bhfuil tú i dteideal faoiseamh nó díolúine ó CCF a fháil, ba chóir duit féachaint ar bhileoga eolais na gCoimisinéirí Ioncaim ar na díolúintí éagsúla atá ar fáil chun faigh amach an bhfuil tú incháilithe. I measc na bhfaoiseamh atá ar fáil tá na cinn a bhaineann leo seo a leanas:
- Aistriú Áit Chónaithe
- Gníomhaíochtaí Gnó a Aistriú
- Oidhreacht
- Dioplómaitiúil
- Feithiclí do Dhaoine Faoi Mhíchumas
Cheap mé go raibh orm clárú in Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim - cén fáth go gcaithfidh mé é a dhéanamh i lárionad den STNG?
Cheap na Coimisinéirí Ioncaim STNG le roinnt feidhmeanna a bhaineann le clárú feithiclí a chur i gcrích ar a son.
Cén cineál scrúdaithe a dhéantar i lárionad STNG? Cén doiciméadú a theastaíonn uaim maidir leis an bhfeithicil?
Tá dhá chuid i dtástáil na STNG. Cinntíonn an chéad chuid go bhfuil an doiciméadú a tugadh isteach le linn cláraithe comhlánaithe agus go gcomhlíonann sé na riachtanais chláraithe.
Dearbhaíonn an dara cuid gurb ionann na sonraí feithicle a tugadh sa doiciméadú agus an fheithicil, le go n-aithnítear an fheithicil i gceart chun cuspóra cánach agus le deimhniú go gcomhlíonann an fheithicil an sainmhíniú mar ‘feithicil inneall-ghluaiste’ i reachtaíocht CCF, is é sin
- gur dearadh agus gur tógadh í don bhóthar,
- go bhfuil deimhniú comhréireachta aici de chaighdeán riachtanach an AE,
- gur rinneadh í le tiomáint faoi chumhacht mheicniúil/leictreach nó faoi mheascán de chumhacht mheicniúil agus leictreach araon, agus
- gur féidir í a thiomáint nuair a chláraítear í.
Cén doiciméadú a theastaíonn uaim agus mé ag clárú?
I ngach cás beidh aitheantas fotagrafach ag teastáil, mar shampla pas nó ceadúnas tiomána. Ina theannta sin beidh siad seo ag teastáil uait:-
- fianaise go raibh an fheithicil cláraithe cheana, m.sh. deimhniú eachtrach clárúcháin, deimhniú onnmhairithe buaine nó deimhniú nach bhfuil sí cláraithe a thuilleadh sa chás gur allmhairíodh an fheithicil ó lasmuigh den AE, más cuí, má bhí an carr cláraithe cheana. (Ní féidir leas a bhaint as Deimhniú Tarrthálais Feithicle chun feithicil a chlárú) Mura raibh an carr cláraithe roimhe seo beidh Deimhniú Comhréireachta de dhíth
- an sonrasc ceannaigh
- doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara chláraithe (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc)
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an duine a mbeidh an fheithicil cláraithe faoina ainm. Beidh fianaise dhoiciméadach den UPSP ag teastáil. Cuimsíonn seo duillín pá, P60 nó aon doiciméadú a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’uimhir PSP, d’ainm agus do sheoladh. Áit a chláraíonn trádálaí údaraithe (Sealbhóir TAN) feithicle thar ceann custaiméara, ba chóir dó/di a Uimhir Custaiméara Ioncaim (.i. uimhir CBL nó CC) a thabhairt in ionad an UPSP an duine a bhfuil an fheithicil cláraithe faoina ainm.
- i gcás feithiclí iompórtáilte, áit a bhfuil dáta an sonraisc níos mó ná 30 lá roimh an dáta ar tugadh an fheithicil isteach le haghaidh clárúcháin, doiciméadú chun an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a dhearbhú (m.sh. sonraí stórála nó loingseoireachta mar is cuí)
- áit a n-éilítear díolúine ó CCF, an fógra díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
- doiciméadú ag dearbhú leibhéal astúchán CO2 na feithicile nuair a rinneadh í
- i gcás feithiclí atá níos sine ná 4 bliana, deimhniú ródacmhainneachta neamhchaite ag dearbhú go bhfuil tástáil coibhéiseach leis an STNG bainte amach acu. Sa chás nach bhfuil an doiciméadú seo ar fáil, d’fhéadfaí an carr a ghlaoch le haghaidh tástála ródacmhainneachta STNG go luath i ndiaidh clárúcháin.
Tá Doiciméid 1-4 thuas éigeantach agus ní chlárófar an fheithicil mura bhfuil siad ar fáil leis an bhfeithicil agus í á clárú.
Cathain a bhfaighidh mé mo Dheimhniú Clárúcháin?
Cuirfear an deimhniú clárúcháin, a eiseoidh an Roinn Iompair
, sa phost chugat tar éis duit iarratas a dhéanamh ar oifig mhótarchánach d’údaráis áitiúil chun do cheadúnas ar cháin bóthair a fháil.
Cad is Formheas Cineáil ann?
Éilíonn Treoracha ón Ae nach mór mótarfheithiclí a bhfuil sé mar chuspóir acu earraí nó paisinéirí a iompar a cheadú le haghaidh úsáide bóthair. Sula mbeidh múnla ceadaithe le haghaidh úsáide bóthair, ní mór dó riachtanais éigeantacha teicniúla áirithe a chomhlíonadh. Ciallaíonn na riachtanais seo go gcaithfidh an fheithicil, i measc rudaí eile, caighdeáin íosta a shroicheadh maidir le coscánú, astúcháin torainn agus astúcháin CO2 srl. Tá na caighdeáin seo sainithe i dTreoracha éagsúla Formheasa Cineáil agus déantar na tástálacha féin faoi stiúir na n-údarás um chaighdeáin náisiúnta sna Ballstáit, i gcás na hÉireann an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI). Sainítear na caighdeáin i leith na gcineálacha éagsúla feithicle i raon Treoracha, agus seo a leanas na cinn is tábhachtaí -
- Treoir 2007/46/CE i gcomhair feithicilí paisinéirí
- Treoir 2002/24/CE i gcomhair gluaisrothar
- Treoir 2003/37/CE i gcomhair feithiclí feirme.
Cad é Deimhniú Comhréireachta agus cathain a bhíonn sé ag teastáil?
Nuair a dheonaítear formheas cineála i gcás múnla nó athraitheach feithiclí ar leith ar dhéantúsóir eisíonn sé deimhniú comhréireachta a rachaidh le gach feithicil a rinneadh i gcomhréir leis an gcineál formheasta feithicle. Is é atá sa Dheimhniú Comhréireachta, go bunúsach, ná ráiteas ón déantúsóir a thugann le fios go gcomhlíonann an fheithicil na rialacháin ábhartha AE i leith formheas cineála.
Éilítear ‘European Community Whole Vehicle Type Approval ECWVTA’ maidir le gach feithicil nua i gcatagóirí feithicle M1 an AE (gan feithiclí sainchuspóireacha san áireamh), M2, M3 agus N1 nó formheas cineáil náisiúnta má tá siad le clárú in Éirinn. Tá catagóir feithicle M1 an AE sainithe mar "Feithiclí atá deartha agus tógtha chun paisinéirí a iompar agus nach gcuimsíonn níos mó ná ocht suíochán chomh maith le suíochán an tiománaí".
Má allmhairíonn duine feithicil nua de Chatagóir M1, M2, M3 nó N1 nach bhfuil Formheas Cineáil aige, m.sh. ceann ó lasmuigh den AE, ní mór an carr a chur i láthair an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) le deimhniú a fháil sular féidir é a chlárú.
Tá sonraí breise maidir leis na rialacháin agus na ceanglais nua ar fáil ar láithreán gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag: European Community Whole Vehicle Type-Approval (ECWVTA) agus Scéimeanna Formheasa Náisiúnta gaolmhara mar atá molta i dTreoir 2007/46/CE.
.
Is féidir tuilleadh eolais faoin NSAI lena n-áirítear sonraí teagmhála a fháil ar a láithreán gréasáin: www.nsai.ie
.
Conas a bheidh a fhios agam cé mhéad CO2 a astaíonn mo charr?
Sonraíonn an Deimhniú Comhréireachta leibhéal sonrach astúchán CO2 feithicile nuair a rinneadh í. Is é sin an leibhéal a úsáidfear chun críocha cánach agus ní athrófar í is cuma faoi athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh tar éis í a tháirgeadh, athruithe a d’fhéadfadh leibhéal astúchán na feithicle a mhéadú nó a laghdú. Chomh maith leis sin tugadh isteach córas lipéadaithe a thaispeánann astúcháin CO2 i gcarranna nua ar díol sa Stát.
Is féidir liom scagaire a chur ar mo charr chun na hastúcháin CO2 a laghdú. An féidir an CCF a laghdú dá bharr seo?
Ní féidir. Braitheann an ráta CCF atá inmhuirir ar chlárú ar leibhéil astúchán CO2 mar a mheastar iad ag am na déantúsaíochta agus mar a liostaítear iad ar an deimhniú comhréireachta. Ní bheidh aon tionchar ag athruithe ina dhiaidh sin ar an CCF a ghearrtar.
Cén fáth go dteastaíonn sonrasc ceannaigh uaim agus carr á chlárú agam?
Teastaíonn an sonrasc a dhearbhaíonn an datá ar ceannaíodh an fheithicil, óir léiríonn sé conas a tháinig an fheithicil isteach sa Stát, rud atá ábhartha ó thaobh CCF agus CBL a mheas. Má tá doiciméid taistil agat (m.sh. duillín/admháil loingseoireachta) a bhaineann le feithicil a ceannaíodh (m.sh. sa RA), ba chóir duit iad a chur isteach ag am an chláraithe.
Ceannach príobháideach a bhí ann agus níl sonrasc agam.
Beidh ort sonrasc a thabhairt leat a thaispeánann an dáta ceannaigh chun an fheithicil a chlárú. Má cheannaigh tú an fheithicil go príobháideach, beidh sonrasc fós ag teastáil uait ina mbeidh sonraí an díoltóra agus an dáta ar díoladh leat í.
Ní féidir liom an dáta ar thug mé an carr isteach sa tír a chruthú. Cad a tharlaíonn ansin?
Mura bhféadann tú cruthú cathain a thug tú an carr isteach sa tír, sa chás sin, gearrfar an CCF ó dháta an sonraisc, ó dháta an athraithe úinéireachta ón deimhniú eachtrach clárúcháin, nó ó dháta dheimhniú na heaspórtála buaine, srl. mar is cuí.
An gá dom aitheantas pearsanta a chur ar fáil sa lárionad STNG chun feithicil a chlárú?
Is gá. Ní mór duit aitheantas fotagrafach a bheith agat, is é sin pas nó ceadúnas tiomána. Ina theannta sin ní mór duit iad seo a leanas a bheith agat
- bille fóntais a eisíodh le déanaí, ina bhfuil do sheoladh reatha agus
- doiciméad Rialtais oifigiúil (m.sh. P60) a dhearbhaíonn d’uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (PSP).
Cén fáth go bhfuil aitheantas ag teastáil uaim?
Deimhníonn an gá atá le haitheantas agus STNG a bheith ann go mbeidh an duine atá ag clárú na feithicle freagrach aisti. Deimhníonn sé chomh maith go bhfuil sonraí cláraithe agus úinéireachta an chabhlaigh náisiúnta feithiclí chomh cruinn agus is féidir ag an am a chláraítear iad den chéad uair sa Stát.
Mura bhféadaim mo charr a thabhairt go dtí an lárionad STNG, an féidir liom iarraidh ar dhuine eile é a thabhairt ann i m’ionad?
Is féidir. Beidh ar an té a thabharfaidh an fheithicil isteach ar do shon pas nó ceadúnas tiomána a thaispeáint chun a aitheantas a chruthú. Beidh air chomh maith doiciméadú a thaispeáint a dhearbhaíonn d’aitheantas mar úinéir na feithicle: Chomh maith leis sin ní mór dó litir thoilithe a shínigh tusa ag iarraidh cláraithe ar do shon a bheith aige.
Cad a tharlaíonn má theipeann ar an gcarr sa tástáil?
Mura bhfuil gach doiciméad a theastaíonn ar fáil ag an gclárú nó murar leor an doiciméadú a thugtar isteach leis an bhfeithicil chun a haitheantas a chruthú, tabharfar deis don té atá istigh leis an bhfeithicil a chlárú an doiciméadú éigeantach a thabhairt isteach níos déanaí. Ní mór, áfach, clárú na feithicle a chríochnú laistigh de 30 lá ó tháinig sí isteach sa Stát. Ba chóir a thabhairt ar aird, más gá dul go dtí lárionad STNG an dara huair mar gheall ar dhoiciméadú mícheart nó a cailleadh, beidh ort íoc as an dara cuairt.
Mura gcomhlíonann an fheithicil an sainmhíniú mar ‘feithicil inneall-ghluaiste’ sa reachtaíocht CCF, nó mura bhféadann tú an doiciméadú éigeantach a aimsiú, ní féidir an fheithicil a chlárú agus ní mór í a thógáil amach as an Stát.
Cathain an bhféadaim uimhirphlátaí a fháil?
Nuair a bheidh an fheithicil cláraithe i lárionad STNG cuirfear fáltas a shonróidh an uimhir chláraithe a sannadh ar fáil. Ní mór an uimhir chláraithe nua a thaispeáint san fhormáid shéanta laistigh de thrí lá. Tá plátaí ar fáil sa chuid is mó de shiopaí mótair ar fud na tíre.
Cad é an leagan séanta le haghaidh uimhirphlátaí?
Tá formáid, toisí agus sonrúcháin theicniúla na bplátaí cláraithe a thaispeánfar ar fheithiclí cláraithe sa Stát leagtha amach sa dlí um CCF. Tá na sonraí a bhaineann le leagan séanta na bplátaí cláraithe ar fáil sa bhileog eolais Formáid na bPlátaí Cláraithe.
Feicim daoine a bhfuil cineálacha/stíleanna difriúla uimhirphlátaí acu. An féidir liom a leithéid sin a chur in áit mo ghnáthphlátaí?
Ní féidir. Tá sé mídhleathach uimhirphlátaí a thaispeáint ar fheithicil in aon fhormáid seachas an ceann a leagtar síos. Is cion é plátaí nach gcomhlíonann na rialacha a thaispeáint ar d’fheithicil agus d’fhéadfaí fíneáil €5,000 a ghearradh ort.
Ba mhaith liom uimhir a chur in áirithe don bhliain seo chugainn. Conas is féidir liom é a dhéanamh?
Nuair a íocann tú €1,000, féadann tú iarratas a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar uimhir áirithe chláraithe don bhliain dár gcionn. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach mór an t-iarratas seo a chur chuig Lároifig Feithiclí in Ros Láir, Co. Loch Garman ar nó taréis 1 Samhain sa Bhlian roimh an bhliain ina bhfuil sé i gceist an fheithicil a usáid don chéid úir. Mura n-éiríonn le d’iarratas, tabharfar d’íocaíocht de €1,000 ar ais duit. (Féach Bileog: Uimhir Claraithe a chur in Áitithe)
An féidir liom uimhir fhéinoiriúnaithe a úsáid mar a dhéantar sa RA?
Ní féidir. Caithfidh uimhirphlátaí cláraithe ar fheithiclí a chláraítear sa Stát cloí leis na rialacha a leagtar síos sa dlí um CCF.
Tá mé i ndiaidh carr athláimhe seanré a cheannach sa RA. An féidir liom an seanuimhir a choinneáil?
Ní féidir. Tá rogha agat, áfach, maidir leis an gcineál pláta a chuirfidh tú ar d’fheithicil. Féadann tú na huimhreacha speisialta cláraithe "ZV" a úsáid, atá ar fáil do charranna claisiceacha (is é sin carranna níos sine ná 30 bliain). Mar shampla, uimhirphláta thipiciúil cláraithe sa tsraith seo is ea ZV 4723.
Nó d’fhéadfá pláta sa ghnáthfhormáid a roghnú a mbeadh an bhliain a thosaigh seirbhís na feithicle ann. Mar shampla, uimhirphláta thipiciúil den rogha seo is ea 70-D-14770.
Níl aon chostas breise ag baint le ceachtar de na roghanna seo.
Cheannaigh mé carr sa RA agus d'íoc mé CBL ansin. Anois táthar ag iarraidh orm CBL a íoc in Éirinn. Cén fath?
Tá CBL iníoctha sa Stát ar chlárú sa chás go bhfuil feithicil níos lú ná 6 mhí nó a bhfuil níos lú ná 6,000 ciliméadar ar an gclog ag am an chláraithe. Sna cúinsí seo, áfach, má íocadh CBL sa RA is féidir aisíocaíocht a fháil ach iarratas a sheoladh chuig an údarás cuí CBL sa RA.
Cén tionchar atá riocht an chairr ar CCF?
Chun cuspóra CCF, is féidir feithiclí a rátú mar fheithiclí maithe, réasúnta nó lagmheasa. De ghnáth tá an chuid is mó d’fheithiclí rátaithe mar fheithiclí maithe. D’fhéadfadh rátú mar fheithicil réasúnta nó lagmheasa dul i gcion ar luach na feithicle chun an CCF atá dlite a ríomh.
Cén fáth go bhfuil an míleáiste ag teastáil?
D’fhéadfadh míleáiste a sháraíonn go mór na "noirm" inghlactha an CCF atá dlite ar an bhfeithicil a laghdú. Is é 2,100 km i gcás feithiclí díosail agus 1,600 km i gcás feithiclí eile an gnáthmhíleáiste mheánach mhíosúil a nglacann na Coimisinéirí Ioncaim leo.
An bhfuil aon chúinsí ann nuair nach gá dom (mar chónaitheoir sa stát) m’fheithicil a chlárú?
Níl. Níl aon chúinsí ann nuair nach gá duit d’fheithicil a chlárú. D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, nach mbeadh ort CCF a íoc agus tú ag clárú mar go bhfuil faoisimh agus díolúintí ó CCF incheadaithe. Cuirtear síos uirthi i bhfógraí poiblí aonair atá ar fáil ar an láithreán seo. Áiríonn siad díolúintí a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:
- díolúine shealadach
- áit chónaithe a aistriú
- gníomhaíochtaí gnó a aistriú
- oidhreacht
- faoiseamh dioplómaitiúil
Tá faoiseamh ar fáil freisin do dhaoine áirithe faoi mhíchumas a chomhlíonann critéir mhíochaine áirithe. Tá bileog eolais
Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas - Scéim Faoisimh Cánach (PDF, 520KB) ar fáil ón Lároifig Aisíocaíochtaí, M: Foirgneamh TEK II, Bóthar Ard Mhacha, Muineachán - Teileafón 047 - 62100.
Cad is 'díolúine shealadach' ann?
Forálann dlí CCF d’fhaoiseamh teoranta ó íocaíocht na cánach i gcúinsí áirithe a shainítear. Samplaí de chúinsí mar sin is ea-
- tá cónaitheoir ó Bhallstát den AE atá ina chónaí nó ag obair in Éirinn i dteideal a fheithicil neamhchláraithe a thabhairt go hÉirinn le haghaidh uasthréimhse 12 mhí (arbh fhéidir í a shíneadh ach iarratas a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim),
- d’fhéadfadh cónaitheoir sa Stát atá fostaithe ag fostóir lonnaithe lasmuigh den Stát (m.sh. i dTuaisceart Éireann) a bheith i dteideal, ach iarratas a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim, feithicil chuideachta cláraithe thar lear a thiomáint (sa Stát) cé a sholáthráitear mar chuid de chonradh fostaíochta,
- tá turasóirí i dteideal a bhfeithiclí a thiomáint anseo gan aon dhliteanas CCF a thabhú.
Tá faisnéis bhreise faoi dhíolúine shealadach ar fáil sa bhileog eolais Díolúintí Sealadacha d’Fheithiclí a Cláraíodh Thar Lear.
Tá mé díreach tagtha ar ais go hÉirinn i ndiaidh bliain thar lear. An bhfuil mo charr díolmhaithe ó CCF?
D’fhéadfá a bheith incháilithe do dhíolúine faoi na forálacha maidir le díolúintí a bhaineann le háit chónaithe a aistriú. Ba chóir duit breathnú ar na bileoga eolais Aistriú Áit Chónaithe agus Aistriú Áit Chónaithe (Feithiclí Saor ó Cháin) atá ar fáil ar an láithreán seo, le fáil amach an gcomhlíonann tú na critéir cháilithe.
Oibrím go rialta i mBéal Feirste. An gá dom mo charr a chlárú anseo?
Is gá. Go hiondúil is gá. Má chónaíonn tú i bPoblacht na hÉireann, áfach, (cónaitheoir Stáit), agus má tá tú fostaithe ag fostóir lonnaithe lasmuigh den Stát (m.sh. i dTuaisceart Éireann) a thugann carr cuideachta duit sa Chatagóir A (feithicil paisinéirí) atá cláraithe i dTuaisceart Éireann mar chuid de do chonradh fostaíochta, d’fhéadfá a bheith i dteideal, i gcúinsí áirithe, díolúine shealadach a fháil ó íocaíocht CCF (ach iarratas a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim). Mar chuid de na critéir cháilithe, ní mór an fheithicil a úsáid chun cuspóra gnó go príomha lasmuigh den Stát.
Tá faisnéis bhreise faoi dhíolúine shealadach ar fáil sa bhileog eolais Díolúintí Sealadacha d’Fheithiclí a Cláraíodh Thar Lear.
Conas a bheidh a fhios agam an 'gnáthchónaitheoir' in Éirinn mé?
Ciallaíonn gnáthchónaitheacht an áit ina gcónaíonn duine de ghnáth ar feadh 185 lá in aghaidh na bliana ar a laghad mar gheall ar cheangail phearsanta nó oibre. Má tá ceangail oibre duine i dtír dhifriúil óna cheangail/ceangail phearsanta, sa chás sin glactar leis an tír ina bhfuil na ceangail phearsanta mar an gnáth-áit chónaithe, ar chuntar go bhfilleann an duine uirthi go rialta.
Meastar gur cónaitheoir Stáit duine a chónaíonn sa Stát de ghnáth, ach a chónaíonn lasmuigh den Stát le freastal ar scoil nó ollscoil.
Thug aintín liom a fuair bás i Sasana a carr dom. An gá dom CCF a íoc?
Sa chás go bhfuarthas feithicil le hoidhreacht ó eastát cónaitheora eachtraigh, d’fhéadfá a bheith i dteideal faoiseamh buan a fháil ó íocaíocht CCF, ach iarratas a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Nuair a cheannaím carr nua ó dhíoltóir carranna, ní iarrtar orm CCF a íoc. Cén fáth? Nach bhfuil aon CCF ar charranna nua?
Nuair a cheannaíonn tú carr nua ó dhíoltóir údaraithe, déanfar an carr a sheachadadh duit agus an CCF agus CBL íoctha cheana féin. Cláraíonn díoltóirí údaraithe d’fheithicil le haghaidh CCF agus íocann siad an CBL ar do shon. Cuimsíonn an praghas iomlán a íocann tú ar an bhfeithicil CCF agus CBL.
Cheannaigh mé cuadrothar feirme le déanaí. An féidir liom é a chlárú?
Ní dhéantar an chuid is mó de chuadrothair i gcomhair úsáide bóthair agus mar sin ní féidir iad a chlárú sa Stát. Is féidir áfach cuadrothair a rinneadh i gcomhair úsáide bóthair agus a bhfuil Deimhniú Comhréireachta acu a chlárú agus a thiomáint ar an mbóthar ina dhiaidh sin.
Cén fáth go bhfuil líon mór daoine ag tiomáint i gcarranna a cláraíodh thar lear?
Tá duine, m.sh. turasóir sa tír ar bonn sealadach, i dteideal tiomáint gan aon dhliteanas CCF. Tá roinnt cónaitheoirí Stáit neamh-ghéilliúla ann, áfach, atá ag tiomáint feithiclí neamhchláraithe sa Stát, rud atá contrártha don dlí maidir le CCF. Má tá aon fhaisnéis shonrach agat maidir le sárú ar an dlí um CCF, féadann tú an fhaisnéis seo a thabhairt d’oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim, agus déanfaidh na hoifigigh an scéal a iníuchadh.
Táim ag dul ag cónaí sa RA agus ag tabhairt mo charr liom. An féidir liom an CCF a éileamh ar ais?
Ní féidir. Níl aon fhoráil sa reachtaíocht CCF reatha i leith CCF a aisíoc ar easpórtáil feithicle ón Stát.
Cheannaigh mé carr le déanaí agus dhíscríobh mé é i dtimpiste bóthair. An féidir liom an CCF a éileamh ar ais?
I gcúinsí teoranta – Sea, is féidir. Áit a gcláraítear feithicil sa Stát, ach má dhíscríobhtar í i dtimpiste laistigh de 7 lá oibre i ndiaidh cláraithe, is féidir iarratas ar aisíocaíocht CCF a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun breithniú a dhéanamh air.
Cathain atá CBL dlite ar fheithicil?
Tá CBL dlite ar fheithicil nua a tugadh isteach sa Stát (nó, i dtéarmaí CBL, modh nua iompair) a chomhlíonann ceann amháin den dá chritéar a leanas:
- soláthraítear í sé mhí nó níos lú i ndiaidh di a seirbhís a thosú.
- Tá 6,000 ciliméadar nó níos lú taistealaithe aici ag am an chláraithe.
Má chomhlíonann an fheithicil ceachtar den dá chritéar sin déileáiltear leis an bhfeithicil mar mhodh nua iompair chun críocha CBL agus bíonn CBL inmhuirir nuair a chláraítear í.
Tabhair faoi deara: Sa chomhthéacs seo ciallaíonn "dul i mbun seirbhíse" clárú i ndlínse eile. Mura bhfuil sí cláraithe cheana féin, is feithicil nua í.
Samplaí
- Feithicil 5 mhí d’aois le 8,000 km - inmhuirir do CBL
- Feithicil 7 mí d’aois le 5,000 km - inmhuirir do CBL
- Feithicil 7 mí d’aois le 8,000 km - gan a bheith inmhuirir do CBL
Cad é feithicil sa Chatagóir A?
Is éard atá i gceist le feithicil sa Chatagóir A ná carr (m.sh. salún, eastát, carr cúlhaiste, carr in-chomhshóite, coupe, MPV, jíp srl.) nó mionbhus a bhfuil níos lú ná 10 shuíochán ann móide suíochán an tiomána. I dtéarmaí an AE, go hiondúil is ionann feithicil den rangú M1 agus feithicil sa Chatagóir A.
Tá an ráta cánach atá inmhuirir bunaithe ar leibhéal astúcháin CO2 na feithicle nuair a rinneadh í. Is iad na rátaí agus na híosmhéideanna bainteacha ná:
| Astúcháin CO2 (CO2 g/km) | Rátaí CCF | Íosmhéid CCF |
|---|---|---|
| 0 - 80g | 14% den PDMO | €280 |
| Níos mó ná 80g/km suas go dtí 100g/km agus an méid sin san áireamh | 15% den PDMO | €300 |
| Níos mó ná 100g/km suas go dtí 110g/km agus an méid sin san áireamh | 16% den PDMO | €320 |
| Níos mó ná 110g/km suas go dtí 120g/km agus an méid sin san áireamh | 17% den PDMO | €340 |
| Níos mó ná 120g/km suas go dtí 130g/km agus an méid sin san áireamh | 18% den PDMO | €360 |
| Níos mó ná 130g/km suas go dtí 140g/km agus an méid sin san áireamh | 19% den PDMO | €380 |
| Níos mó ná 140g/km suas go dtí 155g/km agus an méid sin san áireamh | 23% den PDMO | €460 |
| Níos mó ná 155g/km suas go dtí 170g/km agus an méid sin san áireamh | 27% den PDMO | €540 |
| Níos mó ná 170g/km suas go dtí 190g/km agus an méid sin san áireamh | 30% den PDMO | €600 |
| Níos mó ná 190g/km suas go dtí 225g/km agus an méid sin san áireamh | 34% den PDMO | €680 |
| Níos mó ná 225g/km | 36% den PDMO | €720 |
Cad é feithicil sa Chatagóir B?
Cinéal veain buanithe ar charr nó veain bunaithe ar jíp is ea feithicil sa Chatagóir B. I dtéarmaí an AE, go hiondúil is ionann feithicil den rangú N1 agus feithicil sa Chatagóir B.
Is é an ráta CCF a chuirtear i bhfeidhm ar fheithiclí i gCatagóir B, faoi réir íosmhéid CCF €125, ná 13.3% den Phraghas Díola Margaidh Oscailte (PDMO).
Cad é feithicil sa Chatagóir C?
Is éard atá i gceist le feithicil sa Chatagóir C ná feithicil tráchtála, tarracóir talmhaíocha nó bus ar a laghad 10 suíochán, suíochán an tiománaí san áireamh agus mótarcharbháin mhóra a bhfuil meáchan gan ualach thar 3,000 cileagram acu. I dtéarmaí an AE, áirítear le feithiclí Chatagóir C feithiclí N2 (os cionn 3.5 tona agus faoi 12 thona meáchain), feithiclí N3 (os cionn 12 thona meáchain), feithiclí M2 (faoi 5 thona meáchain, agus ar a laghad 10 suíochán iontu, suíochán an tiománaí san áireamh) agus feithiclí M3 (os cionn 5 thona meáchain, agus 10 suíochán ar a laghad iontu, suíochán an tiománaí san áireamh).
Áirítear le feithiclí i gCatagóir C freisin feithiclí a gcruthaítear do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil siad níos sine ná 30 bliain d’aois tráth an chláraithe. Is féidir uimhir cheadúnais "ZV" a eisiúint le haghaidh na bhfeithiclí sin ach é sin a iarraidh. Tá na sonraí a bhaineann le leagan séanta na bplátaí cláraithe ar fáil sa bhileog eolais Formáid na bPlátaí Cláraithe.
Amhail ar an agus ón 1 cháin chláraithe Bealtaine 2011, feithicle maidir le clárú feithiclí Chatagóir C méadú ó € 50 go € 200
Cad é feithicil sa Chatagóir D?
Feithicil a bhfuil cuspóir speisialta aici is ea feithicil sa Chatagóir D, cosúil le hotharcharr, inneall dóiteáin, feithicil a úsáidtear chun innealra tógála bóithre a iompar. Déantar an chaoi a n-úsáidtear an fheithicil a mheas freisin nuair a bhíonn feithicil á haicmiú mar Chatagóir D chun críocha CCF.
Ní bhíonn aon CCF iníoctha ar fheithiclí Catagóir D.
Cad é feithicil sa Chatagóir M?
Is éard atá i gceist le feithicil sa Chatagóir M ná gluaisrothar, scútar nó feithiclí Tír-Raoin Uile (ATV). I dtéarmaí an AE, is ionann feithicil sa rangú L1 go dtí L7 agus feithiclí sa Chatagóir M.
Déantar CCF a mhuirearú trí bhreathnú ar thoilleadh ciúbach i.e. ceintiméadair chiúbacha (cc) an innill. Is iad na rátaí reatha ná €2 i dtaobh gach cc suas go 350 agus €1 in aghaidh gach cc ina dhiaidh sin. Ansin déantar an méid iomlán a laghdú ag na céatadáin fhorordaithe de réir an tábla seo a leanas chun aois na feithicle a thógáil san áireamh.
| Aois | Laghdú CCF |
|---|---|
| > 3 mhí agus < nó cothrom le bliain amháin | 10% |
| > bliain amháin agus < nó cothrom le 2 bhliain | 20% |
| > 2 bhliain agus < nó cothrom le 3 bliana | 40% |
| > 3 bliana agus < nó cothrom le 4 bliana | 50% |
| > 4 bliana agus < nó cothrom le 5 bliana | 60% |
| > 5 bliana agus < nó cothrom le 7 mbliana | 70% |
| > 7 mbliana agus < nó cothrom le 10 mbliana | 80% |
| > 10 mbliana agus < nó cothrom le 30 bliain | 90% |
| > 30 bliain | 100% |
Ní bhíonn aon CBL iníoctha ar ghluaisrothar leictreach.
Cad is feithicil i gCatagóir M1 ann?
Is feithicil í atá deartha agus tógtha chun paisinéirí a iompar agus nach gcuimsíonn níos lú ná 10 suíochán chomh maith le suíochán an tiománaí.
Cad is feithicil i gCatagóir M2 ann?
Is feithicil í atá deartha agus tógtha chun paisinéirí a iompar, a chuimsíonn ar a laghad 10 suíochán, san áireamh suíochán an tiománaí, agus a bhfuil uasmhais aici nach bhfuil níos mó ná 5 tona.
Cad is feithicil i gCatagóir M3 ann?
Is feithicil í atá deartha agus tógtha chun paisinéirí a iompar, a chuimsíonn ar a laghad 10 suíochán, san áireamh suíochán an tiománaí, agus a bhfuil uasmhais aici atá níos mó ná 5 tona.
Cad is feithicil i gCatagóir N1 ann?
Is feithicil í atá deartha agus tógtha chun earraí a iompar agus a bhfuil uasmhais aici nach bhfuil níos mó ná 3.5 tona.
Cad is feithicil i gCatagóir N2 ann?
Is feithicil í atá deartha agus tógtha chun earraí a iompar agus a bhfuil uasmhais aici atá níos mó ná 3.5 tona ach nach bhfuil níos mó ná 12 tona.
Cad is feithicil i gCatagóir N3 ann?
Is feithicil í atá deartha agus tógtha chun earraí a iompar agus a bhfuil uasmhais aici atá níos mó ná 12 tona.
Cad is feithicil i gCatagóir L1e ann?
Is móipéid le dhá roth é, a bhfuil uasluas de 45km/u aige agus uastoilleadh an innill dó inmheánaigh de 50cm3 nó uaschumhacht an mhótair leictrigh de 4kW aige.
Cad is feithicil i gCatagóir L2e ann?
Is móipéid le trí roth é, a bhfuil uasluas de 45km/u aige agus uastoilleadh an innill dó inmheánaigh spréach-adhainte de 50cm3 nó uaschumhacht d’aon innill dó inmheánaigh eile de 4kW nó uaschumhacht an mhótair leictrigh de 4kW aige.
Cad is feithicil i gCatagóir L3e ann?
Is gluaisrothar le dhá roth é, gan charr cliathánach, le huastoilleadh an innill dó inmheánaigh níos mó ná 50cm3 agus/nó uasluas níos mó ná 45km/u.
Cad is feithicil i gCatagóir L4e ann?
Is gluaisrothar le dhá roth é, le carr cliathánach, le huastoilleadh an innill dó inmheánaigh níos mó ná 50cm3 agus/nó uasluas níos mó ná 45km/u.
Cad is feithicil i gCatagóir L5e ann?
Is Trírothach é le trí roth, a bhfuil na rothaí eagraithe go siméadrach air, le huastoilleadh an innill dó inmheánaigh níos mó ná 50cm3 agus/nó uasluas níos mó ná 45km/u.
Cad is feithicil i gCatagóir L6e ann?
Is cuadrothar éadrom é le huasmhais gan ualach de 350kg aige (gan mais na gceallraí san áireamh i bhfeithicil faoi chumhacht leictreach), le huasluas de 45km/u aige agus uastoilleadh an innill dó inmheánaigh spréach-adhainte de 50cm3 nó uaschumhacht d’aon innill dó inmheánaigh eile de 4kW nó uaschumhacht an mhótair leictrigh de 4kW aige.
Cad is feithicil i gCatagóir L7e ann?
Is cuadrothar trom é, le huasmhais gan ualach de 400kg aige nó 550kg le haghaidh feithicle a iompraíonn earraí (gan mais na gceallraí san áireamh i bhfeithicil faoi chumhacht leictreach) agus uaschumhacht ghlan de 15kW aige, is cuma cén cineál innill nó mótair atá aige.
Cad is feithicil i gCatagóir T1 ann?
Is tarracóir le rothaí é le huasluas dearaidh aige nach bhfuil níos mó ná 40 km/u, le leithead na rianta ar an acastóir is gaire don tiománaí(1) nach bhfuil níos lú ná 1150mm ar a laghad, le mais gan ualach, ag obair, atá níos mó ná 600kg, agus scóip ón talamh nach bhfuil níos mó ná 1000 mm.
Cad is feithicil i gCatagóir T2 ann?
Is tarracóir le rothaí é le huasluas dearaidh aige nach bhfuil níos mó ná 40 km/u, le híosleithead na rianta níos lú ná 1150mm, le mais gan ualach, ag obair, atá níos mó ná 600kg agus le scóip ón talamh nach bhfuil níos mó ná 600 mm. Sa chás go bhfuil airde mheáchanlár an tarracóra(2), arna thomhas ón talamh) roinnte ag íosleithead meánach na rianta ar gach acastóir níos mó ná 0.90, áfach, tá an t-uasluas dearaidh teoranta go 30 km/u.
Cad is feithicil i gCatagóir T3 ann?
Is tarracóir le rothaí é le huasluas dearaidh nach bhfuil níos mó ná 40 km/u, agus le huasmhais gan ualach, ag obair, nach bhfuil níos mó ná 600 kg.
Cad is feithicil i gCatagóir T4 ann?
Is tarracóir le rothaí sainchuspóra aige le huasluas dearaidh nach bhfuil níos mó ná 40 km/u.
Cad is feithicil i gCatagóir T5 ann?
Is tarracóir le rothaí é le huasluas dearaidh atá níos mó ná 40 km/u.
Cad is Mótarcharbháin/Mótarbhailte?
Le bheith measta mar mhótarcharbhán/mhótarbhaile ní mór gur feithicle Chatagóir M1, M2 nó M3 an fheithicil (aicmiú feithiclí AE le cód Cabhalra an AE de SA) agus ní mór í a bheith tógtha chun cóiríocht chónaithe a chuimsiú ina bhfuil an trealamh seo a leanas ar a laghad:
- suíocháin agus bord,
- cóiríocht chodlata a d’fhéadfaí a dhéanamh ó na suíocháin,
- áiseanna cócaireachta, agus
- áiseanna stórála.
Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcaithfidh an trealamh a bheith daingnithe go teann leis an gcábán cónaithe, d’fhéadfadh an bord a bheith deartha, áfach, ionas gur féidir é a aistriú go héasca.
Gearrfar CCF ag ráta 13.3% de phraghas díolacháin na feithicle ar an margadh oscailte ag am a cláraithe ar mhótarcharbháin/mhótarbhailte arna gclárú an 1 Eanáir 2011 nó dá éis.
Cad is feithicil leictreach ann?
Ciallaíonn 'feithicil leictreach' feithicil sraith-tháirgthe a fhaigheann a cumhacht ghluaise ó mhótar leictreach amháin.
Cloisim go bhfuil faoiseamh CCF le fail ar fheithicil leictreach. An bhfuil sé sin fíor?
Tá. Bíonn feithiclí i gCatagóir A nó i gCatagóir B a gcruthaítear do na Coimisinéirí Ioncaim gur múnlaí sraith-tháirgthe iad d’fheithiclí leictreacha (.i. a monaraíodh ar dtús) a chláraítear sa tréimhse ó 1 Eanáir 2011 go 30 Aibreán 2011 2011, díolmhaithe ó CCF.
Tá feithiclí den sórt sin arna gclárú sa tréimhse ó 1 Bealtaine 2011 go 31 Nollaig 2013 i dteideal faoiseamh a fháil suas go huasmhéid €5,000. Ar an ábhar sin, mar shampla, nuair is €5,750 an méid CCF atá iníoctha ar chlárú feithicil leictreach incháilithe le linn na tréimhse sin, is é €750 an méid CCF a bheidh iníoctha ag am cláraithe na feithicle (.i. €5,750 – €5,000).
Tá gluaisrothair leictreacha díolmhaithe ó CCF go dtí an 31 Nollaig 2013.
An bhfuil aon díolúintí eile ann d’fheithiclí leictreacha?
Tá. D’fhéadfadh go gcáileodh feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí breosla solúbtha, a chláraítear sa tréimhse ó 1 Eanáir 2013 go 31 Nollaig 2013, do loghadh nó d’aisíocaíocht suas go €1,500 ar a mhéid. Ní mór go mbeadh na feithiclí ina bhfeithiclí sraith-tháirgthe (.i. a monaraíodh ar dtús). Tugtar an aisíocaíocht nó an loghadh ar scála aistritheach ag brath ar aois an chairr (féach ar Tábla 1 thíos le do thoil).
D’fhéadfadh go mbeadh feithiclí leictreacha hibrideacha plugála sraith-tháirgthe (.i. a monaraíodh ar dtús) a chláraítear sa tréimhse ó 1 Eanáir 2013 go 31 Nollaig 2013 incháilithe chun loghadh nó aisíocaíocht a fháil ar scála aistritheach suas go €2,500 ag brath ar aois an chairr (féach ar Tábla 2 thíos le do thoil).
Tábla 1 - Feithiclí Hibrideacha agus Feithiclí Breosla Solúbtha a chláraítear sa tréimhse ó 1 Eanáir 2013 go 31 Nollaig 2013
| Aois na feithicle hibridí nó na feithicle atá solúbtha maidir le breosla | An t-uasmhéid is féidir a loghadh nó a aisíoc |
|---|---|
| Feithicil nua, clárú den chéad uair | €1,500 |
| Feithicil nach bhfuil nua ach atá faoi bhun 2 bhliain d'aois | €1,350 |
| 2 bhliain nó os a chionn ach níos lú ná 3 bliana | €1,200 |
| 3 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 4 bliana | €1,050 |
| 4 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 5 bliana | €900 |
| 5 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 6 bliana | €750 |
| 6 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 7 mbliana | €600 |
| 7 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 8 mbliana | €450 |
| 8 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 9 mbliana | €300 |
| 9 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 10 mbliana | €150 |
| 10 mbliana nó os a chionn | Nialas |
Tábla 2 - Feithiclí leictreacha hibrideacha plugála a chláraítear sa tréimhse ó 1 Eanáir 2013 go 31 Nollaig 2013
| Aois na feithicle leictrí hibridí plugála | An t-uasmhéid is féidir a loghadh nó a aisíoc |
|---|---|
| Feithicil nua, clárú den chéad uair | €2,500 |
| Feithicil nach bhfuil nua ach atá faoi bhun 2 bhliain d'aois | €2,250 |
| 2 bhliain nó os a chionn ach níos lú ná 3 bliana | €2,000 |
| 3 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 4 bliana | €1,750 |
| 4 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 5 bliana | €1,500 |
| 5 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 6 bliana | €1,250 |
| 6 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 7 mbliana | €1,000 |
| 7 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 8 mbliana | €750 |
| 8 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 9 mbliana | €500 |
| 9 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 10 mbliana | €250 |
| 10 mbliana nó os a chionn | Nialas |
Cad é feithicil leictreach hibrideach?
Ciallaíonn feithicil leictreach hibrideach feithicil a fhaigheann a cumhacht mhótair ó mheascán d’inneall dócháin inmheánaigh agus mótar leictreach is féidir a thiomáint ar leictreachas amháin ar feadh chuid mhaith dá ghnáth-thimthriall tiomána.
Cad é feithicil breosla solúbtha?
Ciallaíonn feithicil breosla solúbtha feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó inneall dócháin inmheánaigh a fhéadann meascán d’eatánól agus peitreal a úsáid, áit a bhfuil 85 faoin gcéad d’eatánól ar a laghad sa mheascán sin.
Cad é feithicil leictreach hibrideach plugála?
Ciallaíonn feithicil leictreach hibrideach plugála feithicil sraith-tháirgthe a fhaigheann a cumhacht mhótair ó mheascán de mhótar leictreach agus inneall dócháin inmheánaigh, áit a bhfaigheann an mótar leictreach a chumhacht ó cheallra is féidir a luchtú ón inneall dócháin inmheánaigh agus ó phríomlíonra leictreachais srutha ailtéarnaigh (AC) agus is féidir a thiomáint ar leictreachas amháin ar feadh cuid mhaith dá ghnáth-thimthriall tiomána.
Arna athbhreithniú: Aibreán 2013
