Cáin Cláraithe Feithiclí

Tá Cáin Chláraithe Feithiclí inmhuirir ar chlárú mótarfheithiclí sa Stát (ar a n-áirítear gluaisrothair). Caithfear gach mótarfheithicil sa Stát, seachas cinn atá tugtha anseo go sealadach ag cuairteoirí, a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Caithfidh feithicil a bheith cláraithe sula ndéanfar í a cheadúnú le haghaidh cáin bóthair.

I gcás a lán múnlaí feithiclí is féidir luacháil chun críche CCF a fháil ón áireamhán CCF.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndéanann foireann na gCoimisinéirí Ioncaim luacháil feithiclí, mura cuireadh an fheithicil ar fáil lena clárú. Má theastaíonn uait meastachán ar gharluach CCF a fháil do mhúnla feithicle nach bhfuil ar an Áireamhán CCF, féach, le do thoil, ar rannóg na gceisteanna coitianta ar an láithreán Gréasáin - "Cén chaoi a bhfaighidh mé amach cé mhéad CCF a bheidh le híoc agam mura bhfuil m’fheithicil ar an Áireamhán CCF?"

Na hAthruithe is Déanaí ar Nósanna Imeachta

Ón 1 Eanáir 2012, ní chlárófar feithicil arna clárú roimhe sin má thaispeántar deimhniú eachtrach clárúcháin, deimhniú easpórtála buaine nó deimhniú nach bhfuil sí cláraithe a thuilleadh. Ní ghlacfar le doiciméadúchán eile amhail deimhniú tarrthálais chun críocha clárúcháin. Mura bhfuil ceann de na doiciméid seo agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le húdarás clárúcháin an Stáit ónar allmhairíodh an fheithicil (nó i gcás feithiclí ag teacht ón Ríocht Aontaithe, an the Driver and Vehicle Licensing Agency External link)

 

Fómhais a Feithiclí Nua

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil ón Oifig Mótarchánach faoi cháin a chur ar fheithicil nua nó atá iompórtáilte.Nasc seachtrach

 

Lámhleabhair Cáin Cláraithe Feithiclí


Leagan furasta le priontáil