Treoir maidir le Cáin Chláraithe Feithiclí
Tá Cáin Chláraithe Feithiclí inmhuirir ar chlárú mótarfheithiclí sa Stát (ar a n-áirítear gluaisrothair). Caithfear gach mótarfheithicil sa Stát, seachas cinn atá tugtha anseo go sealadach ag cuairteoirí, a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Caithfidh feithicil a bheith cláraithe sula ndéanfar í a cheadúnú le haghaidh cáin bóthair.
- Cén áit a chláróidh mé?
- Cathain nach mór dom clárú?
- Conas a chláraím do CBL?
- Conas a dhéantar an cháin a ríomh?
- Conas a íocaim?
- An féidir liom aon rud a dhéanamh má chreidim go ndearnadh mé a ró-mhuirearú?
- Cá háit a bhféadaim uimhirphlátaí a fháil?
- Cad a tharlaíonn áit a gceannaím ó dhéileálaí carr?
- Cathain a bhfaighidh mé mo dheimhniú cláraithe?
- Faoisimh agus díolúintí
- Cad iad na catagóirí CCF agus na rátaí reatha cuí do CCF?
- Cad é Deimhniú Comhréireachta agus cathain a bhíonn sé ag teastáil?
- Cathain a bhíonn CBL inmhuirir agus iníoctha?
- Modh iompair (nua agus ré-chaite) iompórtáilte ó lasmuigh de chríoch fhioscach an AE
- Cathain a bhíonn CTC inmhuirir agus iníoctha?
- Cad is gá dom a chlárú maidir le chomhshó / mhodhnú feithicle?
Cén áit a chláróidh mé?
Cheap na Coimisinéirí Ioncaim STNG le roinnt feidhmeanna a bhaineann le clárú feithiclí a chur i gcrích ar a son. Ó 1 Mean Fómhair 2010, chun an fheithicil a chlárú, caithfidh tú coinne a dhéanamh i lárionad STNG le go ndéanfar an fheithicil a thástáil agus leis an CCF atá dlite a íoc (nó aon dhliteanas cánach eile más cuí). Tá sonraí na lárionad STNG a ghlacann le coinní le feithiclí a chlárú ar fáil ar www.ncts.ie/vrt.html![]()
Is féidir leat coinne a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ceann de na modhanna seo a leanas:
- Ar Líne: www.ncts.ie/vrt.html

- Uimhir theileafóin Íosghlao: 1890 927 787
- Scríobh chuig STNG ag:
Vehicle Registration Tax Booking
Lakedrive 3026,
Citywest Business Campus,
Naas Road,
Baile Átha Cliath 24.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil uait agus an choinne á déanamh agat, óir iarrfar ort í:
- Ainm
- Seoladh
- Uimhir Ghutháin Phóca
- Seoladh Ríomhphoist
- Cineál Feithicle
- Uimhir Fonnaidh/Uimhir VIN
- Uimhir Chláraithe Reatha na Feithicle
Tá tuilleadh eolais faoi conas coinne a chur in áirithe ar fáil ar láithreán gréasáin na STNG ar www.ncts.ie/vrt.html![]()
Cé go gcaithfidh tú íoc as an tseirbhís seo déanfar an muirear a chur in aghaidh aon íocaíochta CCF a bheidh ort a íoc ag deireadh phróiseas an chláraithe.
Cathain nach mór dom clárú?
Chun feithicil neamhchláraithe (nó feithicil a cláraíodh roimhe seo lasmuigh den Stát) a chlárú, ní mór duit coinne a dhéanamh leis an STNG taobh istigh de 7 lá ó tugadh isteach sa Stát í le go ndéanfar tástáil reamhchlárúcháin uirthi. Ní mór duit an próiseas cláraithe a chomhlánú agus CCF a íoc ag an lárionad STNG laistigh de 30 lá ó tháinig an fheithicil isteach sa Stát. Tá tuilleadh eolais faoi conas an tástáil a chur in áirithe ar fáil ar láithreán gréasáin na STNG ar www.ncts.ie/vrt.html
.
Muirear Breise arna Ghearradh ag na Coimisinéirí Ioncaim sa chás nach gCláraítear Feithicil taobh istigh de 30 lá.
Cuirtear ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim le hAlt 62 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 muirear breise a ghearradh ar chlárú i gcás ina bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim den tuairim nár cláraíodh an fheithicil laistigh den teorainn shonraithe 30 lá. Is iondúil go dtagann sé seo chun cinn sa chás nach gcuirtear fianaise dhoiciméadach shásúil ar fáil nuair atá an fheithicil á clárú.
Ba chóir ceisteanna ar bith a bhaineann le muirear breise a ghearrtar le linn cláraithe a sheoladh chuig an rannóg um Cháin Chláraithe Feithiclí laistigh de do cheantar áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tabhair faoi deara nach láimhseálfar ceisteanna a bhaineann le muirear breise mura gcuirtear fianaise dhoiciméadach ar fáil a chruthaíonn an dáta a tháinig an fheithicil isteach sa Stát. Ba chóir an doiciméadú seo a bheith curtha ar fáil don NCTS nuair a tugadh an fheithicil isteach lena clárú.
Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhféadfadh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó An Garda Síochána feithicil neamhchláraithe a choinneáil i gcoimeád i gcás nár cláraíodh an fheithicil laistigh den teorainn shonraithe 30 lá
Conas a chláraím?
Chun aon fheithicil a chlárú, ní mór duit cruthúnas aitheantais a thabhairt leat, mar shampla Pas nó Ceadúnas Tiomána chomh maith leis an bhfeithicil agus an doiciméadú eile a theastaíonn. Moltar duit uimhir fonnaidh/VIN (Uimhir Aitheantais na Feithicle) a aimsiú don chigire STNG agus an fheithicil á tabhairt isteach agat le haghaidh cigireachta.
Más feithicil athláimhe (ceann a cláraíodh den chéad uair 3 mhí ó shin ar a laghad agus go bhfuil 3,000 ciliméadair ar a laghad taistealaithe aici) atá á clárú agat ní mór iad seo a thabhairt leat:
- Fianaise go raibh sí cláraithe cheana, mar shampla deimhniú eachtrach cláraithe, deimhniú easpórtála buaine nó deimhniú nach bhfuil sí cláraithe a thuilleadh, más cuí (coinneoidh an Lárionad STNG an doiciméad seo, mar sin déan cóip de sula dtéann tú chuig an lárionad cláraithe).
- An sonrasc, agus caithfidh an dáta ceannaigh/díola a bheith le feiceáil go soiléir air.
- Doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara chláraithe (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc). Tugann an bhileog eolais Ainm an Úinéara agus Seoladh Dearbhuithe faisnéis bhreise maidir le hainm agus seoladh an úinéara.
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an duine a mbeidh an fheithicil cláraithe faoina ainm. Beidh fianaise dhoiciméadach den UPSP ag teastáil. Cuimsíonn seo duillín pá, P60 nó aon dhoiciméadú a d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d'uimhir PSP, d'ainm agus do sheoladh. Áit a chláraíonn trádálaí údaraithe (Sealbhóir TAN) feithicle thar ceann custaiméara, ba chóir dó/di a Uimhir Custaiméara Ioncaim (.i. uimhir CBL nó CC) a thabhairt in ionad an UPSP an duine a bhfuil an fheithicil cláraithe faoina ainm.
- I gcás feithiclí a iompórtáiltear ó Thuaisceart Éireann, áit a bhfuil dáta an sonraisc níos mó ná 30 lá roimh an dáta ar a gcaithfidh tú an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh cláraithe, ní mór duit cur in iúl cá raibh an fheithicil stóráilte. I gcás feithiclí a ceannaíodh áit éigin eile (ar a n-áirítear an RA), beidh sonraí loingseoireachta ag teastáil uait leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a dhearbhú. Áit nach bhfuil fianaise shásúil ar fáil maidir leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát, d'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim muirear breise a ghearradh don tréimhse ó dháta an sonraisc go dtí dáta an chláraithe.
- Áit a n-éilítear díolúine ó CCF, an fógra díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
- Doiciméadú (mar a bheidh faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim) a dhearbhaíonn leibhéal astúchán CO2 na feithicle nuair a rinneadh í. Sa chás nach bhfuil doiciméadú ar fáil a dhearbhaíonn leibhéal astúchán CO2 na feithicle nuair a rinneadh í ag am an chláraithe, gearrfar CCF ag an ráta infheidhme is airde.
- I gcás feithiclí atá níos sine ná 4 bliana, deimhniú ródacmhainneachta nach bhfuil imithe in éag ag dearbhú go bhfuil tástáil coibhéiseach leis an STNG bainte amach acu. Sa chás nach bhfuil an doiciméadú seo ar fáil, d'fhéadfaí an carr a ghlaoch le haghaidh tástála ródacmhainneachta STNG go luath i ndiaidh an chláraithe.
Tá Doiciméid 1-4 thuas éigeantach agus ní chlárófar an fheithicil mura bhfuil siad ar fáil leis an bhfeithicil agus í á clárú.
Ní mór na doiciméid thíos a bheith le feithicil nua nua (chun críche CCF, ciallaíonn sé seo feithicil nár cláraíodh agus nár taifeadadh go buan roimhe seo sa Stát nó i stát eile, agus a fuarthas faoi ghnáthchoinníollacha cánachais):
- An Deimhniú Comhréireachta de chuid an ‘European Community Whole Vehicle Type-Approval (ECWVTA)' nó ‘Individual Vehicle Approval (IVA)' nó ‘National Small Series Type-Approval (NSSTA)'. Má cláraíodh an fheithicil cheana, beidh fianaise ag teastáil go raibh an fheithicil cláraithe cheana, m.sh. deimhniú eachtrach clárúcháin, deimhniú easpórtála buaine nó deimhniú nach bhfuil sí cláraithe a thuilleadh, más cuí. (Coinneoidh an Lárionad STNG an doiciméad seo, mar sin déan cóip de sula dtéann tú chuig an lárionad tástála).
- An sonrasc, agus caithfidh an dáta ceannaigh/díola a bheith le feiceáil go soiléir air.
- Doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara chláraithe (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc). Tugann an bhileog eolais Ainm an Úinéara agus Seoladh Dearbhuithe faisnéis bhreise maidir le hainm agus seoladh an úinéara.
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an duine a mbeidh an fheithicil cláraithe faoina ainm. Beidh fianaise dhoiciméadach den UPSP ag teastáil. Cuimsíonn seo duillín pá, P60 nó aon doiciméadú a d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d'uimhir PSP, d'ainm agus do sheoladh. Áit a chláraíonn trádálaí údaraithe (Sealbhóir TAN) feithicle thar ceann custaiméara, ba chóir dó/di a Uimhir Custaiméara Ioncaim (.i. uimhir CBL nó CC) a thabhairt in ionad an UPSP an duine a bhfuil an fheithicil cláraithe faoina ainm.
- I gcás feithiclí a iompórtáiltear ó Thuaisceart Éireann, áit a bhfuil dáta an sonraisc níos mó ná 30 lá roimh an dáta ar a gcaithfidh tú an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh cláraithe, ní mór duit cur in iúl cá raibh an fheithicil stóráilte. I gcás feithiclí a ceannaíodh áit éigin eile (ar a n-áirítear an RA), beidh sonraí loingseoireachta ag teastáil uait leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a dhearbhú. Áit nach bhfuil fianaise shásúil ar fáil maidir leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát, d'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim muirear breise a ghearradh don tréimhse ó dháta an sonraisc go dtí dáta an chláraithe,
- Áit a n-éilítear díolúine ó CCF, an fógra díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá Doiciméid 1-4 thuas éigeantach agus ní chlárófar an fheithicil mura bhfuil siad ar fáil leis an bhfeithicil agus í á clárú.
Má chuirtear feithicil i láthair i gcomhair cláraithe ag duine nach úinéir cláraithe na feithicle é, ní mór go mbeadh litir thoilithe aige a shínigh an té atá ag iarraidh clárúcháin. Caithfidh an "duine/gníomhaire/déileálaí mótair" ag feidhmiú ar son dhuine eile cruthúnas aitheantais a thabhairt leis, mar shampla Pas nó Ceadúnas Tiomána.
Scrúdófar an fheithicil féin sa Lárionad de chuid na STNG le deimhniú gurb ann do na gnéithe éagsúla a leagtar síos sa doiciméadú tionlacain, mar shampla uimhir aitheantais na feithicle (VIN), uimhir chláraithe (má cláraíodh an fheithicil cheana), déantóir, múnla, athraitheach, méid an innill, líon na ndoirse srl. Mura bhfuil an doiciméadú riachtanach ar fáil agus an fheithicil á tástáil nó murab ionann sonraí na feithicle agus sonraí an doiciméadaithe, ní chlárófar an fheithicil.
Nuair is léir go gcáilíonn an fheithicil do chlárú tabharfar doiciméad duit ina mbeidh sonraí na feithicle agus beidh ort é sin a shíniú le dearbhú gur mian leat an fheithicil a chlárú. I ndiaidh an dearbhaithe, sannfaidh Coimisinéirí Ioncaim uimhir chláraithe don fheithicil agus eiseoidh an STNG í seo chugat nuair a íoctar an cháin atá dlite.
Ba chóir a thabhairt ar aird, más gá dul go dtí lárionad de chuid na STNG an dara huair mar gheall ar dhoiciméadú a bheith mícheart nó a caillte, beidh ort íoc as an dara cuairt.
I ngach cás, ní mór an fheithicil a chlárú laistigh de 30 lá tar éis di teacht isteach sa Stát agus ní mór an uimhir chláraithe a chur ar an bhfeithicil laistigh de thrí lá ón gclárú.
Conas a dhéantar an cháin a ríomh?
I gcás carranna agus veaineanna beaga, is ionann an cháin agus céatadán den phraghas miondíola ionchais, lena n-áirítear gach cáin sa Stát. Tugtar an Praghas Díola Margaidh Oscailte nó PDMO air sin. Ag glacadh le sonraí na feithicle curtha ar aghaidh ag an lárionad STNG chuig na Coimisinéirí Ioncaim tar éis don fheithicil a bheith scrúdaithe, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin seo a ríomh duit ag am an chláraithe. Seans go mbeidh tú in ann meastachán den CCF a fháil ó Chóras Fiosrúcháin ar líne maidir le Clárú Feithiclí. Cé go gcothabhálann na Coimisinéirí Ioncaim measúnú cruinn ar na feithiclí ina mbunachar sonraí, de bharr éagsúlacht na ndéantóirí, na múnlaí, agus na leaganacha atá ar fáil, féadann an fheithicil tugtha isteach i le bheith cláraithe san ionad TNG a bheith difriúil go mór ón gceann i mbunachar sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim agus mar sin d'fhéadfadh difríocht mhór, nach raibh tú ag súil léi, a bheith sa mhuirear CCF a ghearrtar.
Conas a fhéadaim íoc?
Baileoidh an Lárionad STNG an muirear CCF (agus dliteanais eile chánach) thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat an muirear seo a íoc mar seo:
- Airgead tirim (Suas go dtí €200)
- Cárta Laser (Suas go dtí €1,500)
- Dréacht bainc (atá iníoctha leis an " Applus Car Testing Service")
- Cárta Creidmheasa (gearrann an Lárionad TNG formhuirear 1.5% ar an modh íocaíochta seo)
An féidir liom aon rud a dhéanamh má chreidim go ndearnadh mé a ró-mhuirearú?
Is féidir. Tabhair faoi deara, áfach, gurb iad na Coimisinéirí Ioncaim a ghearrann an muirear CCF agus ní bheidh foireann an lárionaid STNG in ann cabhrú leat maidir le haon fhiosrúchán bainteach leis an muirear CCF.
Mar sin, i diaidh duit an méid a íoc, féadann tú an muirear a achomharc leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin nós imeachta foirmiúil achomhairc um mál, a bhfuil na sonraí faoi leagtha amach i mbileog faisnéise ar leith Nós Imeachta Achomhairc a fhéadann tú a fháil ag aon Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tabhair faoi deara go mbeidh ort fianaise a chur isteach, a d'aimsigh tú ar do chostas féin, mar thacaíocht ar do thuairim faoin luach inmhuirir.
Má shocraíonn tú nach mian leat an fheithicil a chlárú agus an CCF atá dlite a íoc, ní mór duit cinntiú go dtógfar an fheithicil amach ón Stát láithreach, laistigh de 30 lá ó tháinig sí isteach ar a dheireanaí.
Cá háit a bhféadaim uimhirphlátaí a fháil?
Nuair a ghlacann an STNG leis an íocaíocht CCF (agus aon dhliteanais eile), eiseoidh an Lárionad STNG an uimhir chláraithe a sannadh don fheithicil ag na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór an uimhir chláraithe nua a thaispeáint san fhormáid shéanta laistigh de thrí lá tar éis di a bheith eisithe duit. Tá na sonraí a bhainean le leagan séanta na bplátaí cláraithe ar fáil sa bhileog faisnéise Formáid na bPlátaí Cláraithe.
Cad a tharlaíonn áit a gceannaím ó dhéileálaí carr?
Tá sé de dhualgas ar an déileálaí an CCF a íoc agus an fheithicil a chlárú sula dtugann sé duit í.
Cathain a bhfaighidh mé mo dheimhniú cláraithe?
Cuirfear an deimhniú clárúcháin, a eiseoidh an Roinn Iompair
, sa phost chugat tar éis duit mótarcháin a íoc le d'údaráis áitiúil.
Faoiseamh agus díolúintí
Tá faoisimh agus díolúintí éagsúla ó CCF ar fáil i gcúinsí áirithe. Áiríonn siad díolúintí a d'fhéadfadh a bheith i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:
- Aistriú Áit Chónaithe
- Gníomhaíochtaí Gnó a Aistriú
- Oidhreacht
- Dioplómaitiúil
Tá faoiseamh ar fáil freisin do dhaoine áirithe faoi mhíchumas a chomhlíonann critéir mhíochaine áirithe. Tá bileog faisnéise Feithiclí do Dhaoine faoi Mhíchumas - Scéim Faoisimh Chánach ar fáil ar líne nó ó aon oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má cheapann tú gi bhfuil tú i dteideal díolúine, ní mór duit dul i dteagmháil le d'oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus iarratas ar dhíolúine a dhéanamh. De ghnáth déanfar an t-iarratas, má tá an doiciméadú ábhartha ar fad leis, a phróiseáil laistigh de 10 lá oibre, agus má cheadaítear é, eiseofar litir duit ag dearbhú go bhfuil tú incháilithe don díolúine. Caithfidh tú an litir seo a thabhairt leat go dtí an Lárionad STNG nuair atá an fheithicil á clárú, leis an díolúine a fháil.
Ní cheadófar díolúine ach amháin má gheofar an litir seo sa lárionad STNG. Áit nach bhfuil an litir díolúine ar fáil ag am an chláraithe (is é sin má chailltear é) gearrfar CCF iomlán. Tabharfar ar ais é seo nuair a bheas an litir ag oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cad iad na catagóirí CCF agus na rátaí reatha cuí do CCF?
Tá an sainmhíniú dlíthiúil do gach Catagóir CCF sainithe in Alt 130 den Acht Airgeadais 1992, arna leasú. Tá sainmhínithe dlíthiúla eile maidir le CCF ar áireamh in I.R. 318 de 1992.
CCF Catagóir A
Cuimsíonn Catagóir A carranna (carranna salúin, carranna eastáit, carranna cúlhaiste, carranna in-chomhshóite, carranna coupe, MPVanna, Jípeanna srl.) agus mionbhusanna a bhfuil níos lú ná 12 suíochán buanfheistithe iontu, suíochán an tiománaí san áireamh. Tá an ráta cánach atá inmhuirir bunaithe ar leibhéal astúcháin CO2 na feithicle nuair a rinneadh í. Is iad na rátaí agus na híosmhéideanna bainteacha ná:
| Astúcháin CO2 (g CO2/km) | Rátaí CCF | Íosmhéid CCF |
|---|---|---|
| 0 - 120g | 14% den PDMO | €280 |
| 121 - 140g | 16% den PDMO | €320 |
| 141 - 155g | 20% den PDMO | €400 |
| 156 - 170g | 24% den PDMO | €480 |
| 171 - 190g | 28% den PDMO | €560 |
| 191 - 225g | 32% den PDMO | €640 |
| 226g agus thairis | 36% den PDMO | €720 |
CCF Catagóir B
Áirítear le samplaí d'fheithiclí Catagóir B veaineanna áirithe a d'éirigh as carranna agus veaineanna áirithe a d'éirigh as jípeanna.
Is é an ráta CCF a chuirtear i bhfeidhm ar fheithiclí i gCatagóir B, faoi réir íosmhéid €125, ná 13.3% den Phraghas Díola Margaidh Oscailte (PDMO).
Mótarcharbháin/Mótarbhailte
Le bheith measta mar mhótarcharbhán/mhótarbhaile ní mór gur feithicle Chatagóir M1, M2 nó M3 an fheithicil (aicmiú feithiclí AE le corpchineál SA) agus ní mór í a bheith tógtha chun cóiríocht chónaithe a chuimsiú ina bhfuil an trealamh seo a leanas ar a laghad:
- suíocháin agus bord,
- cóiríocht chodlata a d'fhéadfaí a dhéanamh ó na suíocháin,
- áiseanna cócaireachta, agus
- áiseanna stórála.
Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcaithfidh an trealamh a bheith daingnithe go teann leis an gcábán cónaithe, d'fhéadfadh an bord a bheith deartha, áfach, ionas gur féidir é a aistriú go héasca.
Gearrfar CCF ag ráta 13.3% de phraghas díolacháin na feithicle ar an margadh oscailte ag am a cláraithe ar mhótarcharbháin/mhótarbhailte arna gclárú an 1 Eanáir 2011 nó dá éis.
CCF Catagóir C
Is éard atá i gceist le feithicil sa Chatagóir C ná feithicil tráchtála, tarracóir talmhaíocha nó bus ar a laghad 10 suíochán, suíochán an tiománaí san áireamh agus mótarcharbháin mhóra a bhfuil meáchan gan ualach thar 3,000 cileagram acu. I dtéarmaí an AE, áirítear le feithiclí Chatagóir C feithiclí N2 (os cionn 3.5 tona agus faoi 12 thona meáchain), feithiclí N3 (os cionn 12 thona meáchain), feithiclí M2 (faoi 5 thona meáchain, agus ar a laghad 10 suíochán iontu, suíochán an tiománaí san áireamh) agus feithiclí M3 (os cionn 5 thona meáchain, agus 10 suíochán ar a laghad iontu, suíochán an tiománaí san áireamh).
Amhail ar an agus ón 1 cháin chláraithe Bealtaine 2011, feithicle maidir le clárú feithiclí Chatagóir C méadú ó € 50 go € 200
CCF Catagóir D
I measc na samplaí d'fheithiclí Catagóir D tá otharchairr, innill dóiteáin, feithiclí a úsáidtear chun innealra tógála bóithre a iompar. Déantar an chaoi a n-úsáidtear an fheithicil a mheas freisin nuair a bhíonn feithicil á haicmiú mar Chatagóir D chun críocha CCF.
Ní bhíonn aon CCF iníoctha ar fheithiclí Catagóir D.
Gluaisrothair
I measc na samplaí áirítear gluaisrothair, scútair, Feithiclí Tír-Raoin Uile (ATV). Déantar CCF a mhuirearú trí bhreathnú ar thoilleadh ciúbach .i. ceintiméadair chiúbacha (cc) an innill. Is iad na rátaí reatha ná €2 i dtaobh gach cc suas go 350 agus €1 in aghaidh gach cc ina dhiaidh sin. Ansin déantar an méid iomlán a laghdú ag na céatadáin fhorordaithe de réir an tábla thíos chun aois na feithicle a thógáil san áireamh:
| Aois | Laghdú CCF |
|---|---|
| > 3 mhí agus < nó cothrom le bliain amháin | 10% |
| > Bliain amháin < nó cothrom le 2 bhliain | 20% |
| > 2 bhliain agus < nó cothrom le 3 bliana | 40% |
| > 3 mbliana agus < nó cothrom le 4 bhliain | 50% |
| > 4 bliana agus << nó cothrom le 5 bliana | 60% |
| > 5 bliana agus < nó cothrom le 7 mbliana | 70% |
| > 7 mbliana agus < nó cothrom le 10 mbliana | 80% |
| > 10 mbliana agus < nó cothrom le 30 bliain | 90% |
| > 30 bliain | 100% |
Aisíocaíocht/Loghadh ar Mhótarfheithiclí Hibrideacha agus Feithiclí Breosla Solúbtha.
D'fhéadfadh go gcáileodh feithiclí leictreacha hibrideacha agus feithiclí breosla solúbtha do loghadh nó d'aisíocaíocht suas go €1,500 ar a mhéid. Ní mór go mbeadh na feithiclí ina bhfeithiclí sraith-tháirgthe (.i. a monaraíodh ar dtús). Tugtar an aisíocaíocht nó an loghadh ar scála aistritheach ag brath ar aois an chairr (féach ar Tábla 1 thíos le do thoil).
D'fhéadfadh go mbeadh feithiclí leictreacha hibrideacha plugála sraith-tháirgthe (.i. a monaraíodh ar dtús) a chláraítear sa tréimhse ó 1 Eanáir 2011 go 31 Nollaig 2012 incháilithe chun loghadh nó aisíocaíocht a fháil ar scála aistritheach suas go €2,500 ag brath ar aois an chairr (féach ar Tábla 2 thíos le do thoil).
Tábla 1 - Feithiclí Hibrideacha agus Feithiclí Breosla Solúbtha a chláraítear sa tréimhse ó 1 Eanáir 2011 go 31 Nollaig 2012
| Aois na feithicle hibridí nó na feithicle atá solúbtha maidir le breosla | An t-uasmhéid is féidir a loghadh nó a aisíoc |
|---|---|
| Feithicil nua, clárú den chéad uair | €1,500 |
| Feithicil nach bhfuil nua ach atá faoi bhun 2 bhliain d'aois | €1,350 |
| 2 bhliain nó os a chionn ach níos lú ná 3 bliana | €1,200 |
| 3 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 4 bliana | €1,050 |
| 4 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 5 bliana | €900 |
| 5 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 6 bliana | €750 |
| 6 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 7 mbliana | €600 |
| 7 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 8 mbliana | €450 |
| 8 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 9 mbliana | €300 |
| 9 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 10 mbliana | €150 |
| 10 mbliana nó os a chionn | Nialas |
Tábla 2 - Feithiclí leictreacha hibrideacha plugála a chláraítear sa tréimhse ó 1 Eanáir 2011 go 31 Nollaig 2012
| Aois na feithicle leictrí hibridí plugála | An t-uasmhéid is féidir a loghadh nó a aisíoc |
|---|---|
| Feithicil nua, clárú den chéad uair | €2,500 |
| Feithicil nach bhfuil nua ach atá faoi bhun 2 bhliain d'aois | €2,250 |
| 2 bhliain nó os a chionn ach níos lú ná 3 bliana | €2,000 |
| 3 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 4 bliana | €1,750 |
| 4 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 5 bliana | €1,500 |
| 5 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 6 bliana | €1,250 |
| 6 bliana nó os a chionn ach níos lú ná 7 mbliana | €1,000 |
| 7 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 8 mbliana | €750 |
| 8 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 9 mbliana | €500 |
| 9 mbliana nó os a chionn ach níos lú ná 10 mbliana | €250 |
| 10 mbliana nó os a chionn | Nialas |
Ciallaíonn 'feithicil leictreach hibrideach' feithicil sraith-tháirgthe a fhaigheann a cumacht ghluaiste ó mheascán d'inneall dóchain inmheánaigh agus mótar leictreach ar féidir a thiomáint ar leictreachas ina aonar d'ábhar atá mar chuid dá ghnáth-thimthriall tiomána.
Ciallaíonn 'feithicil breosla solúbtha' feithicil sraith-tháirghte a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó inneall dócháin inmheánaigh a fhéadann meascán d'eatánól agus peitreal a úsáid, áit a bhfuil 85 faoin gcéad d'eatánól ar a laghad sa mheascán sin.
Ciallaíonn 'feithicil leictreach hibrideach plugála' feithicil sraith-tháirgthe a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó mheascán de mhótar leictreach agus inneall dócháin inmheánaigh, áit a bhfaigheann an mótar leictreach a chumhacht ó cheallra ar féidir é a luchtú ón inneall dócháin inmheánaigh agus ó phríomlíonra leictreachais srutha ailtéarnaigh (AC) agus ar féidir a thiomáint ar leictreachas amháin ar feadh chuid mhaith dá ghnáth-thimthriall tiomána.
Feithiclí Leictreacha ar a n-áirítear Gluaisrothair Leictreacha
Bíonn feithiclí i gCatagóir A nó i gCatagóir B a gcruthaítear do na Coimisinéirí Ioncaim gur múnlaí sraith-tháirgthe iad d'fheithiclí leictreacha (.i. a monaraíodh ar dtús) arna gclárú sa tréimhse ó 1 Eanáir 2011 go 30 Aibreán 2011, díolmhaithe ó CCF. Tá feithiclí den sórt sin arna gclárú sa tréimhse ó 1 Bealtaine 2011 go 31 Nollaig 2012 i dteideal faoiseamh a fháil suas go huasmhéid €5,000. Ar an ábhar sin, mar shampla, nuair is €5,750 an méid CCF atá iníoctha ar chlárú feithicil leictreach incháilithe, is é €750 an méid CCF a bheidh iníoctha ag am cláraithe na feithicle (.i. €5,750 – €5,000).
Tá gluaisrothair leictreacha díolmhaithe ó CCF go dtí an 31 Nollaig 2012.
ciallaíonn 'feithicil leictreach' feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó mhótar leictreach amháin.
ciallaíonn 'gluaisrothar leictreach' gluaisrothar a fhaigheann a chumhacht ghluaiste ó mhótar leictreach amháin.
Cad é Deimhniú Comhréireachta agus cathain a bhíonn sé ag teastáil?
Caithfidh gach carr paisinéara nua i gcatagóir feithicle M1 an AE (gan fheithiclí sainchuspóireacha san áireamh) agus gluaisrothair (is é sin feithiclí dhá nó trí roth a bhfuil catagóir an AE L acu) 'European Community Whole Vehicle Type Approval ECWVTA' a bheith acu, nó faomhadh de chineál náisiúnta le bheith cláraithe in Éirinn. Tá catagóir feithicle M1 an AE sainithe mar "Feithiclí atá deartha agus tógtha chun paisinéirí a iompar agus nach gcuimsíonn níos mó ná ocht suíochán chomh maith le suíochán tiománaí". Titeann na feithiclí sin faoi Chatagóir A nó faoi fheithiclí criúchábáin na Catagóire B i gcásanna áirithe na gCoimisinéirí Ioncaim.
Beidh dualgais ar dhaoine a cheannaíonn feithicil paisinéara nua lasmuigh den Stát (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann) Deimhniú Comhréireachta ECWVTA nó deimhniú formheasa náisiúnta (NSSTA nó IVA) a thaispeáint san ionad STNG áitiúil ag am an chláraithe leis an bhfeithicil a chlárú. Ní féidir an deimhniú Formheasa Cineáil seo a fháil ach amháin ón déileálaí nó déantóir ónar ceannaíodh an feithicil. Ba chóir seo a fháil nuair a cheannaítear an fheithicil.
Mura bhfuil Formheas Cineáil ag feithicil, ní mór í a chur i láthair an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) le deimhniú sular féidir í a chlárú.
Is féidir tuilleadh eolais faoin NSAI lena n-áirítear sonraí teagmhála a fháil ar a láithreán gréasáin: www.nsai.ie
.
Tá sonraí breise maidir leis na rialacháin agus na ceanglais nua ar fáil ar láithreán gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag: European Community Whole Vehicle Type Approval (ECWVTA) agus Scéimeanna Formheasa Náisiúnta gaolmhara mar atá molta i dTreoir 2007/46/CE.
.
Is féidir tuilleadh eolais faoin RSA lena n-áirítear sonraí teagmhála a fháil ar a láithreán gréasáin: www.rsa.ie
.
Ó thaobh Cáin Chláraithe Feithiclí de, sonraíonn an Deimhniú Comhréireachta go bhfuil leibhéal sonrach astúchán CO2 ag feithicil nuair a dhéantar í. Is é sin an leibhéal a úsáidfear chun críocha cánach agus ní athrófar í is cuma faoi athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh tar éis í a tháirgeadh, athruithe a d'fhéadfadh leibhéal astúchán na feithicle a mhéadú nó a laghdú.
Ba chóir a thabhairt ar aird go bhféadfadh Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Comhréireachta a lorg d'fheithiclí eile chun feidhmiú ceart na reachtaíochta CCF a dheimhniú.
Cathain a bhíonn CBL inmhuirir agus iníoctha?
Chun críocha CBL is é modh nua iompair ná feithicil earraí nó paisinéara a chomhlíonann ceachtar den dá chritéar seo a leanas:
- Is modh nua iompair é más mótarfheithicil nó gluaisrothar (seachas tarracóir) é a soláthraíodh sé mhí nó níos lú tar éis dó dul i mbun seirbhíse den chéad uair.
- Is modh nua iompair é más mótarfheithicil nó gluaisrothar (seachas tarracóir) é a thaisteal 6,000 cilimhéadar nó níos lú nuair a chuirtear an fheithicil i láthair den chéad uair le bheith cláraithe.
Má chomhlíonann an fheithicil ceachtar den dá chritéar sin déileáiltear leis an bhfeithicil mar mhodh nua iompair chun críocha CBL agus bíonn CBL inmhuirir nuair a chláraítear í.
Tabhair faoi deara: Sa chomhthéacs seo ciallaíonn "dul i mbun seirbhíse" clárú i ndlínse eile. Mura bhfuil sí cláraithe cheana féin is feithicil nua í.
Sampla
Feithicil 5 mhí d'aois le 8,000 km - inmhuirir do CBL
Feithicil 7 mí d'aois le 5,000 km - inmhuirir do CBL
Feithicil 7 mí d'aois le 8,000 km - gan a bheith inmhuirir do CBL
Tabhair faoi deara: Is é an dáta ar a dtéann an fheithicil i seirbhís den chéad uair (an dáta cláraithe) a shocraíonn aois na feithicle chun cuspóra CBL. Is é an míleáiste míleáiste an odaiméadair nuair a chuirtear i láthair den chéad uair le haghaidh cláraithe sa Stát.
Feithiclí (nua agus athláimhe) iompórtáilte ó lasmuigh de choigríoch fhioscach an AE
I gcás fheithiclí nua nó athláimhe (cóir iompair i dtéarmaí CBL) a iompórtáiltear ó lasmuigh de choigríoch fhioscach an AE, bíonn CBL (agus dleacht chustaim) inmhuirir ar an ngnáthbhealach nuair a iompórtáiltear iad. Ní mór cruthúnas íocaíochta na CBL a chur i láthair ag an ionad STNG agus an fheithicil á clárú sa Stát.
Cathain a bhíonn CTC inmhuirir agus iníoctha?
Bíonn Comhtharaif Chustaim (CTC) inmhuirir ar fheithiclí (feithiclí nua agus caite araon) a iompórtáiltear ó lasmuigh den AE. Ba cheart í a íoc nuair a théann an fheithicil isteach san AE den chéad uair. Ní mór cruthúnas íocaíochta na CBL a chur i láthair ag an ionad STNG agus an fheithicil á clárú sa Stát.
Comhairle
Má tá aon mhoill le d'fheithicil a chlárú nó cáin a íoc, d'fhéadfadh go mbeifeá dlite le pionóis mhóra lena n-áireofaí an fheithicil a chailliúint agus ionchúiseamh.
Feithiclí Comhshóite/Mionathraithe
Comhshó fheithiclí (paisinéirí) M1 sula gCláraítear iad
Feithiclí comhshóite/mionathraithe nach raibh cláraithe roimhe seo ach a ndearnadh comhshó/mionathrú orthu ó eisiúint an doiciméid um fhormheas cineáil, ní mór dóibh a bheith deimhnithe/formheasta ag Údarás Formheasta Náisiúnta. Is é Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann an tÚdarás Formheasta Náisiúnta. Sa chás gur eisigh údarás formheasta eile an doiciméadúchán, b'fhéidir go mbeidh ar Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann formheas a dhéanamh ar an bhfeithicil freisin.
Is gá go mbeadh an doiciméadúchán formheasa ábhartha ag gabháil le haon fheithicil chomhshóite neamhchláraithe M1 a thugtar i láthair le haghaidh cláraithe ag ionad NCTS.
Má dhéantar feithicil a chomhshó/a mhionathrú, is gá i gcónaí dearbhú feithicle nua a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim agus na nósanna imeachta um chomhshó réamhchláraithe á n-úsáid. Sa chás go ndearnadh an comhshó ar fheithicil neamhchláraithe ag a bhfuil teastas breithe, ní mór an teastas breithe sin a nuashonrú le sonraí na feithicle comhshóite.
Comhshó feithiclí nach feithiclí (paisinéirí) M1 iad sula gCláraítear iad
Tá an nós imeachta le haghaidh na bhfeithiclí seo cosúil leis an nós imeachta le haghaidh comhshó iarchláraithe, atá sonraithe thíos.
Comhshó Iarchláraithe (lena n-áirítear iad siúd atá cláraithe i ndlínse eile)
I gcásanna nuair nach féidir formheas cineáil náisiúnta a fháil maidir le comhshó feithicle, ní mór d'úinéir na feithicle an comhshó sin a dhearbhú agus í á clárú, agus an fhoirm VRTCONV á húsáid. Ba cheart an fhoirm seo a úsáid i gcásanna nuair a rinneadh athrú ar thréithe seo a leanas na feithicle
- catagóir AE na feithicle
- líon na suíochán
- líon na bhfeisteas um chriosanna sábhála
- cabhailoibreacha an AE
- an mhais i seirbhís
- líon na ndoirse
- líon na bhfuinneog
D'fhonn feithicil chomhshóite réamhchláraithe a chlárú, ní mór don fheithicil a bheith deimhnithe ag Duine atá Cáilithe go hOiriúnach maidir le cáilíocht an chomhshó agus cruinneas an dearbhaithe. Caithfidh dearbhú an úinéara ar fhoirm VRTCONV arna stampáil ag an Duine atá Cáilithe go hOiriúnach agus dearbhú tionlacain ón Duine atá Cáilithe go hOiriúnach, ar pháipéar ceannteidil, a bheith ag gabháil leis an bhfeithicil (i dteannta leis an ngnáth-pháipéarachas) nuair a thugtar i láthair í le haghaidh scrúdú réamhchláraithe.
I gcás go ndearnadh an comhshó tar éis chlárú na feithicle sa Stát, áfach, .i. tá uimhir chláraithe Éireannach ag an bhfeithicil, ba cheart an dearbhú a chur ar an bpost chuig na Coimisinéirí Ioncaim, An Lároifig Feithiclí, Cuan Ros Láir, Co. Loch Garman, áit a ndéanfar an comhsó a mheasúnú chun a dhearbhú an bhfuil Cáin Chláraithe Feithiclí bhreise dlite.
Le bheith measta mar mhótarcharbhán/mhótarbhaile ní mór gur feithicle Chatagóir M1, M2 nó M3 an fheithicil (aicmiú feithiclí AE le corpchineál SA) agus ní mór í a bheith tógtha chun cóiríocht chónaithe a chuimsiú ina bhfuil an trealamh seo a leanas ar a laghad:
- suíocháin agus bord,
- cóiríocht chodlata a d'fhéadfaí a dhéanamh ó na suíocháin,
- áiseanna cócaireachta, agus
- áiseanna stórála,
Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcaithfidh an trealamh a bheith daingnithe go teann leis an gcábán cónaithe, d’fhéadfadh an bord a bheith deartha, áfach, ionas gur féidir é a aistriú go héasca.
Ní mór don chomhshó seo a bheith deimhnithe ag Duine atá Cáilithe go hOiriúnach.
Ní mór na nithe a leanas a bheith ag na Daoine atá Cáilithe go hOiriúnach:-
- Cáilíocht Innealtóireachta/Theicniúil (Cúrsa leibhéal 7 nó cúrsaí ag a bhfuil creidiúnú níos airde ) nó creidiúnú iomchuí ó Engineers Ireland nó ó Institiúid na Measúnóirí um Innealtóirí Uathghluaisneacha (Institute of Automotive Engineer Assessors)
- íostaithí 5 bliana ar a bheith ag obair i dtimpeallacht theicniúil oiriúnach (Timpeallacht Uathghluaisneach nó Innealtóireachta de rogha)
- rochtain ar shaoráidí imleora chun scrúdú críochnúil a dhéanamh ar fheithicil, agus
- árachas slánaíochta gairmiúil iomchuí,
nó
bheith ina saoráidí atá formheasta ag Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann
(Ionaid Tástála Fhormheasta); nó ina nDaoine atá Cáilithe go hOiriúnach. Tá
liosta
na nIonad Tástála Formheasta
ar fáil.
D'fhéadfadh sonraí maidir le Daoine atá Cáilithe go hOiriúnach a bheith ar fáil i d'eolaire gnólachtaí áitiúla nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ceann de na comhlachais ghairmiúla amhail Institiúid na Measúnóirí um Innealtóirí Uathghluaisneacha (Institute of Automotive Engineer Assessors
). D'fhéadfadh Cumann Thionscal Mótar na hÉireann ag www.simi.ie
nó 01- 6761690 a bheith in ann cuidiú leat mura bhfuil tú in ann Duine atá Cáilithe go hOiriúnach a aimsiú.
Nuashonraithe: Bealtaine 2012
