Faoiseamh ó dhrochfhiach

Féadtar éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh ó dhrochfhiach sna cásanna seo;

  • nuair a thugann tú cuntas i leith Cáin Bhreisluacha (CBL) maidir le soláthar earraí nó seirbhísí do chustaiméir     
  • agus 
  • trí mainneachtain iomlán nó go páirteach an chustaiméara sin ar íocaíocht dlite dhuit i ndáil leis an soláthar sin. 

Ní fhéadtar faoiseamh ó dhrochfhiach a éileamh má tá tú ag tabhairt cuntais i leith CBL ar bhonn an airgid a fuarthas.

Tá tuilleadh eolais ar Fhaoiseamh ó Dhrochfhiach le fáil sa rannán Treoir bhreise