Praghas Margadhluach Oscailte

Gearrtar Cáin Bhreisluacha (CBL) ar luach an mhargaidh oscailte (LMO) ar:

  • earraí
  • seirbhísí

tar éis duit cinneadh a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim a mholann amhlaidh duit.

Eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim cinntí ar fheidhmiú LMO chun a chinntiú go bhfuil cáin á bailiú i gceart. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ar ár gcinneadh.

Is ionann luach an  LMO agus an méid a bheifí ag súil go n-íocfadh duine nach bhfuil bainteach ar earra nó ar tseirbhís. Nuair nach mbíonn soláthar inchomparáide ann, meastar gurb é costphraghas an táirge nó na seirbhíse an LMO don duine ag déanamh an tsoláthar.