Transport and haulage of goods

Tá iompar nó tarlú earraí faoi réir an ráta caighdeánach  Cánach Breisluacha (CBL). Mar sin féin, féadfaidh feidhm a bheith ag an ráta nialasach i gcás ina bhfuil an tseirbhís iompair nó tarlaithe i mbun easpórtála nó iompórtála earraí.

Easpórtálacha

Tá ráta nialasach ag baint le seirbhís iompair nó tarlaithe earraí ó áit ar bith sa Stát go ceann scríbe lasmuigh den Aontas Eorpach (AE).

Ní mór don iompróir nó don soláthraí seirbhíse tarlaithe fianaise dhoiciméadach a bheith acu gur fhág na hearraí an AE. 

Iompórtálacha

Tá ráta nialasach ag baint le seirbhís iompair nó tarlaithe earraí a sholáthraítear i dtaca le hiompórtáil na n-earraí sin. Ní mór luach na seirbhísí iompair nó tarlaithe a chur san áireamh leis an suim incháinithe a ghearrtar CBL air nuair a iompórtáiltear na hearraí isteach sa Stát chun leas a bhaint as an ráta nialasach.

Ní mór don iompróir nó don soláthraí seirbhíse tarlaithe fianaise dhoiciméadach a choinneáil chun tacú leis an rátáil nialasach. D'fhéadfadh sé seo a bheith i bhfoirm fíoraithe ón ngníomhaire imréitigh custaim, nó ón gcuideachta loingseoireachta, go bhfuil an chuid intíre den tseirbhís iompair nó tarlaithe curtha san áireamh sa dearbhú ábhartha custam, agus tagairt iomchuí iompórtála a thabhairt.

Mura bhfuil an costas seirbhíse iompair nó tarlaithe san áireamh sa tsuim incháinithe a ghearrtar CBL air (ní fios ag tráth na hiompórtála), tá an tseirbhís iompair nó tarlaithe faoi réir an ráta chaighdeánaigh.