Feirmeoirí agus iascairí
Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar fhoirgnimh feirme a aiséileamh
Féadann feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) aiséileamh a dhéanamh ar an CBL a d’íoc siad i leith aon cheann den mhéid seo a leanas a thógáil, a shíneadh, a athrú nó atógáil:
- foirgnimh agus struchtúir feirme
- draenáil talún
- míntíriú talún
- fálta sceach
- íosbhealaí.
Ní mór iarratais a dhéanamh le haghaidh aisíocaíocht CBL taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.
Ba chóir gach éileamh ar aisíocaíocht a dhéanamh ar an bhfoirm CBL 58.
Ó 1 Eanáir 2019 féadtar éilimh CBL 58 a thíolacadh ag aon am ar an gcoinníoll:
- nach bhfuil siad níos sine ná ceithre bliana
- go bhfuil siad le haghaidh bliana féilire nó tréimhse laistigh de bhliain féilire
- níos mó ná €125.
Is ó 1 Eanáir go 31 Nollaig atá bliain féilire. Ní fhéadtar éileamh a tíolaic a clúdaíonn dá bhliain féilire.
Sampla
Tá éileamh agat le haghaidh Meán Fómhair 2017, Nollaig 2017, Eanáir 2018 agus Márta 2018.
Ní fhéadfaidh tú na héilimh uile a thíolacadh ar CBL 58 amháin. Ní mór Meán Fómhair agus Nollaig a thíolacadh ar tuairisceán amháin agus Eanáir agus Márta ar cheann eile.
Cén áit a gcuirtear an fhoirm éilimh CBL 58?
Le héifeacht ó 1 Eanáir 2019, ba chóir iarratais ar aisíocaíocht CBL ar fhoirgnimh feirme a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí.vNí mór do ríomhthíolaiceoirí éigeantacha reatha éilimh a thíolacadh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí.
Féadtar tuilleadh eolais ar an áis ríomh-Aisíocaíochtaí a fháil in Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar fhoirgnimh feirme.
Féadtar gach fiosrú i ndáil le ríomhAisíocaíochtaí a dhéanamh le M’Fhiosruithe in moChúrsaí nó ROS.
Roghnaigh an chatagóir An tArdbhailitheoir agus ansin roghnaigh Aisíocaíochtaí CBL (Neamhchláraithe).
Ar aghaidh: Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar shoithí agus trealamh iascaireachta mara a aiséileamh