Táillí stocmhalartáin

Is iondúil a bhíonn táillí stocmhalartáin maidir le trádáil agus liostú díolmhaithe ó Cháin Bhreisluacha (CBL). Ach tá táillí áirithe stocmhalartáin amhail táillí ceangail, faoi dhliteanas an ráta chaighdeánaigh CBL.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le raon leathan táillí stocmhalartáin le fáil sa rannán Treoir breise.