Fruilcheannach agus léasú

Léirítear sa rannán seo an seasamh Cánach Breisluacha (CBL) maidir le hidirbhearta fruilcheannaigh.

Is daoine cuntasacha iad tithe airgeadais atá páirteach in idirbhearta fruilcheannaigh i dtaca:

  • leis na hearraí bunúsacha bainteacha a sholáthar
  • agus
  • le díol earraí den chineál sin ina dhiaidh sin má tá siad athshealbhaithe acu.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le hidirbhearta fruilcheannaigh le fáil sa rannán Treoir bhreise.

Pleananna Conartha Phearsanta (PCPs)

Thug breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa chás Mercedes Benz (C-164/16) soiléiriú ar chóireáil CBL maidir le PCP’s.  Tá treoir táirgthe ag na Coimisinéirí Ioncaim ar rangú PCPs ó sheasamh CBL.

Féach ar an rannán Treoir bhreise le haghaidh dhearcadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar an idirdhealú idir phleananna fruilcheannaigh agus comhaontuithe léasa i gcomhthéacs an cháis seo.