Sonraisc

Cé ba chóir sonrasc CBL a eisiúint?

Ní mór do dhuine cuntasach sonrasc CBL a eisiúint sa chás go ndéanann siad earraí nó seirbhísí a sholáthar chuig ceann ar bith díobh seo a leanas:

  • duine cuntasach eile
  • Roinn Stáit
  • údarás áitiúil
  • comhlacht curtha ar bun de réir Reachta
  • duine atá i mbun ghníomhaíochta díolmhaithe
  • duine, seachas duine príobháideach, i mBallstát eile san Aontas Eorpach (AE)
  • duine i mBallstát eile lena mbaineann frithmhuirear ar CBL.

Ní mór do dhuine cuntasach sonrasc Cánach Breisluacha (CBL) a eisiúint freisin sa chás go ndéanann siad ciandíolachán earraí taobh istigh den chomhphobal le daoine neamhchláraithe. Ní gá dóibh sonrasc a eisiúint maidir leis na hidirbhearta seo má tá siad cláraithe don Scéim an Aontais - Ionad Uileghnó.

Cé nach bhfuil orthu sonrasc CBL a eisiúint? 

Bíonn rialacha speisialta ag baint le soláthar tógála trí:

  • fochonraitheoir atá cláraithe le haghaidh CBL sa Stát
  • agus
  • fochonraitheoir nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL sa Stát a sholáthraíonn na seirbhísí do phríomhchonraitheoir.

Ar aghaidh: Cén fhaisnéis atá ag teastáil ar shonrasc CBL?