Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann
Feithiclí a iompórtáiltear ó Thuaisceart Éireann, nó a threoraítear tríthi
Feithiclí iompórtáilte go hÉirinn trí Thuaisceart Éireann
Ní mór carranna athláimhe a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór isteach sa Stát a dhearbhú do Chustaim agus tá siad faoi dhliteanas Cháin Bhreisluacha (CBL) ag tráth na hiompórtála, agus Dleacht Custam, más cuí. Ní sheachnaíonn iompórtálacha den chineál sin a threorú trí Thuaisceart Éireann riachtanais AE i ndáil le Dleacht Custam agus CBL ag tráth na hiompórtála.
Tá reachtaíocht tugtha isteach ag an Ríocht Aontaithe chun foráil a dhéanamh don Scéim Íocaíochta Mótarfheithiclí Athláimhe (SHMVPS). Faoin scéim nua seo, cuirfear ar chumas díoltóirí carranna atá cláraithe le haghaidh CBL i dTuaisceart Éireann agus i mBallstáit an AE an chuid CBL de chostas na feithicle a aiséileamh:
- má cheannaítear an fheithicil sa Bhreatain Mhór
- agus
- má bhaintear nó má easpórtálann siad as sin í lena hathdhíol i dTuaisceart Éireann nó i mBallstát AE.
Tá feidhm ag na rialacha nua seo ón 1 Bealtaine 2023 agus féadtar éilimh a dhéanamh ó Lúnasa 2023 ar aghaidh. Tá treoir mhionsonraithe ar fáil ón HMRC.
Feithiclí ceannaithe ag díoltóirí Thuaisceart Éireann roimh an 1 Bealtaine 2023 agus díolta roimh an 01 Bealtaine 2024 a chlárú
Sa chás gur cheannaigh díoltóirí Thuaisceart Éireann feithicil sa Bhreatain Mhór agus gur dearbhaíodh chuig Custaim í ag tráth na hiompórtála chuig Tuaisceart Éireann roimh an 1 Bealtaine 2023, beidh dliteanas CBL ag tráth na hiompórtála chun an Stáit i gceist. Gearrfar CBL ag an ráta caighdeánach (23% faoi láthair) agus ní mór é a scaoileadh sula bhféadtar an fheithicil a chlárú.
Tá an duine atá ag iarraidh an fheithicil a chlárú freagrach as a chinntiú:
Nuair atá sé seo comhlánaithe, féadtar an fheithicil a chur ar fáil le haghaidh clárúcháin ag ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC).
Beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil ag an gclárúchán:
- an doiciméad clárúcháin eachtrach (an V5C ón Ríocht Aontaithe)
- deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim gur próiseáladh Dearbhú Forlíontach Iompórtála don fheithicil
- agus
- aon doiciméid tacaíochta eile.
Roimh fheithiclí a ceannaíodh sa Bhreatain Mhór agus a dearbhaíodh chuig Chustaim i dTuaisceart Éireann iad a chlárú
Sa chás gur bhain ceannaitheoir leas as an rogha feithicil a iompórtáil isteach sa Stát trí Thuaisceart Éireann agus go bhfuil na gnásanna Custam comhlánaithe aige i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear íocaíocht aon dleacht custam, más cuí, beidh dliteanas CBL ag tráth na hiompórtála chun an Stáit i gceist. Gearrfar CBL ag an ráta caighdeánach (23% faoi láthair) agus ní mór é a scaoileadh sula bhféadtar an fheithicil a chlárú in Éirinn.
I gcásanna den chineál sin, ní mór Supplementary Import Declaration Form – CBL ag tráth na hiompórtála ar Fheithiclí Athláimhe a thíolacadh agus an CBL bainteach ar dhliteanas iompórtála a íoc.
Chun leas a bhaint as an nós imeachta seo, ní mór go mbeidh an dearbhóir in ann cruthúnas ar dhearbhú Custam ag tráth na hiompórtála isteach chuig Tuaisceart Éireann a chur ar fáil. Ní mór go sonróidh cruthúnas den chineál sin go soiléir an fheithicil agus an dáta iompórtála.
Dearbhú Forlíontach Iompórtála - CBL ag tráth na hiompórtála ar Fheithiclí Athláimhe a thíolacadh
- Íoslódáil agus comhlánaigh Supplementary Import Declaration Form ó shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.
- Tíolaic an fhoirm trí M’Fhiosruithe trí logáil isteach ar moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus roghnaigh an cluaisín M’Fhiosruithe.
- Faoin gceannteidil CBL sa roghchlár aníos ‘Baineann M’Fhiosrú le’, roghnaigh an chatagóir Dearbhú Forlíontach Iompórtála - CBL ag tráth na hiompórtála ar Fheithiclí Athláimhe sa roghchlár aníos ‘...agus níos beaichte’.
- Cuir cóip chomhlánaithe den Dearbhú Forlíontach Iompórtála, cruthúnas ar dhearbhú chuig Custaim i dTuaisceart Éireann agus cóip den sonrasc ceannaigh a léiríonn praghas ceannaigh na feithicle leis.
- Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid, déanfaidh ball foirne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim teagmháil leat leis na dliteanais CBL a íoc a shocrú, más cuí. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim doiciméid ar fáil a fhéadtar a chur ar fáil ag an ionad SNTC le clárú na feithicle a éascú.
Féadann daoine cláraithe le haghaidh CBL roghnú leas a bhaint as cuntasaíocht iarchurtha ag tráth na hiompórtála maidir le hiompórtálacha ó Thuaisceart Éireann. Féadann trádálaithe le hUimhir Chuntais Trádálaí Custaim agus Mál iarchurtha, lena n-áirítear na ráthaíochtaí airgeadais chuí, roghnú íocaíocht a dhéanamh óna gcuntas UCT. Iarrfar ar gach duine eile íocaíocht a dhéanamh tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú a dhéanamh ar an dearbhú forlíontach agus na doiciméid lena mbaineann.
Ar aghaidh: Feithiclí cláraithe gan chruthúnas ar dhearbhú do chustaim i dTuaisceart Éireann