Tuairisceáin tríú páirtí
Tuairisceáin éagsúla tríú páirtí
Is éard atá thíos i bhformáid Excel ná liosta de na tuairisceáin tríú páirtí agus sonraí faoi cé ba chóir iad a chomhlánú. Ní mór na tuairisceáin seo a thíolacadh gach bliain in éineacht leis an Tuairisceán Cánach Corparáide nó Cánach Ioncaim. Féadtar é seo a dhéanamh faoin gcatagóir ‘Tuairisceáin Tríú Páirtí ’in M’Fhiosruithe san áis moChúrsaí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Foirmeacha
Form 8-2 - Tuairisceán i leith eolas tríú páirtí ag daoine a fhaigheann ioncam ar son daoine eile.
Tá dualgas ort Form 8-2 a thíolacadh má fhaigheann tú ioncam a sháraíonn €3,810 ar son daoine eile. Baineann an farasbarr €3,810 leis an tréimhse chuntasaíochta a bhfuil an Form 8-2 á tíolacadh ina leith. Ní gá fáltais ó dhíol talaimh agus dámhachtain cúirte maidir le damáistí agus díobhálacha pearsanta a thuairisciú.
Form 8B-A Tuairisceán i leith Ús íoctha nó curtha chun sochair gan cáin a bheith asbhainte
Ní mór daoine atá ag trádáil nó ag déanamh gnó, lena n-áirítear roinnt institiúidí airgeadais, foirm 8B-A a thíolacadh i gcúinsí áirithe. Tagann an dualgas chun tíolacadh chun cinn sa chás go bhfuil ús íoctha nó curtha chun sochair gan cáin ar airgid faighte nó coinnithe a asbhaint. Ní theastaíonn an fhoirm 8B-A ach amháin sa chás go sáraíonn an t-ús íoctha nó curtha chun sochair €635.
Form 8B-B - Tuairisceán i leith eolas tríú páirtí ag idirghabhálaithe.
Iarrtar ar dhaoine a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe le linn gnáthchúrsa trádála nó gnó Form 8B-B a thíolacadh i gcúinsí áirithe. Ní mór an fhoirm seo a thíolacadh sa chás go bhfuil siad ag feidhmiú ar son cónaitheoirí Éireannacha agus iad ag oscailt cuntais eachtrannacha le hinstitiúidí airgeadais.
Form 8D - Tuairisceán i leith eolas tríú páirtí ag idirghabhálaithe i dtaca le táirgí eischósta.
Iarrtar ar dhaoine a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe le linn gnáthchúrsa trádála nó gnó Form 8D a thíolacadh i gcúinsí áirithe. Tá an fhoirm riachtanach sa chás go bhfeidhmíonn an t-idirghabhálaí i bhfáil, nó i ndáil le fáil leasa ábhartha i dTáirge Eischósta.
- Form 8F - Tuairisceáin i leith sonraí idirbheart i maoin inláimhsithe inaistrithe le haghaidh comaoin os cionn €19,050.
- Form 8S - Tuairisceán i leith eolas tríú páirtí i dtaca le socraíochtaí lena mbaineann iontaobhaithe neamhchónaitheacha.
- Form 21R - Tuairisceán i leith eolas tríú páirtí ag sealbhóirí ainmnithe urrús.
Foirmeacha ar fáil ar iarratas ó na Coimisinéirí Ioncaim
Foirm 8E – Níl an fhoirm seo le tíolacadh ach amháin nuair a iarrtar é. Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cóip den fhoirm chuig an gcustaiméir sna cúinsí seo.
Foirm 8G – Níl an fhoirm seo le tíolacadh ach amháin nuair a iarrtar é. Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cóip den fhoirm chuig an gcustaiméir sna cúinsí seo.