Tuairisceáin tríú páirtí
Earnáil ioncaim ó chíos
Ní mór do ghníomhairí agus bainisteoirí ligin áitribh (idirghabhálaithe idirlín san áireamh) Foirm 8-3 a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór sonraí a bheith sa tuairisceán seo faoi na híocaíochtaí a bhaineann le háitreabh bainistithe.
Ní mór an Fhoirm 8-3 a thíolacadh gach bliain in éineacht leis an tuairisceán Cánach Corparáide nó Cánach Ioncaim. Ní mór an tuairisceán a thíolacadh faoin gcatagóir ‘Tuairisceáin Tríú Páirtí ’in M’Fhiosruithe san áis moChúrsaí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim tuairisceáin tríú páirtí faoin earnáil chíosa ó roinnt foinsí eile, mar shampla:
- An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe
- An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) – Íocaíochtaí Forlíonta Cíosa (IFC)
- agus
- An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil:
- An Scéim Cóiríochta ar Cíosa (SCC)
- An Tionscnamh um Leasú Tithíochta Sóisialta (TLTS)
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT)
- agus
- Áit Chónaithe Phríobháideach Neamh-Phríomha (ACPNP).
Ar aghaidh: Tuairisceáin éagsúla tríú páirtí