Tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha

Cé na taifid ba chóir duit a choinneáil?

Sna rialacháin atá ar shuíomh idirlín na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, leagtar amach sonraí faoi na taifid nach mór do mhiondíoltóirí a choinneáil. Ní mór do mhiondíoltóirí taifid a choinneáil, ar a laghad, i dtaca leis an méid seo a leanas:

  • stoc tosaigh agus deireadh málaí plaisteacha
  • taifead ar cheannacháin málaí plaisteacha
  • agus
  • taifead ar mhálaí plaisteacha a sholáthraítear do chustaiméir nuair atá feidhm ag an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha.

Ní mór go ndéanfaí idirdhealú sna taifid idir:

  • málaí plaisteacha a úsáidtear chun feoil, iasc, oighear, éineoil, torthaí, glasraí agus cineálacha eile bia úr nach ndéantar a phacáil ar bhealach eile
  • agus
  • málaí eile plaisteacha siopadóireachta.

Ar aghaidh: Cé na seiceálacha a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim?