Tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha

Clárú don Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha

Ní mór do mhiondíoltóirí a sholáthraíonn málaí plaisteach do chustaiméirí clárú le haghaidh an Tobhaigh ar Mhálaí Plaisteacha.

Féadtar clárú don Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha tríd an áis ríomhChlárúchán.

Sna rialacháin atá ar shuíomh idirlín Rialtas na hÉireann, eisiatar cineálacha áirithe málaí plaisteacha ón tobhach. Folaíonn siad seo:

  • málaí siopadóireachta
  • málaí nach n-úsáidtear ach amháin chun feoil, iasc, oighear nó éineoil a choinneáil (bíodh sé pacáistithe nó ná bíodh)
  • agus
  • málaí nach n-úsáidtear ach amháin chun torthaí agus glasraí scaoilte a choinneáil chomh maith le cineálacha eile bia nach ndéantar a phacáistiú ar bhealach eile.

Socraíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na díolúintí.

Mura bhfuil málaí plaisteacha á soláthar agat a thuilleadh, féadtar díchlárú: 

  • tríd an áis ríomhChlárúchán
  • trí fhoirm TRCN1 a chomhlánú
  • agus
  • tríd an áis M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí.

Ar aghaidh: Spriocdhátaí do thuairisceáin agus íocaíochtaí