Cáin ar shochair fostóra

Sochair neamh-incháinithe fostóra

Is sochair neamh-incháinithe iad na sochair seo a leanas a chuireann d’fhostóir ar fáil:

  • Lóistín atá saor ó tháille nó atá faoi fhóirdheontas nuair a iarrann an post go mbeadh cónaí ort sa lóistín (féach Lóistín saor ó tháille nó faoi fhóirdheontas)
  • Rothair agus fearas sábháilteachta faoin Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
  • Béilí ceaintín atá saor in aisce nó fóirdheonaithe nuair a chuirtear ar fáil don fhoireann uile iad
  • Páirceáil carr
  • Ranníocaíochtaí pinsin an fhostóra le scéim atá comhaontaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • Costais scrúdaithe sa chás:
    • go bhfuil gaol éigin ag an gcáilíocht le do chuid dualgais
    • nach bhfuil sa tsuim a íocadh ach aisíocaíocht ar na costais a thabhaíodh de riachtanas
    • go bhféadtar na híocaíochtaí a dhearbhú go dtí admhálacha
    • agus
    • go gcoinnítear na doiciméid tacaíochta.
  • Víosaí iontrála agus ceadúnais oibre
  • Trealamh teicneolaíochta faisnéise, lena n-áirítear fóin a chuirtear ar fáil d’úsáid ghnó (nuair is fánach an úsáid phríobháideach)
  • Duaiseanna fadseirbhíse nuair:
    • atá do sheirbhís 20 bliain ar a laghad
    • is bronntanas fisiciúil é an gradam (nach airgead, dearbháin, bannaí ná eile é)
    • agus
    • nach dtéann costas an ghradaim thar €50 le haghaidh gach bliain seirbhíse
  • Seirbhísí liachta, lena n-áirítear:
    • nuair a íocann an fostóir táille áirithíochta do liachleachtóir ginearálta
    • agus
    • scrúdú amháin sláinte liachta in aghaidh na bliana ina bhfuil an scrúdú ar fáil do gach fostaí
  • Sócmhainní nó seirbhísí slándála nuair:
    • atá bagairt thromchúiseach do do shábháilteacht phearsanta de bharr an phoist
    • is trealamh nó struchtúir iad na sócmhainní urrúis (mar shampla, aláraim, ceamaraí slándála agus geataí slándála), ach nach modhanna iompar, lóistín maireachtála nó talamh iad
    • is fánach an úsáid a bhaintear as an tsócmhainn urrúis chun cuspóirí eile
    • agus
    • a fheabhsaíonn na seirbhísí slándála do shlándáil phearsanta fhisiciúil
  • ón 1 Eanáir 2022, suas le dhá shochar beag, nach bhfuil in airgead tirim agus ar luach iomlán nach mó ná €1,000. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Díolúine i leith Sochar Beag.
  • Síntiúis le comhlacht gairmiúil nuair nach bhfuil ballraíocht an chomhlachta riachtanach don phost
  • Pasanna saorthaistil, féach (Pasanna saorthaistil nó aermhílte).

Tabhair do d’aire

Níl feidhm ag an teorainn d’aon scrúdú amháin do sheirbhísí leighis má éilíonn do chonradh fostaíochta ort níos mó ná scrúdú leighis amháin a bheith agat in aghaidh na bliana.

Sochair intuairiscithe

Ón 1 Eanáir 2024, tá dualgas ar fhostóirí sonraí faoi chostais agus sochair áirithe, a íoctar le fostaithe agus, nó le stiúrthóirí, a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór an tuairisc seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar nó roimh dháta na híocaíochta a dhéantar le fostaí.

Cén fhaisnéis nach mór do m'fhostóir a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim?

Féadfaidh sé go bhfaighidh tú íocaíocht nó sochar nár gearradh cáin air ó d'fhostóir faoi cheann amháin, nó níos mó, de na catagóirí seo a leanas:

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na cineálacha costas agus sochar nach mór do d'fhostóir a thuairisciú, féach Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe (ERR).

Céard a chiallaíonn sé seo domsa?

Beidh tú in ann an fhaisnéis seo a fheiceáil ar moChúrsaí. Roghnaigh 'Costais/Sochair' ón gcárta Seirbhísí ÍMAT chun rochtain a fháil air.

Cinntigh le do thoil go bhfuil d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ag d'fhostóir nó ag do sholáthraí pinsin. Mura ndéanann tú é seo, ní bheidh tú in ann féachaint ar an bhfaisnéis phárolla a thuairiscigh d'fhostóir nó do sholáthraí pinsin.

Ar aghaidh: Scéim um Rothaíocht chun na hOibre