Lánúineacha comhchónaitheacha

Má tá tú i do chónaí le duine fásta eile agus tú i gcaidreamh dlúth tiomanta leo, is lánúineacha comhchónaitheacha sibh.

Déanann na Coimisinéirí Ioncaim measúnú ar lánúineacha comhchónaitheacha mar dhaoine aonair. Má thagann deireadh le do chaidreamh, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann faoiseamh cánach a éileamh i leith íocaíochtaí cothabhála agus aistrithe maoine a dhéanann tú le d’iarchéile. Ní mór gur mar thoradh ar ordú cúirte a dhéanann tú na híocaíochtaí agus na haistrithe.

Chun bheith mar chomhchónaitheoir cáilitheach do na faoisimh seo, ní mór go raibh tú ag comhchónaí ar feadh:

  • dhá bhliain ar a laghad más tuismitheoirí linbh chleithiúnaigh sibh
  • cúig bliana ar a laghad i ngach cás eile.

Ní cheadaítear faoiseamh cánach i leith íocaíocht chothabhála ach amháin ar íocaíochtaí a dhéantar le tacú leis an gcomhchónaitheoir incháilithe.

Aistrithe maoine

Má scarann tú ó chomhchónaitheoir roimhe seo, féadfaidh sé go n-ordóidh an chúirt go n-aistreoidh an t-iar-chomhchónaitheoir maoin chugat. Más é seo an chás, ní bheidh ort Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC)Dleacht Stampa a íoc.

Má aistríonn tú sócmhainn faoi ordú cúirte chuig duine a raibh tú ag comhchónaí leo roimhe, ní bheidh ort Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ná Dleacht Stampa a íoc ar an aistriú.

Má fhaigheann tú sócmhainn ó dhuine a raibh tú ag comhchónaí leo roimhe agus má dhíolann tú an tsócmhainn ag tráth níos deireanaí ná sin, beidh ort CGC a íoc. Ríomhtar CGC ar an mbonn gur leat an tsócmhainn ón dáta a fuair tú í.

Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste

Ní fhéadtar an creidmheas cánach i leith ús ar mhorgáiste a éileamh i leith aisíocaíochtaí iasachta i leith áit chónaithe iar-chomhchónaitheora.