An chomaoin

Léasanna

I gcás léasa, is iondúil gurb éard atá sa chomaoin ná airgead i bhfoirm cíos agus préimh nó cnapshuim, gan aon CBL san áireamh. Féadfaidh, áfach, na míreanna seo a leanas a bheith san áireamh sa chomaoin:

  • scaireanna a aistrítear chuig an tiarna talún
  • táirgí nó earraí eile a thugtar don tiarna talún. 

Íoctar Dleacht Stampa ar luach na scaireanna, táirgí nó earraí.

Sa chás go gcaitear le léas mar bhronntanas, íocfaidh tú Dleacht Stampa i leith préimh bharúlach. Chun
tuilleadh eolais a fháil, féach Bronntanais.

Ar aghaidh: Aistrithe maoine