Treoir maidir le féinmheasúnú

Cén chaoi a mbíonn a fhios agat céard atá le híoc?

Cáin Ioncaim

Nuair a dhéanann tú do thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú trí úsáid a bhaint as Seirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) déanfar an cháin atá dlite ort a íoc a ríomh agus a thaispeáint duit. Is é an ríomh seo bunús d’fhéinmheasúnaithe.

Féadtar do thuairisceáin Cáin Ioncaim a thíolacadh ar Fhoirm 11 páipéir. Má dhéanann tú é seo, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra measúnachta chugat. Léirítear ar an bhfógra measúnachta an tsuim chánach nach mór duit a íoc.

Cáin Ghnóthachan Caipitiúil (CGC)

Ní mór duit an tsuim CGC atá dlite a ríomh. Féach Cén chaoi le CGC a ríomh chun cabhrú leat é seo a dhéanamh.

Ar aghaidh: An gá Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) a íoc?