Nochtadh a dhéanamh

  1. Léargas ginearálta
  2. Céard is nochtadh cáilitheach ann?

Céard is nochtadh cáilitheach ann?

Is éard is nochtadh cáilitheach ann ná faisnéis a thugann tú do na Coimisinéirí Ioncaim sna cásanna seo:

  • mura bhfuil do chuid ioncaim ná gnóthachan uile tuairiscithe agat
  • má tá earráid déanta agat ar do thuairisceán cánach.

Féadfaidh an nochtadh cáilitheach seo a bheith spreagtha nó neamhspreagtha.

Nochtadh cáilitheach neamhspreagtha

Is éard is nochtadh cáilitheach neamhspreagtha ann ná nochtadh a dhéantar ag tráth ar bith sula n-eisítear litir fógra um iniúchadh na gCoimisinéirí Ioncaim, nó sula dtosaítear imscrúdú.

Nochtadh cáilitheach spreagtha

Is éard is nochtadh cáilitheach spreagtha ann ná nochtadh a dhéantar tar éis fógra um iniúchadh na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil. Ní mór an nochtadh a bheith déanta idir na dátaí seo:

  • an dáta a chuireann muid ar an eolas thú faoi thúsdáta an iniúchta
  • agus
  • an dáta a thosaítear an t-iniúchadh.

Cén chaoi a ndéanaim nochtadh cáilitheach?

Chun nochtadh cáilitheach a dhéanamh, ní mór duit an méid seo a dhéanamh:

  • tabhair an fhaisnéis chuí uile maidir leis na ceisteanna a bhfuil sé thoradh orthu go bhfuil cáin dlite
  • luaigh an tsuim chánach agus úis atá dlite, agus na tréimhsí lena mbaineann siad
  • seol an méid seo chuig na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn, sínigh é, é sin nó bíodh sé sínithe thar do cheann
  • bíodh dearbhú ann go bhfuil an fhaisnéis uile sa nochtadh ceart agus iomlán chomh fada agus is eol duit
  • agus
  • bíodh íocaíocht ann le haghaidh aon chánach nó dleachta, agus an t-ús atá dlite i leith íocaíocht dhéanach.

Chun go nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le nochtadh, ní mór an íocaíocht chánach nó dleachta a bheith leis, agus an t-ús atá dlite. Féadtar socrú a dhéanamh íocaíocht a dhéanamh i dtráthíocaíochtaí.

Féadfar tuilleadh eolais a fháil faoi mhainneachtain cánach agus iompar cánach a fháil i gCaibidil 4 den Cód Cleachtais um Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim.

Rátaí pionóis

Déanfaidh muid athbhreithniú ar do nochtadh le seiceáil an nochtadh cáilitheach é. Sa chás go dtagann pionós aníos, is éard a tharlaíonn go hiondúil ná go ríomhann muidne suim an phionóis, aontaítear an tsuim leis an gcáiníocóir agus íocann cáiníocóir í. Braitheann suim an phionóis ar an méid seo:

  • an nochtadh neamhspreagtha nó spreagtha é
  • an bhfuil an cháin bhreise atá dlite os cionn €6,000
  • an earráid mhíchúramach nó d’aon turas í
  • agus
  • an raibh tú ag comhoibriú go hiomlán le linn an phróisis.

Ní mór na pionóis a bheith íoctha ina n-iomláine.

Is faoin gcúirt atá sé cinneadh a dhéanamh an bhfuil an duine faoi dhliteanas i leith pionóis sna cásanna seo:

  • ar aontaigh an duine leis an dliteanas i leith pionóis
  • murar íoc an duine pionós ar aontaigh siad dliteanas ina leith.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Caibidil 4 den  Chód Cleachtais um Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim.

An riail cúig bliana

Fiú más rud é nach é seo an chéad nochtadh cáilitheach atá déanta agat caithfidh muid leis gurb ea:

  • mura bhfuil nochtadh cáilitheach déanta agat i leith dliteanais atá clúdaithe ag an Acht Cánacha ceánna le cúig bliana anuas
  • má bhain do nochtadh roimhe seo le cáin atá clúdaithe ag Acht Cánacha eile
  • má bhí do nochtadh cáilitheach roimhe seo sa chatagóir ‘iompar míchúramach gan iarmhairtí suntasacha’.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi nochtadh cáilitheach a dheanamh féach ar Caibidil 2 den Chód Cleachtais um Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim.