Cáin Ola Mianraí ar bhreoslaí eitlíochta

Gásailín eitlíochta

Is ag an ráta peitril a gearradh cáin ar gach seachadadh ceirisín eitlíochta ó 1 Samhain 2008 i leith. Nuair a fhéadann an t-úsáideoir a léiriú:

  • nár úsáideadh an breosla chun críocha eitlíochta áineasa príobháidí
  • agus
  • gur úsáideadh an breosla chun críocha tráchtála nó gnó

féadtar aisíocaíocht a éileamh ag ráta €232.27 in aghaidh an 1,000 lítear.

Ní mór éilimh ar aisíocaíocht a dhéanamh go leictreonach. Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le héileamh a thíolacadh sa rannán ar Aisíocaíocht leictreonach COM a thíolacadh.

Ar aghaidh: Taifid