An Scéim Lacáiste Díosail

Cáiliú don Scéim Lacáiste Díosail

Chun cáiliú don Scéim Lacáiste Díosail (SLD), ní mór d’oibreoirí iompair bóthair ceadúnas cuí iompair bóthair a bheith acu. Ní mór go bhfuil an ceadúnas seo gníomhach i rith na tréimhse éilimh.

Oibreoirí a bhfuil ceadúnas acu a eisíodh i bPoblacht na hÉireann

Ní mór d’oibreoirí tarlaithe bóthair ceadúnas oibreora tarlaithe bóthair náisiúnta nó idirnáisiúnta a bheith acu.

Ní mór d’oibreoirí iompar paisinéirí ceadúnas náisiúnta oibreora iompair paisinéirí bóthair nó ceadúnas idirnáisiúnta oibreora iompair paisinéirí bóthair a bheith acu.

Oibreoirí a bhfuil Ceadúnas Pobail acu a eisíodh i mBallstáit eile an Aontais Eorpaigh (BAE)

  • Oibreoirí tarlaithe bóthair a bhfuil ceadúnas acu a eisíodh i mBAE, ní mór ‘Ceadúnas Pobail’ a bheith acu.
  • Oibreoirí iompair paisinéirí a bhfuil ceadúnas acu a eisíodh i mBAE, ní mór ‘Ceadúnas Pobail’ a bheith acu.
  • Ní mór d’oibreoirí a bhfuil ceadúnas acu a eisíodh i mBallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh fianaise i scríbhinn a chur ar fáil ar chomhlíontacht iomlán chánach reatha. Ní mór d’údarás cánach an Bhallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh a d’eisigh an ceadúnas oibreora an fhianaise seo a chur ar fáil chomh maith.

Tháinig deireadh le hidirthréimhse an Bhreatimeachta ar an 31 Nollaig 2020. 

Ón 1 Eanáir 2021, ní bheidh 'Ceadúnas Pobail' ag oibreoirí iompair paisinéirí a bhfuil ceadúnas iompair chuí ón Ríocht Aontaithe acu. Dá bhrí sin, ní bheidh na hoibreoirí seo incháilithe don Scéim Lacáiste Díosail a thuilleadh ar an 1 Eanáir 2021 nó dá éis sin.

Tugann an Prótacal ar Éirinn/Tuaisceart Éireann i gComhaontú um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe foráil do dhíolúine ina leith seo.

Fanann oibreoirí iompair bunaithe ó Thuaisceart Éireann a bhfuil ceadúnas iompair chuí na Ríochta Aontaithe acu de bheith incháilithe don Scéim Lacáiste Díosail. Beidh na hoibreoirí seo faoi réir na riachtanais céanna don scéim seo agus atá oibreoirí iompair bóthair bunaithe san AE.

Cén úsáid díosail cairr a cháilíonn don Scéim Lacáiste Díosail?

Don Scéim Lacáiste Díosail seo, ní mór an díosal cairr a bheith:

  • ceannaithe ag oibreoir iompair i bPoblacht na hÉireann
  • úsáidte i gcúrsa ghníomhaíochtaí iompair a ngnóthais agus úsáidte ina bhfeithiclí cáilitheacha.

Cé na feithiclí a cháilíonn don scéim seo?

Ní mór d’oibreoirí tarlaithe bóthair an díosal cairr a úsáid i bhfeithicil tarlaithe bóthair a bhfuil uas-mheáchan comhlán luchtaithe ceadaithe nach lú ná 7.5 tonna aici.

Cé na ceannacháin a cháilíonn don scéim seo?

  • Ní mór an díosal cairr a bheith ceannaithe sa Stát ag an oibreoir iompair:
    • mar cheannachán builc a sheachadtar chucu
    • le cárta breosla ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Chun a bheith mar cheannachán builc, ní mór go bhfuil:

  • méid an díosal cairr níos mó ná 2000 lítear 
  • an díosal cairr soláthartha ag trádálaí ola mhianra le ceadúnas reatha trádálaí breosla cairr a bheith acu sa Stát seo
  • an díosal cairr a bheith seachadta chuig áitreabh nó áit atá faoi stiúir an oibreora iompair bóthair.

Féadtar éileamh i leith an díosail uile a ceannaíodh le linn na tréimhse éilimh, cé go bhféadfaidh sé nach mbeidh sé go léir úsáidte agat laistigh den tréimhse sin. 

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim fianaise tacaíochta a iarraidh le deimhniú gur dáileadh an díosal cairr chuig feithicil cháilitheach agus gur úsáid feithicil cháilitheach an díosal cairr.

Céard nach gcáilíonn don scéim seo?

Ceannacháin díosal cairr, seachas ceannacháin builc, ar chuntas, le hairgead tirim, le cárta creidmheasa nó le cárta dochair.

Éilimh ag trádálaithe ola mianraí nár chloígh leis an dlí ar cháin ar ola mhianraí chun ola mhianraí a thrádáil agus a sheachadadh.

Ar aghaidh: Clárú – Ceadúnas eisithe i bPoblacht na hÉireann