Malartú faisnéise

Céard is Malartú Uathoibríoch Faisnéise ann?

Is éard is Malartú Uathoibríoch Faisnéise (AEOI) ann ná malartú faisnéise idir tíortha gan an gá le hiarratas a dhéanamh lena haghaidh.

Tá AEOI ann chun imghabháil cánach dhomhanda a laghdú. Féadtar teacht ar eolas sa rannán seo maidir leis an méid seo:

  • comhaontuithe éagsúla idir tíortha
  • naisc chuig an reachtaíocht ábhartha
  • treoracha do chleachtóirí.

Más gá duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le AEOI, féach ar na sonraí thíos:

  • Fón: + 353 42 9353337
  • Trí M’Fhiosruithe - roghnaigh AEOI (Malartú Uathoibríoch Faisnéise).

Sceideal le haghaidh Malartú Uathoibríoch Faisnéise

Leagtar amach ar an tábla thíos sceideal den fhaisnéis agus de na dlínsí a bhfuil malartú faisnéise déanta ag Éirinn leo in 2015 i leith:

Sceideal le haghaidh Malartú Uathoibríoch Faisnéise

Bliain

Dlínse

Faisnéis

Comhaontú

2015 2016

Ballstáit AE

Íocaíochtaí Úis ar Choigiltis

Treoir Coigiltis an Aontais Eorpaigh

2016 2017

2018

Ballstáit AE

Ioncam fostaíochta; táillí stiúrthóirí; táirgí árachais saoil nach gclúdaítear ag Treoracha eile; pinsin; úinéireacht agus ioncam ó mhaoin dho-aistrithe

Treoir ón gComhairle 2011/16/AE ("Treoir maidir le Comhoibriú Riaracháin")

2017

2018

2019

Ballstáit AE

Socruithe Cánach

Treoir ón gComhairle 2014/48/AE ("Treoir 3 maidir le Comhoibriú Riaracháin")

2015 2016

2017

2018

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Cuntas Airgeadais

FATCA

2017

2018

Ballstáit AE

Cuntas Airgeadais

Treoir ón gComhairle 2014/107/AE ("Treoir 2 maidir le Comhoibriú Riaracháin")

2017,

2018

An Afraic Theas, An Airgintín, An Chóiré, An Cholóim, Geansaí, Geirsí, An India, An Iorua, An Íoslainn, Meicsiceo, Oileáin Fharó, Oileán Mhanann agus Na Séiséil

Cuntas Airgeadais

An Coinbhinsiún um Chúnamh Riaracháin Frithpháirteach i gCúrsaí Cánach

2017

2018

Lichtinstéin

Cuntas Airgeadais

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar mhalartú uathoibríoch faisnéise cuntas airgeadais d’fhonn comhlíontacht cánach idirnáisiúnta a fheabhsú

2017

2018

San Mairíne

Cuntas Airgeadais

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne ar mhalartú uathoibríoch faisnéise cuntas airgeadais d’fhonn comhlíontacht cánach idirnáisiúnta a fheabhsú

2018

An Araib Shádach, An Astráil, Barbadós, An Bhrasaíl, Ceanada, An Cholóim, Giobráltar, An Ghraonlainn, An Indinéis, An Íoslainn, An Mhalaeisia, An Nua-Shéalainn, Oileáin Mhuirís, An Phacastáin, Panama, An Rúis, An tSeapáin, An tSile, An tSín, Singeapór agus Uragua.

Cuntas Airgeadais

An Coinbhinsiún um Chúnamh Riaracháin Frithpháirteach i gCúrsaí Cánach

2018

Andóra

Cuntas Airgeadais

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra ar mhalartú uathoibríoch faisnéise cuntas airgeadais d’fhonn comhlíontacht cánach idirnáisiúnta a fheabhsú

2018

Monacó

Cuntas Airgeadais

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Monacó ar mhalartú uathoibríoch faisnéise cuntas airgeadais d’fhonn comhlíontacht cánach idirnáisiúnta a fheabhsú de réir an Chaighdeáin le haghaidh Malartú Faisnéise Cuntas Airgeadais i gCúrsaí Cánach arna fhorbairt ag an OECD

2018

An Eilvéis

Cuntas Airgeadais

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise ar mhalartú uathoibríoch faisnéise cuntas airgeadais d’fhonn comhlíontacht cánach idirnáisiúnta a fheabhsú

2018

Hong Cong

Cuntas Airgeadais

Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Réigiún Speisialta Riaracháin Hong Cong Dhaon-Phoblacht na Síne d’fhonn cánachas dúbailte a sheachaint agus imghabháil fhioscach a chosc i ndáil le cánacha ar ioncam.

Socruithe le hÚdaráis Inniúla maidir le Malartú Uathoibríoch Faisnéise

Tá na socruithe seo a leanas sínithe ag Éirinn le Stáit Aontaithe Mheiriceá:

Ar aghaidh: Céard é an tAcht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (Foreign Account Tax Compliance Act [FATCA])?