Malartú faisnéise
Céard é an Comhchaighdeán Tuairiscithe (CRS)?
Is éard atá sa CRS ná an caighdeán aontaithe domhanda le haghaidh malartú faisnéise uathoibríoch arna fhaomhadh ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) i mí Feabhra 2014. Tá Éire i measc os cionn 100 tír a shínigh an CRS.
An CRS
D’fhoilsigh an OECD an Standard for Automatic Exchange of Financial Account Information in Tax Matters (an CRS) agus treoirleabhar feidhmithe. Leagtar amach sa CRS:
- an méid atá le tuairisciú
- na daoine atá leis an tuairisciú a dhéanamh
- an treoir d’úsáideoirí CRS XML Schema User Guide.
Tá tuilleadh treorach ar an CRS ar fáil sa Implementation Handbook.
Tá sonraí ar fáil san Ionstraim Reachtúil Uimhir 583 de 2015 maidir leis an dícheall cuí a theastaíonn d’institiúidí airgeadais na hÉireann i leith CRS.
Tá treoracha foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le feidhmiú an CRS in Éirinn in Implementation of CRS, le treoir ar an gcaoi le réimsí áirithe i dtuairisceáin CRS a chomhlánú. Féach liosta na ndlínsí rannpháirteacha in Éirinn in participating jurisdictions for CRS.
Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú?
Ní mór d’institiúidí airgeadais Éireannacha sonraí na gcuntas seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim faoi 30 Meitheamh gach bliain. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo a roinnt le dlínse cónaitheachta cánach an tsealbhóra cuntais faoi 30 Meán Fómhair gach bliain. Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a mhalartú, ach amháin nuair atá bunús dlíthiúil lena dhéanamh, agus is trí chainéil shlán leictreonacha a dhéantar é.
Cén chaoi a ndéantar tuairisceán CRS a thíolacadh?
Ní mór d'institiúidí airgeadaid Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe CRS. Mura bhfuil teacht agat ar ROS, ní mór duit clárú mar eintiteas tuairiscithe. Féadtar é seo a dhéanamh ach Reporting Entity Registration Form a chomhlánú. Más gníomhaire thú atá ag déanamh ionadaíochta ar eintiteas tuairiscithe, féadtar do chliant a chlárú trí ROS. Ón uair atá tú cláraithe mar eintiteas tuairiscithe, beidh tú in ann teacht ar ROS agus clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe CRS. Féadfaidh tú ansin na tuairisceáin CRS a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS. Féach an CRS agus na Filing Guidelines for DAC2-Common Reporting Standard (CRS) le haghaidh tuilleadh eolais i dtaca le formáid do thuairisceáin CRS.
Féach Filing Guidelines for DAC2-Common Reporting Standard (CRS) le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcaoi:
- le clárú mar eintiteas tuairiscithe
- le clárú le haghaidh oibleagáid tuairiscithe
- tuairisceán a thíolacadh.
Ar aghaidh: Cé na cineálacha institiúidí airgeadais a thuairiscíonn do na Coimisinéirí Ioncaim?