Twitter

Na Coimisinéirí Ioncaim: Polasaí Twitter

Leagtar amach sa cháipéis seo mar a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim Twitter, seirbhís teachtaireachta saor in aisce de chuid Twitter. 

Ár gCuspóirí Twitter

  • nuacht agus faisnéis ghinearálta na gCoimisinéirí Ioncaim a roinnt a baint úsáide as bealaí cumarsáide atá ar fáil go héasca 
  • feasacht faoi theidlíochtaí agus oibleagáidí a mhéadú
  • feasacht faoi na Coimisinéirí Ioncaim, agus faoi ghnóthaí Ioncaim agus custaim go ginearálta a mhéadú.

Ábhar

Má leanann tú an cuntasTwitter@RevenueIE  is féidir leat a bheith ag súil le tuíteáil rialta maidir le gnóthaí Ioncaim agus custaim na hÉireann, lena n-áirítear:

  • preasráitis
  • an nuacht is déanaí
  • foilseacháin
  • nuashonrúcháin Ioncaim
  • feachtais phoiblíochta agus mar sin de.

Príobháideachas agus Slándáil 

Is é Twitter a dhéanann óstáil ar chuntas Twitter na gCoimisinéirí Ioncaim. Ba chóir duit  polasaí príobháideachais Twitter a léamh. Is ar do phriacal féin a ghlacfaidh tú páirte, agus beidh freagracht phearsanta ort as ábhar do chuid tuíteanna.

Ní phléann na Coimisinéirí gnóthaí Ioncaim cháiníocóirí aonair ar Twitter. Ní ghlacann muid le tuíteanna mar fhógraí maidir le do ghnóthaí Ioncaim. Ní chuireann muid fógraí faoi aisíocaíochtaí Ioncaim amach ar Twitter. Ní iarrfaidh muid ort faisnéis phearsanta, rúnda nó íocaíochta a nochtadh trí shuíomhanna meáin shóisialta ar nós Twitter. Má fhaigheann tú a leithéid de theachtaireacht, ná freagair í - ní ó na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh sí agus d’fhéadfadh sí a bheith mailíseach. 

Tá breis eolais ar fáil ar ár leathanach Slándála.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim go láidir duit gan aon rud pearsanta fút féin ná faoi aon duine eile a chur i dtuít. Ní ceart duit sonraí aon ghnóthaí airgeadais a phlé ar Twitter, ná aon sonraí pearsanta a thabhairt. Ní ceart duit riamh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhir PSP), seoladh ríomhphoist, sonraí bainc ná aon fhaisnéis phearsanta eile a thabhairt i do chuid tuíteanna.

@replies agus Teachtaireachtaí  Díreacha

Léifidh na Coimisinéirí Ioncaim @replies agus Teachtaireahta Díreacha. Déanfar monatóireacht ar théamaí atá ag teacht chun cinn nó ar mholtaí cuidiúla agus gníomhófar dá réir mar is cuí. Ní thabharfar freagra ó na Coimisinéirí Ioncaim áfach ar @replies nó ar Theachtaireachtaí Díreacha. Más mian leat a thuilleadh eolais a fháil faoi na Coimisinéirí Ioncaim, faoi chánacha nó faoi chustaim, bain úsáid le do thoil as  revenue.ie.

Más gá duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim téigh chuig ár leathanach Sonraí Teagmhála.

Lucht Leanúna

Má leanann tú @RevenueIE, ní bheimid do do leanúint féin go huathoibríoch. Má chinnimid cuntas Twitter a leanúint ní sé iontuigthe as sin go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim ag tacú leis an gcuntas. Bainfear leantóir amach nó cuirfear bac air nó uirthi má bhíonn ábhar míchuí nó maslach á chur i dtuíteanna ag an leantóir sin.

Infhaighteacht

De ghnáth beidh nuashonrú á dhéanamh againn ar ár gcuntas Twitter le linn uaireanta oifige amháin, ón Luan go dtí an Aoine.

Ó am go ham d’fhéadfadh sé nach mbeadh Twitter ar fáil. Ni féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith freagrach as easpa seirbhíse mar gheall ar aga neamhfhónaimh Twitter.