An chairt um sheirbhísí do chustaiméirí

Gearáin, athbhreithniú agus achomharc

Tá nósanna imeachta cuimsitheacha ann maidir le gearáin agus achomhairc ar féidir lenár gcustaiméirí uile leas a bhaint astu. Molaimid duit leas a bhaint astu má tá tú míshásta ar chúis ar bith leis an tseirbhís a fhaigheann tú uainn.

Tabhair do d’aire:

  • má dhéanann tú gearán, go ndéileálfaidh na Coimisinéirí leis go pras, neamhchlaonta agus faoi rún
  • nach chun aimhleas do chearta ceisteanna a ardú lena bhfuil thíos é leas a bhaint as nósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um ghearáin:
    • an tOmbudsman
    • an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, nó faoin Acht um Míchumas
    • achomharc a dhéanamh chuig na Coimisiún um Achomhairc Chánach , mar is iomchuí
  • Tá Beartas i bhfeidhm freisin ag na Coimisinéirí chun déileáil le hIompar Míréasúnta ó Ghearánaigh.

Tá sonraí iomlána ar fáil An chaoi le gearán a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.