Comhairle thábhachtach faoin mBreatimeacht curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim do chomhlachtaí iompair agus dá dtiománaithe

Inniu (04/04/2019), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil céim nua tosaithe acu le trádálaí agus gnóthaí a d’fhéadfadh a bheith ag bogadh earraí ó, chuig agus tríd an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta. Tá an t-eolas is déanaí seo ó na Coimisinéirí Ioncaim thar a bheith tábhachtach ó thaobh cabhrú le tiománaithe trucaile brú tráchta agus moilleanna a sheachaint agus iad ag teacht isteach agus ag bogadh amach as calafoirt na hÉireann.

Ón Aoine(05/04/2019) ar aghaidh beidh Oifigigh Custam ag caint le agus ag cur eolas ar fáil do thiománaithe trucaile i gCalafort Bhaile Átha Cliath agus i gCalafort Ros Láir chun a chinntiú go bhfuil tuiscint acu faoin tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar a gcuid turas. Beidh Oifigigh Custam ag caint le tiománaithe trucaile agus iad ag fanacht chun dul ar bord an bháid farantóireachta, agus chomh maith leis sin beidh siad ar fáil ar bord roinnt seoltaí.

Tá Oifigigh Custam ar fáil chun cabhrú le tiománaithe a bhfuil ceisteanna acu nó atá buartha faoi cibé a bheidh le déanamh acu i ndiaidh an Bhreatimeachta agus chun tuiscint a thabhairt dóibh faoi na hathruithe a bheidh i ndán dóibh agus iad ag taistil trí Chalafoirt na hÉireann.

Agus í ag trácht ar an gcéim nua seo, dúirt Ceannasaí Aonad Breatimeachta na gCoimisinéirí Ioncaim, Lynda Slattery

'tá sé ríthábhachtach go bhfuil eolas agus tuiscint ag tiománaithe trucaile faoin méid a bheidh le déanamh acu agus an páipéarachas a bheidh orthu a chur ar fáil agus iad á seiceáil isteach roimh dhul ar bord an bháid farantóireachta. Cinnteoidh sé seo go mbeidh trucailí in ann taistil trí na calafoirt leis an méid is lú cur isteach agus moilleanna. Mura bhfuil na doiciméid chuí ag an tiománaí trucaile, ní bheidh cead aige nó aici dul ar bhord an bháid farantóireachta, agus d’fhéadfadh moill shuntasach a bheith i ndán dóibh'.

Ina theannta sin, dúirt Lynda Slattery

'Is rud ríthábhachtach é do thiománaithe atá ag teacht go hÉirinn ar bháid farantóireachta a bheith ar an eolas faoin áit ar gá dóibh dul más rud é gur gá do Chustaim na hearraí atá á n-iompórtáil acu a sheiceáil. Ní mór do thiománaithe seiceáil an bhfuil siad saor leis an gcalafort a fhágáil nó an bhfuil orthu teagmháil a dhéanamh le Custaim. Is féidir an tseiceáil seo a dhéanamh go sciobtha ar revenue.ie/roro, 20 nóiméad roimh thabhairt le balla. Tá bileog shoiléir chabhrach curtha ar fáil againn ina leagtar amach an bealach a oibreoidh an próiseas'.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag iarraidh béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le hullmhúcháin le haghaidh an Bhreatimeachta do chomhlachtaí iompair agus a gcuid tiománaithe.

'Tá sé tábhachtach a bheith airdeallach faoi na nósanna imeachta agus riachtanais atá ann le haghaidh earraí a iompar go dtí, ó nó tríd an Ríocht Aontaithe i ndiaidh an Bhreatimeachta. Laghdóidh sé seo an riosca a bheadh ann tionchar dáiríre agus substaintiúil a bheith ar do chomhlacht agus do thiománaithe, agus cinnteoidh sé go leanfaidh an tsaorghluaiseacht do chuid mhaith d’earraí trínár gcalafoirt’

a dúirt Lynda Slattery.

[Críoch 04/04/2019]