Beagnach 3 milliún toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ar luach €1.6 milliún i gCill Dara

Inné (03/04/2019), le linn cuardach ar áitreabh, faoi bharántas, i mbaile fearainn an Halla Nua i gCo. Chill Dara, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí 2.9 milliún toitín smuigleáilte.

Ba é an branda ‘NZ’ a bhí ar na toitíní, a tháinig ón mBealarúis agus costas miondíola os cionn €1.6 milliún orthu, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil tuairim is €1.3 milliún don Státchiste. Rinneadh an ghabháil le linn oibríocht a stiúradh mar chuid den Tascfhórsa Comh-Ghníomhaíochta Trasteorann.

Ceistíodh fear sna seascaidí agus tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Inniu (04/04/2019), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 500g de channabas luibhe ar luach measta sráide de €10,000, le linn cuardach ar theach, faoi bharántas, sa Chúlóg.

Rinneadh an ghabháil, a bhí mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus Gardaí ón Aonad Roinne Drugaí i Stáisiún Ghardaí na Cúlóige agus an Biúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe. Ghabh na Gardaí fear 22 bliain d’aois agus tá sé á choinneáil i Stáisiún Gardaí Leamhcáin, faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996. Tá imscrúduithe ar bun.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar dhrugaí mídhleathacha, agus ar dhíol agus soláthar táirgí tobac sa scáthgheilleagar.

Íocann an chuid is mó de dhaoine an tsuim cheart cánach agus dleachta. Má tá aon eolas ag gnóthais nó ag an bpobal faoi thoitíní nó táirgí tobac á smuigleáil nó a ndíol, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir theileafóin faoi rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 04/04/2019]