Gabhálacha de chuid na Coimisinéirí Ioncaim

Inné (04/06/2019 ), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 1.15kg de channabas luibhe i gCalafort Bhaile Átha Cliath ar luach measta sráide de €23,000. Rinneadh an brath le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Robbie, nuair a stop oifigigh paisinéir coise a bhí ag taisteal ó Holyhead na Breataine Bige. Gabhadh fear agus tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Le linn gnáthoibríocht eile inné (04/06/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim coileán tarbh-bhrocaire crosphóraithe 9 mí d’aois nuair a rinne siad fear sna caogaidí a bhí ag taisteal go dtí an Ríocht Aontaithe a stopadh agus a cheistiú. Ní raibh pas peata ag an bhfear don choileán, de réir mar a iarrtar faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013.

Aistríodh an coileán agus cuireadh faoi chúram an DSPCA é, áit a bhfuil aire tréidliachta á fháil aige agus tá imscrúdú leantach ar bun anois.

Déanann na Coimisinéirí Ioncaim comhoibriú dlúth leis an DSPCA agus le comhlachtaí eile chun dul i ngleic leis an trádáil neamhdhleathacha coileán.

Dé Luain (03/06/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 6kg de channabas luibhe ag Ionad Phoist Phort Laoise ar luach measta sráide de €120,000.

Aimsíodh na drugaí mídhleathacha in ornáid snoite adhmaid ceilte a tháinig ón Téalainn a bhí dearbhaithe mar ‘bronntanas pósadh’ a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i mBaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar smuigleáil. Má tá aon eolas agat faoi smuigleáil, déan teagmháil le beolíne faoi rún de chuid na Coimisinéirí Ioncaim 1800 295 295.

[CRÍOCH 04/06/2019]