Cannabas luibhe, tobac, toitíní agus airgead tirim gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath agus i bPort Laoise

Inné (06/06/2019), mar thoradh ar oibríochtaí rialta, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 25kg de channabas luibhe ag Ionad Poist Phort Laoise ar luach measta sráide de €500,000. Aimsíodh na drugaí le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Robbie, nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar lastas a tháinig ó Almería na Spáinne.

Inné (06/06/2019), le linn gnáthoibríocht eile agus mar thoradh ar phróifíliú rialta, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 3.4kg de channabas luibhe ar luach mheasta sráide €68,000 ag Ionad Poist Phort Laoise. Aimsíodh na drugaí taobh istigh de dhá phacáiste, le lipéid ‘yoga cushions’ ar bheart amháin agus ‘herbal tea’ ar bheart eile. Bhí na drugaí beartaithe le haghaidh seoltaí i mBaile Átha Cliath agus Tiobraid Árann.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Rinne oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim roinnt gabhálacha le seachtain anuas le linn sraith oibríochtaí in Aerfort Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear:

  • 2kg de channabas luibhe a ghabhadh ó Polannach fir 38 bliain d’aois a bhí ag teacht ó Dubai. Bhí luach mheasta sráide de €40,000 ar na drugaí. Ghabh na Gardaí an fear agus tugadh os comhair na Cúirte Cuarda é, áit ar cuireadh siar faoi choinneáil é go dtí an 3 Iúil 2019 nuair a cuirfear pianbhreith air.
  • 20kg de thobac agus 7,000 toitín gafa ó bheirt phaisinéirí Éireannacha a bhí ag taisteal ó Lanzarote. “Amber Leaf” an branda a bhí ar an tobac, agus ba é “Benson & Hedges” an branda a bhí ar na toitíní. Bhí luach mheasta sráide de €14,800 orthu, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil tuairim is €12,800.
  • Ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim suim airgid thirim de €15,571 (lena n-áirítear Euro, Steirling agus Dollar na Stát Aontaithe) a chreidtear gur fáltais ó choireacht é, ó thriúr paisinéirí fir a bhí ag taisteal go Nua Eabhrac. Tugadh ordú coinneála airgid thirim d’oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh imscrúduithe a chur i gcrích. 

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí agus smuigleáil. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fhóin faoi rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 07/06/2019]