Canabas luibhe ar luach €18,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

Inné (08/07/2019), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 900g de chanabas luibhe agus cuardach faoi bharántas ar mhaoin chónaithe in Inis Córthaidh, Co Loch Garman ar bun acu. Bhí luach mheasta sráide de €18,000 ar na drugaí neamhdhleathacha.

Bhí an oibríocht seo faoi stiúir ag na Coimisinéirí Ioncaim, an Biúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe agus Gardaí ón Aonad Drugaí agus Bleachtaire an Gharda Síochána Inis Córthaidh.

Ghabh na Gardaí Éireannach fir 31 bliain d’aois agus tá sé á choinneáil faoi láthair i Stáisiún Gardaí Inis Córthaidh, faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

Tá imscrúduithe ar bun.

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomh-imscrúduithe leanúnacha a dhíríonn ar ghrúpaí eagraithe coiriúla. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295. 

[Críoch 09/07/2019]