Cannabas luibhe ar luach €90,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Aerfort na Sionainne

Dé hAoine seo caite (08/02/2019), le linn gnáthoibríocht ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 4.5kg de channabas luibhe in Aerfort na Sionainne ar luach measta sráide de €90,000.

Aimsíodh na drugaí agus iad folaithe taobh istigh de phacáiste agus lipéad ‘éadach’ air. Ba ón Spáinn a tháinig siad. Bhí na drugaí beartaithe le haghaidh seoladh i gContae Cheatharlach.

Tá imscrúduithe ar bun.

Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 11/02/2019]