Gabhann na Coimisinéirí Ioncaim breis agus 27,000 toitín i gCalafort Ros Láir

Inniu (13/05/2019), mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 27,360 toitín i gCalafort Ros Láir. Aimsíodh na toitíní le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Gus, nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar fheithicil cláraithe in Éirinn a tháinig go Ros Láir ó Cherbourg na Fraince.

Tá luach measta miondíola de bhreis agus €17,000 ar na toitíní neamhdhleathacha den bhranda ‘Marlboro Gold’ agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de bheagnach €14,000 don Státchiste.

 Ceistíodh Éireannach fir sna tríochaidí. Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol táirgí tobac sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 13/05/2019]