Táirgí tobac agus carr gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gContae Loch Garman

Inniu (15/03/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 7,800 toitín neamhstampáilte, 20kg de thobac agus carr nuair a rinne siad cuardach, faoi bharántas, ar áit chónaithe phríobháideach in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman.

Tá luach measta miondíola in éineacht de bhreis agus €16,500 ar na toitíní neamhdhleathacha den bhranda ‘Excellence’ agus ‘Winston’ agus an tobac den bhranda ‘Amber Leaf’ agus ‘Virginia’,agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de bheagnach €13,500 don Státchiste. Cheistigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim Liotuánach fir sna daichidí agus tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar agus díolacháin táirgí tobac neamhdhleathacha. Más eol duit go bhfuil duine páirteach in imghabháil cánach nó smuigléireacht, bí cinnte é a thuairisciú. Déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an líne Saorghlao Rúnda 1800 295 295.

[CRÍOCH 15/03/2019]