Déanann na Coimisinéirí Ioncaim a rannpháirtíocht le gnóthaí i dtaobh an Bhreatimeacht a threisiú

Inniu, (16/07/2019), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil siad chun clár rannpháirtíochta treisithe ar an mBreatimeacht a ghlac mar chúram in éineacht le gnóthaí a dhéanann trádáil leis an Ríocht Aontaithe le linn na hocht seachtaine atá amach romhainn.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim le díriú ar cabhair agus tacaíocht a thabhairt do na gnóthaí a mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht orthu láithreach, ón tráth a dtarlaíonn sé. Tá litreacha á eisiúint do thrádálaithe, ar bhonn céimnithe, a leagann amach na céimeanna is tábhachtaí a mbeidh orthu tógáil chomh maith le clárúchán custam a bheith agat, ar a dtugtar an Córas um Chlárú agus Aithint Oibreoirí Eacnamaíochta (EORI) de ghnáth.

Agus í ag trácht ar rannpháirtíocht is déanaí na gCoimisinéirí Ioncaim le gnóthaí maidir leis an mBreatimeacht, dúirt Ceannasaí Aonad Breatimeachta na gCoimisinéirí Ioncaim, Lynda Slattery,

‘Tá ár rannpháirtíocht le gnóthaí atáimid ag tuar go mbeidh tionchar ar an mBreatimeacht orthu á dtreisiú againn. Anuraidh, scríobh na Coimisinéirí Ioncaim chuig tuairim is 84,000 gnóthaí ar dóigh go mbeidh tionchar ar an mBreatimeacht orthu bunaithe ar phróifílí trádála do 2017. Tá sonraí trádala le haghaidh 2018 againn anois agus táimid ag scríobh amach arís chun tacaíocht agus treoir a chur ar fáil do ghnóthaí agus iad ag ullmhú chun trádáil a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta. I gcás roinnt gnóthaí, beidh sé seo mar an dara chomhfhreagras díreach, sonraithe a mbeidh faighte acu ó na Coimisinéirí Ioncaim maidir lena n-ullmhúcháin le haghaidh an Bhreatimeachta. I gcás na gnóthaí sin nach raibh ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe go dtí 2018, tá eolas ríthábhachtach sna litreacha seo maidir leis na céimeanna ullmhúcháin a bhfuil gá orthu a thógáil le cinntiú nach mbeidh aon cur isteach ar a ngnóthaí fhéin nuair a fhágann an Ríocht Aontaithe an AE.’

Níl sna litreacha seo ach gné amháin de rannpháirtíocht chuimsitheach na gCoimisinéirí Ioncaim le gnóthaí i ndáil le hullmhacht i leith an Bhreatimeacht. Mar thoradh ar an réimse thionscnaimh geallta mar chuid de chlár rannpháirtíochta na Coimisinéirí Ioncaim le trádálaithe, tá méadú tagtha ar an líon gnóthaí a bhfuil uimhir EORI acu. I 2018, bhí méadú 15% ar líon na gclárúcháin EORI, agus tá uimhir EORI faighte ag níos mó ná 7,000 gnóthaí i 2019 go dtí seo. 

Ag trácht ar an méadú atá tagtha ar chlárúcháin le haghaidh uimhir EORI, mhínigh Ms Slattery,

‘tá táscairí soiléire ann go bhfuil na gnóthaí atá an trádáil is mó á dhéanamh acu, i dtéarmaí luacha, ag ullmhú go gníomhach le haghaidh an Bhreatimeachta agus go bhfuil an chéad chéim criticiúla tógtha acu trína n-uimhir EORI a fháil. Má tá tú mar cheann de na gnóthaí nach bhfuil EORI faighte go fóill agat, déan cinnte nach bhfuil do ghnó faoi mhíbhuntáiste, tóg an chéad chéim agus cur isteach ar EORI anois. Ach ná stop ansin, tá tuilleadh saincheisteanna criticiúla a bhfuil ort a mheas chun do ghnó a chumhdach.’

Dóibh siúd a bhfuil a n-ullmhúcháin tosaithe acu, dúirt Ms Slattery,

‘Tá sé soiléir dúinn go raibh 85% den trádáil iompórtáilte leis an Ríocht Aontaithe i 2018 déanta ag gnóthaí a bhfuil uimhir EORI acu. I gcás gnóthaí a mbuailfidh an Breatimeacht go mór iad, mar sin, tá siad ag gníomhú i leith ár gcomhairle a bheith ullmhaithe.

‘I gcás na heaspórtálacha, tá an phictiúr céanna le feiceáil, le 84% den trádáil easpórtáilte déanta ag na gnóthaí a bhfuil uimhir EORI acu anois.

‘De réir ár sonraí áfach, léirítear go bhfuil os cionn 3,000 gnóthaí a bhfuil luach trádála acu leis an Ríocht Aontaithe os cionn €100,000, agus i gcásanna áirithe níos mó ná €1 milliún fós le huimhir EORI a fháil. Tá inmharthanacht fhadtéarmach na gnóthaí dá leithéid sin á chur i mbaol mura n-ullmhaíonn siad le haghaidh an Bhreatimeachta. Tá sé ríthábhachtach go ndéanann gnóthaí dá leithéid sin beart gan mhoill, ós rud é go bhfuil roinnt ghnóthaí tar éis gníomhaíocht a dhéanamh cheana. Cabhróidh teagmháil a bheith agat leis na Coimisinéirí Ioncaim agus na tacaí eile atá ar fáil chun na rioscaí a chuireann an Bhreatimeacht ar fáil a mhaolú.’

Bunaithe ar an t-eolas is déanaí atá ar fáil, meastar nach bhfuil 33% de ghnóthaí sa trádáil mórdhíola agus miondíola, agus 15% de ghnóthaí sa tionscal tógála a dhéanann trádáil nó a cheannaíonn soláthairtí ar bhonn ad-hoc ón Ríocht Aontaithe, tar éis cur isteach le haghaidh uimhir EORI.

D’ainneoin na bhfigiúirí shólásach de ghnóthaí le trádáil shuntasach a bhfuil uimhir EORI acu cheana, mhol Ms Slattery go láidir do na ghnóthaí sin nach bhfuil cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim do chustaim go fóill gníomhú anois,

‘táimid ag iarraidh ár gcomhairle a chur i gcuimhne do na ghnóthaí a bhfuil fágtha san 15% den trádáil iompórtáil agus easpórtáil de réir luach nach bhfuil tar éis teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh anois. Féadfaidh sé nach bhfuil i gcuid de na hidirbhearta seo ach eachtraí aonuaire nó trádáil neamhchoitianta leis an Ríocht Aontaithe agus féadfaidh sé nach mbeifear ag súil go dtiocfaidh idirbhirt agus trádáil dá leithéid aníos tar éis an Bhreatimeachta. Leis an gcur isteach is lú i leith trádáil a chinntiú roimh teacht an 31 Deireadh Fómhair áfach, ba chóir do ghnóthaí gníomhú anois.

‘Má dhéanann tú trádáil leis an Ríocht Aontaithe, cuirfidh an Bhreatimeacht isteach ar do ghnó cinnte. Beidh gá do gach gnóthaí a bhfuil ag trádáil, nó a bhfuil sé i gceist acu trádáil a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeacht uimhir EORI a bheith acu. Is próiseas simplí agus saor ar líne é EORI a fháil atá ar fáil ar bhonn 24 uair an chloig. Nuair a chláraíonn gnóthaí le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an iarratas EORI a phróiseáil i dtuairim agus 3 nóiméad.’

Thug Ms Slattery an rabhadh

‘Níl san uimhir EORI a bheith agat ach an chéad chéim le trádáil a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta. Ba chóir do gach gnóthaí an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad freisin:

  • an áis le dearbhuithe custaim a dhéanamh nó socruithe a bheith agat le gur féidir le gníomhaire custaim é a dhéanamh
  • bíodh a fhios agat bunús agus Cód Tráchtearra d’earraí nó do tháirgí, agus
  • labhair leis an duine a iompraíonn earraí nó táirgí an ghnóthaí le cinntiú go bhfuil an t-eolas nua a theastaíonn uathu acu.”

Molaim go láidir go gach gnóthais a fhaigheann litir um ullmhúcháin don Bhreatimeacht ó na Coimisinéirí Ioncaim sna seachtainí beaga romhainn glac lenár gcomhairle agus déan tú féin a ullmhú chomh maith agus is féidir leat le haghaidh an Bhreatimeacht.’

Tá an t-eolas a leagtar amach sa preasráiteas seo bunaithe ar eolas níos mionsonraithe a bhfuil san áireamh i Notes for the editor.

[Críoch 16/07/2019]