Níos mó ná milliún toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath

Mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí Déardaoin (14/03/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 1 milliún toitín smuigleáilte i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

Le cúnamh ó mhadra brathadóra na gCoimisinéirí Ioncaim, Kelly, agus scanóir x-ghathach móibíleach na gCoimisinéirí Ioncaim, tháinig na hoifigigh ar na toitíní neamhstampáilte nuair a rinne siad scrúdú ar lasta a tháinig isteach go Calafort Bhaile Átha Cliath ó Rotterdam na hÍsiltíre.

Tá luach miondíola beagnach €500,000 ar na toitíní, den bhranda Marlboro, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de €422,000 don Státchiste.

Tá imscrúduithe leanúnacha ar siúl.

Íocann an chuid is mó de dhaoine an cháin agus an dleacht cheart. Más eol duit go bhfuil duine páirteach in imghabháil nó smuigléireacht, bí cinnte é a thuairisciú. Déan teagmháil le huimhir Rúnda na gCoimisinéirí Ioncaim ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 16/03/2019]