Revenue seizes drugs in Dublin and Portlaoise Mail Centres worth almost €40,000

Inniu (22/03/2019 ), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 1kg de channabas luibhe ar luach measta sráide de €20,000. Bhí an cannabas a aimsíodh, le cabhair ó bhrathadóir madra na Coimisinéirí Ioncaim, Robbie, ceilte i bpacáiste a tháinig ó Cheanada agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i dTuaisceart Éireann.

Dé Máirt (19/03/2019), mar thoradh ar ghnáthphróifíliú, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in Ionaid Phoist Phort Laoise 0.75kg de channabas luibhe. Aimsíodh na drugaí mídhleathacha, ar luach measta sráide de €15,000, i bpacáiste ceilte ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i mBaile Átha Cliath. Bhí an lipéad 'Ornáid’ ar an pacáiste.

In oibríocht eile inné (19/03/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in Ionaid Phoist Phort Laoise 8.95kg de chát ar luach measta sráide de €4,475. Aimsíodh an cát i bpacáiste le lipéid ‘Spíosraí’ air a tháinig ón gCéinia agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i mBaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthais nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[Críoch 22/03/2019]