Toitíní gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ó árthach lasta cláraithe i bPanama

Tráthnóna inné (25/03/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 58,000 toitín agus 1.45kg de thobac píopa le linn cuardach a dhéanamh ar árthach lasta, atá cláraithe i bPanama, agus a tháinig isteach i gCalafort Belview, Port Láirge ó Ceuta na Spáinne. Táirgí tobac de bhrandaí amhail ‘L&M’, ‘ASOS’ agus ‘NAKHLA’ a bhí iontu agus is ionann a luach measta miondíola de bhreis agus €35,100 agus caillteanas poitéinsil tuairim is €27,700 don Státchiste. Ceistíodh Siriach fir sna tríochaidí maidir leis an ngabháil.

Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar agus díol táirgí neamhdhleathacha tobac. Má tá aon eolas ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[Críoch 26/03/2019]