Airgead tirim agus alcól gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCathair na Gaillimhe

Inniu (28/11/2019) ag Cúirt Dúiche an Chlocháin, bhronn an Breitheamh John King ordú coinneála airgid trí mhí ar oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Bhí sé seo mar thoradh ar ghabháil a rinneadh inné (27/11/2019) ar bheagnach €11,800 le linn cuardaigh, faoi bharántas, ar mhaoin chónaithe i gCathair na Gaillimhe.

Le linn na hoibríochta, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 809 lítir alcóil mar gheall nárbh fhéadfaí cruthúnas ar dhleacht íoctha a chur ar fáil. Tá luach measta miondíola de bheagnach €3,500 ar an alcól agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de thuairim is €1,600 don Státchiste.

Ceistíodh bean sna tríochaidí agus fear sna seascaidí.

Tá fiosrúchán fós ar siúl.

Rinneadh an oibríocht seo, a bhí bunaithe ar fhaisnéis, le cabhair ón nGarda Síochána agus tá sé mar chuid d’obair leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus ar ghníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 28/11/2019]