Drugaí gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Ionaid Phoist Phort Laoise ar luach €59,000

Inniu (24/01/2020), mar thoradh ar phróifíliú rialta, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 118kg de CHÁT ag Ionad Poist Phort Laoise ar luach measta sráide de €59,000. Bhí na drugaí ar fad, a tháinig ón Aetóip ar dtús, folaithe taobh istigh de phacáistí nach raibh aon ábhar dearbhaithe orthu agus a raibh beartaithe le haghaidh seoltaí éagsúla i mBaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fhóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 24/01/2020]