Aisíocaíochtaí cánach le linn COVID-19

Aisíocaíochtaí préimheanna árachais cúraim leighis

Mar thoradh ar COVID-19, d'fhéadfadh sé gur eisigh roinnt soláthraithe cúraim leighis phríobháidigh aisíocaíochtaí préimheanna árachais leighis do:

  • fhostóir
  • fhostaí
  • shealbhóir aonair polasaí a d’íoc as an bpolasaí go pearsanta.

Rinneadh neamhaird ar Fhaoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) chun críocha an méid thíos. Cuireadh na gnáthnósanna imeachta éilimh i bhfeidhm maidir le cuntas fostaí agus fostóra ar luach an mhéid FCF leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Préimheanna íoctha ag an bhfostóir

Aisíocaíochtaí a dhéantar leis an bhfostóir

Sa chás go bhfuair an fostóir aisíocaíocht ar an bpréimh árachais leighis, feidhmeofar an méid seo a leanas:

  • laghdaíodh an tsuim atá faoi réir an tsochair comhchineáil chun luach comhlán nua an pholasaí árachais a léiriú
  • bhí an fostóir i dteideal asbhaint faoi Sceideal D, Cás I/II de réir shuim laghdaithe an pholasaí.

Aisíocaíochtaí roinnte idir an fostóir agus an fostaí

Sa chás go raibh aisíocaíocht na préimhe árachais leighis roinnte idir an fostóir agus an fostaí:

  • laghdaíodh an tsuim atá faoi réir an tsochair comhchineáil chun luach comhlán nua an pholasaí árachais a léiriú
  • bhí aon aisíocaíocht a rinneadh le fostaí faoi réir an tSochair Chomhchineáil.

Bhí an fostóir i dteideal asbhaint faoi Sceideal D, Cás I/II de réir shuim laghdaithe an pholasaí

Préimh íoctha ag sealbhóir aonair polasaí

Sa chás go ndearnadh aisíocaíocht na préimhe árachais leighis le sealbhóir aonair polasaí, ní raibh an aisíocaíocht faoi dhliteanas cánach.