Lamháltais tíolacadh shealadacha a cuireadh i bhfeidhm in 2020

An Clár Faoisimh do Shannaí Speisialta (CFSS)

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an mbeart lamháltais seo ar an 31 Nollaig 2020. Ón 1 Eanáir 2021, ní mór gach foirm CFSS 1A a bheith tíolactha taobh istigh den tréimhse 90 lá ar an ngnáthbhealach.

Bhí síneadh ama curtha leis an dualgas tíolactha 90 lá chun fostaí a chláru le haghaidh Clár Faoisimh do Shannaí Speisialta (CFSS) in 2020.

Bhíothas ag súil leis gur chóir go tabharfaidh síneadh ama den chineál seo a dhóthain ama d’fhostóirí an tuairisceán iarrtha a thíolacadh. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cúinsí eisceachtúla a bhreithniú ar bhonn cás ar chás.