Lamháltais shealadacha a rinneadh d'fhaoisimh agus díolúintí

Faoiseamh Gnó ó Cháin Fáltas Caipitiúil

Déantar Faoiseamh Gnó a aisghlámadh sa chás go scoireann gnó de bheith ag trádáil laistigh de 6 bliana ó bhronntanas nó oidhreacht.

Bhí lamháltas sealadach ó na forálacha aisghlámtha i bhfeidhm nuair a scoir gnólacht de thrádáil go sealadach mar gheall ar shrianta COVID-19.

De réir mar a tháinig deireadh le srianta COVID-19 go léir (lasmuigh d'ospidéil agus de shuíomhanna leighis) le linn 2022, níl feidhm ag an lamháltas a thuilleadh.

Ar aghaidh: Faoiseamh d'Oibrithe Trasteorann