Lamháltais shealadacha a rinneadh d'fhaoisimh agus díolúintí

Faoiseamh sealadach ó Cháin Ioncaim do dhaoine féinfhostaithe

Tugadh isteach bearta Cánach Ioncaim sealadacha chun cabhrú le daoine féinfhostaithe, i mbun trádála nó gairme, a raibh tionchar diúltach ag na srianta COVID-19 orthu. Áirítear leo seo:

  • faoiseamh ó chaillteanais agus liúntais chaipitiúla áirithe do dhaoine aonair atá i mbun trádála nó gairme
  • éirí as meánú ioncaim d’fheirmeoirí ar bhonn sealadach.

Faoiseamh i leith caillteanais agus liúntais chaipitiúla áirithe

Lig an lamháltas seo caillteanais agus liúntais chaipitiúla neamhúsáidte áirithe, a thabharfaí ar aghaidh de ghnáth, a thabhairt siar.

D'fhéadfá caillteanais agus liúntais áirithe a thabhairt siar ó 2020 go dtí an bhliain mheasúnaithe 2019. (I leith brabúis na trádála nó na gairme céanna agus ar tharla na caillteanais ina leith.) Rinneadh é seo chun an méid Cánach Ioncaim iníoctha ar do bhrabúis do 2019 a laghdú.

Ba iad seo a leanas na liúntais chaipitiúla shonraithe:

  • liúntas i leith caitheamh agus cuimilt ar ghléasra agus innealra
  • liúntas síos-scríofa i leith foirgnimh agus struchtúir thionsclaíocha
  • liúntas i leith foirgnimh agus struchtúir feirme.

Srian

Bhí srian €25,000 ar an tsuim iomlán a d'fhéadfá a thabhairt siar.

Más rud é:

  • go raibh níos mó ná trádáil amháin agat, ní mór an srian €25,000 a chur i bhfeidhm ar an ioncam trádála iomlán nó gairmiúil. (Ní €25,000 in aghaidh na trádála atá ann.)
  • go raibh tú faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh, bhí srian €25,000 ag an mbeirt agaibh le haghaidh bhur n-ioncam trádála nó gairmiúil féin.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go raibh tú faoi réir an tSriain ar Shaothraithe Ardioncaim. i leith 2019. Má bhí, tugadh an faoiseamh seo tar éis aon fhaoisimh eile atá tú i dteideal a fháil do 2019.

An faoiseamh a bhrostú

D'fhéadfá éilimh eatramhacha a dhéanamh bunaithe ar shuim mheasta an fhaoisimh atá ar fáil duit.

Sa chás gur bhain an t-éileamh eatramhach le caillteanais a thabhaítear nó liúntais shonraithe a éilíodh sna tréimhsí seo a leanas:

  • sa bhliain mheasúnaithe 2020, ní fhéadfaí an t-éileamh a dhéanamh tar éis an 31 Bealtaine 2021.
  • sa bhliain mheasúnaithe 2021, ní fhéadfaí an t-éileamh a dhéanamh:
    • go dtí tar éis na gcéad cheithre mhí den bhonn-tréimhse do 2021. Mar shampla, i gcás gurbh é an 1 Lúnasa 2020 go dtí an 31 Iúil 2021 an bhonn-tréimhse, ní fhéadfaí an t-éileamh a dhéanamh go dtí an 1 Nollaig 2021.
    • tar éis 31 Bealtaine 2022.

Ní mór duit taifid a choinneáil chun a thaispeáint gur mheas tú an méid faoisimh ar feadh d’eolais agus do thuairime.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Comhlánaigh na réimsí cuí in ‘Faoiseamh i leith caillteanas foirceannaidh/faoiseamh COVID-19 (faoi Alt 395A agus/nó 304(3A))’ i do Thuairisceán Cánach Ioncaim 2019 (Foirm 11).

Éirí as meánú ioncaim d’fheirmeoirí ar bhonn sealadach

Tabhair do d’aire

Bhí sé seo ar fáil d’fheirmeoirí a d’fhéadfadh a bheith tar éis éirí as meánú ioncaim i gceann de na ceithre bliana cánach roimhe sin.

Bhí rogha ag feirmeoirí éirí as meánú ioncaim don bhliain chánach 2020.

Chun leas a bhaint as an rogha bhreise eirí as, ní mór an méid seo a leanas a bheith déanta agat:

  • an rogha chun eirí as an gcóras meánaithe go sealadach a bheith úsáidte agat i gceann de na ceithre bliana measúnaithe roimhe sin
  • agus
  • caillteanas a bheith agat sa tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Sa chás gur dearnadh rogha den chineál sin, ní féidir roghnú éirí as an gcóras meánaithe go ceann cúig bliana eile.

Ar aghaidh: Brostú sealadach ar fhaoiseamh ó Cháin Chorparáide i leith caillteanais