Lamháltais shealadacha a rinneadh d'fhaoisimh agus díolúintí

Faoiseamh d'Oibrithe Trasteorann

Féadfaidh sé go n-iarrtar ar fhostaí obair a dhéanamh ón mbaile sa Stát mar gheall ar shrianta COVID-19. Sa chás seo, féadfaidh sé go mbeidh duine aonair fós i dteideal éileamh a dhéanamh ar Fhaoiseamh d’Oibrithe Trasteorann.

Cuirfear an beart lamháltais seo i bhfeidhm i 2020 agus leanfar leis de bheith i bhfeidhm don bhliain chánach 2021 sa chás go n-iarrfaí ort:

  • obair a dhéanamh ón mbaile sa Stát mar gheall ar shrianta COVID-19
  • agus
  • gach ceann de choinníollacha eile an fhaoisimh a chomhlíonadh.

Cuireadh síneadh eile leis an mbeart lamháltais seo in 2022 don tréimhse a bhfuil ort obair ón mbaile mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • treoir sláinte poiblí a bhaineann leis an bpaindéim COVID-19 sa Stát
  • treoir sláinte poiblí a bhaineann leis an bpaindéim COVID-19 sa tír ina mbíonn na dualgais fostaíochta á comhlíonadh de ghnáth. 

Ar an 21 Eanáir 2022, d’fhógair an Rialtas plean do mhaoladh na srianta COVID-19. Faoin bplean seo, féadann fostaithe filleadh ar a n-ionad oibre ar bhonn céimnithe ón 24 Eanáir 2022. Ós rud é nach n-iarrann treoir sláinte poiblí ar fhostaithe obair ón mbaile ón dáta seo, níl bonn an lamháltais ann a thuilleadh.

Chun tacú le filleadh de réir a chéile fhostaithe ar a n-ionad oibre, ligfidh na Coimisinéirí Ioncaim d’fhostaithe an lamháltas a éileamh suas leis an 31 Márta 2022.

Ar aghaidh: Faoiseamh Seirbhísí Cúraim Leanaí